Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 13 Dec 2016

Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-22: An Roinn Oideachais agus Scileanna

Cuirfidh mé na miontuairiscí agus an gnó eile ar ceal. Tabharfaimid tús áite don toscaireacht atá os ár gcomhair. Ba mhaith liom fáilte Uí Cheallaigh a chur rompu go léir, go háirithe an Dr. Harold Hislop, atá mar phríomhchigire sa Roinn Oideachais agus Scileanna, Ms Breda Naughton, atá mar phríomhoifigeach sa Roinn, Mr. Martin Lally, atá mar phríomhchigire cúnta sa Roinn, agus Ms Treasa Kirk, atá mar chigire sinsearach sa Roinn. Táimid thar a bheith sásta go bhfuil siad os ár gcomhair leis an bpolasaí nua a phlé. Cuirim fáilte mhór roimh an bpolasaí, atá tar éis ardú meanman a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta. Bhí siad ag fanacht le fada le polasaí mar seo.

Ní mór dom a rá gur íorónta an scéal é go raibh an polasaí atá á phlé againn inniu foilsithe díreach i ndiaidh d'Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, cinneadh a dhéanamh deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post uachtarán na hollscoile. Tá sé níos íorónta fós nach bhfuil fiú ollamh ar bith ceaptha i Roinn na Gaeilge san ollscoil céanna, atá lonnaithe ar champas dátheangach i bpríomhchathair dátheangach na tíre taobh leis an nGaeltacht is mó sa tír. B'fhéidir gur chosúil nach bhfuil aon nasc idir an dá scéal, ach tá sé mar aidhm ag an bpolasaí seo an Ghaeilge a láidriú ón mbun aníos, agus sílim ag an am céanna go bhfuil sé práinneach í a láidriú ón mbarr anuas. B'fhéidir go mbeidh deis agam filleadh ar an bpointe seo níos déanaí. Beidh an cur i láthair againn i dtús báire, agus ansin beidh seans ag na Teachtaí agus na Seanadóirí ceisteanna a chur, ach roimhe sin iarraim ar an gCléireach ár ndualgais faoin reachtaíocht a leagadh amach.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urramú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chur siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Mar a deirim i gcónaí, ní mór dúinn bheith cúramach leis an méid atá á rá againn. Iarraim ar an Dr. Hislop labhairt leis an gcoiste.

Dr. Harold Hislop

Tá an-áthas orm agus ar mo chomhghleacaithe bheith anseo chun labhairt leis an gcoiste agus chun ceisteanna an choiste a fhreagairt mar gheall ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta. Mar atá ráite ag an gCathaoirleach, tá an príomhoifigeach, Ms Breda Naughton, an príomhchigire cúnta, Mr. Martin Lally, agus an cigire sinsearach, Ms Treasa Kirk, in éineacht liom inniu. Mórghné den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ón Rialtas is ea an polasaí seo a fhoilsiú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe, de réir mar a cheadaíonn acmhainní. Aithníonn an polasaí an ról atá ag scoileanna agus suíomhanna luathbhlianta chun oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a sholáthar agus chun úsáid na Gaeilge a chothú sa phobal Gaeltachta i gcoitinne. Glactar leis sa pholasaí go bhfuil dúshlán ar leith roimh scoileanna Gaeltachta chun oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.

Is í sprioc an pholasaí a chinntiú go bhfuil eispéireas oideachais d'ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge ar fáil do na daoine óga uile atá ina gcónaí i limistéir Ghaeltachta agus, ar an mbealach seo, tacú le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga na dteaghlach agus na bpobal Gaeltachta. Leagfar amach sa pholasaí conas a cuirfear tacaíocht ar fáil chun feabhas a chur ar cháilíocht an teagaisc trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Glactar leis go bhfuil muinín agus tacaíocht na dtuismitheoirí agus an phobail áitiúil d’obair na scoileanna i limistéir Ghaeltachta rí-thábhachtach. Is í aidhm an pholasaí ná a chinntiú gurb é an teagasc trí mheán na Gaeilge an chéad rogha ag na tuismitheoirí i ngach ceann de na limistéir Ghaeltachta. Faoi láthair, táthar ag súil gur trí mheán na Gaeilge a bhíonn scoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair. I ndáiríre, tá an-éagsúlacht sa chleachtas sin.

Faoin bpolasaí nua seo, tabharfar cuireadh do scoileanna aitheantas a lorg mar scoil Ghaeltachta. Tá aithint na scoileanna Gaeltachta ar an mbealach sin ag teacht leis an taighde idirnáisiúnta ina léirítear an tábhacht a bhaineann le scoileanna a aithint mar scoileanna a chuireann oideachas ar ardchaighdeán trí mheán na Gaeilge - nó, i dtíortha eile, trí mionteangacha eile - ar fáil. Chun aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta, beidh ar scoileanna feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge seachas i gcás an curaclam don Bhéarla agus do theangacha eile ag an dara leibhéal. Chomh maith leis sin, beidh ar na scoileanna páirt a ghlacadh sa phróiseas pleanála teanga mar a leagtar amach faoi Acht na Gaeltachta 2012. Beidh cúig bliana ar a mhéid ag na scoileanna ar mhian leo stádas mar scoil Ghaeltachta a bheith acu chun an stádas sin a bhaint amach. Gheobhaidh na scoileanna sin acmhainní breise teagaisc agus acmhainní breise eile ar bhonn céimnithe de réir mar a léiríonn siad go bhfuil siad ag déanamh dul chun cinn ar stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach.

Faoin bpolasaí, bunófar Aonad Oideachais Ghaeltachta sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Beidh sé mar thasc ag an aonad sin na sonraí agus na nósanna imeachta a leagan amach don phróiseas chun aitheantas a bhaint amach mar scoil Ghaeltachta. Tar éis dul i gcomhairle leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta agus na comhpháirtithe éagsúla, foilseoidh an Roinn ciorclán i rith an earraigh ina leagtar amach na critéir nach mór do scoileanna a chomhlíonadh má tá siad le bheith aitheanta. Beidh deis ag scoileanna an rogha a dhéanamh cur isteach ar an bpróiseas aitheantais mar scoil Ghaeltachta. Aithníonn an polasaí go bhfuil gá freisin le raon speisialta de thacaí chun forbairt a dhéanamh ar chumas na scoileanna Gaeltachta a chinntiú go mbaintear amach an fhís chun oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge a sholáthar sa Ghaeltacht.

Leagtar amach na tacaí seo faoi na seacht gcolún den pholasaí oideachais Gaeltachta. Tugtar cur síos ar na sonraí i gcaibidil 5 den doiciméid atá os comhair an choiste.

Baineann na tacaí le struchtúr an tsoláthair oideachais a láidriú, tacaíocht a sholáthar agus feabhas a chur ar thadhlaíocht an teagaisc trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta, mar shampla, leathnú ar sholáthar na múinteoirí nua-cháilithe don oideachas trí mheán na Gaeilge agus deiseanna tumtha, nó continuing professional development, CPD, a sholáthar do phríomhoidí agus múinteoirí i scoileanna Gaeltachta. Tá seifteanna ann freisin chun cumas ceannairí scoile agus bainistíocht scoile a fhorbairt agus feabhas a chur ar an gcuraclam don Ghaeilge.

Beidh feabhas le cur freisin ar acmhainní teagaisc agus ar thacaí teanga eile. Freisin, tá caibidil amháin nó roinn amháin den pholasaí a bhaineann leis an luath-oideachas agus an obair atá le déanamh sa réimse sin den chóras, cé go mbaineann an réimse sin leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ní leis an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ar deireadh, tá sonraí sa pholasaí mar gheall ar fheasacht a fhorbairt agus cumarsáid a úsáid ionas gur féidir linn caint le tuismitheoirí agus go dtuigeann siadsan cé chomh tábhachtach is atá an t-oideachas trí mheán na Gaeilge.

Mar a dúirt mé, chun an polasaí a stiúradh, cuirfear aonad Gaeltachta nua ar bun sa Roinn. Gheobhaigh an t-aonad Gaeltachta tacaíocht ó chigireacht na Roinne, a thacóidh leis na scoileanna freisin. Déanfaidh an chigireacht monatóireacht ar chur i bhfeidhm an pholasaí sna scoileanna. Agus í ag tacú leis na scoileanna, oibreoidh an chigireacht go dlúth leis an gComhairle um Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, agus le na seirbhísí tacaíochta scoile eile. Glacfaidh COGG ról lárnach i tacaíochtaí agus tionscnaimh ar leith a chur ar fáil don oideachas Gaeltachta, i gcomhar le ceannairí scoile agus na seirbhísí eile.

Tosófar ar an bpolasaí a chur i bhfeidhm i scoileanna de réir a chéile ó mhí Mheán Fómhair an bhliain seo chugainn. Beidh thart ar €1 mhilliún ag teastáil an bhliain seo chugainn. Cuireadh an méid seo ar fáil i mbuiséad na Roinne Oideachais agus Scileanna don bhliain seo chugainn. Beidh thart ar €3 mhilliún ag teastáil an bhliain ina dhiaidh sin in 2018 agus suimeanna níos airde fós sna blianta ina dhiaidh sin, nuair a bheidh an polasaí faoi lán seoil. Lorgófar na suimeanna seo mar chuid den phróiseas buiséid bliaintúil. Tá tuilleadh eolais le fáil sa pholasaí féin agus sna nótaí a chuireamar chuig an gcoiste. Beimid lán-sásta ceisteanna an choiste a fhreagairt más féidir, nó eolas breise a fháil muna bhfuil na freagraí againn inniu.

An bhfuil aon duine de chomhghleacaithe Dr. Hislop ag iarraidh labhairt ag an bpointe seo?

Dr. Harold Hislop

Níl, ach cabhróidh siad le na ceisteanna a fhreagairt.

Okay. Tosóimid na ceisteanna leis an Seanadóir Ó Clochartaigh.

Cuirim céad fáilte roimh na finnéithe. Is breá an rud é go bhfuilimid anseo ag plé rud atá iontach dearfach agus muid ar fad ag fáiltiú roimhe. Tá ard-mholadh le dul chuig an dream ar fad a raibh lámh acu san obair seo. Tá a fhios agam go raibh na finnéithe féin an-pháirteach ar fad sa bhforbairt. Ba cheart Pádraig Mac Fhlannchadha a lua chomh maith toisc an méid oibre a rinne sé chun an rud seo a thabhairt chun cinn. Bhí roinnt cur i láthair againn le tamall anuas maidir leis an bpolasaí agus d'ardaíodh roinnt ceisteanna chomh maith. An t-aon rud a chuireann imní orm faoin gcur i láthair seo ná sa chéad abairt nuair a luaigh Dr. Hislop an nath cainte sin, "de réir mar a cheadaíonn acmhainní". Cuireann sé imní orm, go háirid i gcomhthéacs na Gaeilge, go bhfuil an nath sin chomh coitianta agus go bhfuilimid ag brath go huile agus go hiomlán air. Feicimid i Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go bhfuil deacrachtaí le "de réir mar a cheadaíonn acmhainní".

Tá riar ceisteanna agam. An rud is lárnaí ar fad sa bpolasaí ná an t-aonad Gaeltachta, mar a thug an Dr. Hislop air. An bhféadfadh sé tuilleadh a insint dúinn faoi sin? Cé mhéad duine a bheidh páirteach ann? Cad iad na róil a bheidh acu? An mbeidh sé ag feidhmiú go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge? An mbeidh an fhoireann ar fad lán-oilte ó thaobh na Gaeilge de? An mbeidh siad ábalta déileáil le chuile dhuine a thagann i dteagmháil leo trí mheán na Gaeilge, nó an mbeimid ag brath ar aistriúchán a bheith curtha ar fáil tamaillín ina dhiaidh mar go mbeidh daoine ar an bhfoireann nach bhfuil Gaeilge acu? Tá sé feicthe agam go bhfuil sé sin rí-thábhachtach.

An deacracht eile leis an bpolasaí a chur a bhfeidhm, mar a thuigimid go rí-mhaith, ná múinteoirí le caighdeán Gaeilge sách ard a sholáthar. Tá géarchéim cheana féin sa réimse sin i ndáiríre píre má táimid fírinneach faoi. Bhí sé luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go mbeadh coláiste oiliúna lán-Ghaeilge ann. Níl sé sin follasach sa bpolasaí seo. Dá bhrí sin, cén chaoi an bhfuil an Roinn in ann dearbhú go mbeidh dóthain múinteoirí le Gaeilge á sholáthar ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal chun na hábhair a chur i gcrích? Céard iad na hábhair ag leibhéal na hiarbhunscoile a bhfuil deacracht iontu i láthair na huaire le múinteoirí le Gaeilge a sholáthar? Tuigtear dom go bhfuil staidéar áirithe déanta ag an Roinn ar sin. Céard é an straitéis atá ag an Roinn le dul i ngleic le sin chun na múinteoirí atá oilte ag an dara leibhéal sna hábhair seachas Gaeilge agus atá ag teastáil a sholáthar?

Tá caint áirithe sa doiciméid maidir le comhnascadh scoileanna. Cén fís atá ag an Roinn do sin i gcuid de na ceantracha tuaithe? Tá a fhios ag na finnéithe go maith nach raibh mórán fáilte curtha roimh mholtaí faoi chomhnascadh scoileanna roimhe seo. Tá moltaí difriúla déanta ag an Roinn sa pholasaí seo. An mbeadh siad in ann beagáinín a insint dúinn faoin bhfís ón taobh sin de? Gan dabht, tá roinnt athruithe eile ó thaobh pholasaí molta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna le tamall anuas. Ní mó ná sásta a bhí na ceardchumainn leis na moltaí a bhí ann maidir le siollabais eile. Cén plé atá déanta ag an bpointe seo le na ceardchumainn múinteoireachta éagsúla le go mbeadh siad ar bhord le seo agus nach mbeadh a gcosa i dtaca nuair a thagann sé go dtí an polasaí nua seo a chur i bhfeidhm? Tá an Roinn ag caint ar é a chur i bhfeidhm ó mhí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn. Ní foláir go mbeadh plé déanta leis na ceardchumainn agus le na cumainn atá ionadaíoch ar na boird bainistíochta, na príomhoidí agus mar sin de.

I láthair na huaire tá díolúine le fáil ag an té a thagann go dtí scoil Gaeltachta nár tógadh le Gaeilge. An bhfuil an Roinn ábalta figiúirí a thabhairt dúinn ar an méid daoine a bhaineann tairbhe as sin nó a fhaigheann an díolúine sin? Cá mbeidh siad sin nuair a bheidh an polasaí curtha i bhfeidhm? An mbeidh díolúine fós ar fáil, nó cén seasamh a bheidh aige?

Má tá scoil áirithe i gceantar Gaeltachta a dheireann nach bhfuil sé ag iarraidh bheith mar scoil lán-Ghaeilge Gaeltachta ach tá tuismitheoirí fós ag iarraidh go mbeadh oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil dá gcuid páistí, cén seasamh atá ag tuismitheoirí cearta oideachais a lorg go mbeadh a bpáistí á oiliúint agus á theagasc trí mheán na Gaeilge?

Maidir le geallshealbhóirí éagsúla sa bpróiseas, beidh an t-aonad Gaeilge agus Gaeltachta ag feidhmiú as féin, ar nós COGG. Tá ionchur ag na geallshealbhóirí éagsúla ar bhord COGG sa bhforbairt. An mbeidh ionchur ag na geallshealbhóirí sin in obair an aonaid Gaeilge agus i gcomhairle a chur air?

Tá ocht gceist ansin.

Tá mé ag déanamh go maith, nach bhfuil, a Chathaoirligh?

Tá. Stop tú roimh deich gceist an uair seo. Tá sé sin go maith.

Tá tú ag cur smacht orm de réir a chéile.

Iarraim ar na finnéithe an deich gceist a fhreagairt.

Dr. Harold Hislop

Déanfaidh muid ar ndícheall.

Sin an méid atá ag teastáil.

Dr. Harold Hislop

Tógfaidh mé iad ceann ar cheann. De réir acmhainní, ní dóigh liom gur cheist seachas pointe a rinne an Seanadóir. Cinnte, caithfimid acmhainní a fháil chun é seo a chur i bhfeidhm. Ní féidir é a chur i bhfeidhm gan acmhainní. Tá sé soiléir sa pholasaí gur gá é sin a dhéanamh. Tá costings déanta ar na gníomhaíochtaí éagsúla sa pholasaí. Táimid sásta gur leor an €1 mhilliún sin sa chéad bhliain agus go mbeidh thart ar €3 mhilliún ag teastáil an bhliain ina dhiaidh sin chun é a chur i bhfeidhm go cinnte. Tógfaidh sé roinnt mhaith ama cuid de na moltaí a chur i bhfeidhm. Tógfaidh cuid acu roinnt mhaith ama le cur i bhfeidhm go lán seoil.

Chuir an Seanadóir ceist mar gheall ar cé atá san aonad, cé a bheidh san aonad agus araile. Tá coinne déanta ag Ard-Rúnaí na Roinne an t-aonad a bhunú ar 1 Eanáir. Beidh foireann an aonaid ainmnithe roimh an Nollaig. Beidh príomhoifigeach amháin, nó duine ag leibhéal an phríomhoifigigh, mar cheannaire ar an aonad. Beidh príomhoifigeach cúnta, nó assistant principal, ag obair leis an bpríomhoifigeach agus beirt eile ag obair go lán-aimseartha san aonad.

Beidh gnó an aonaid ar fad déanta trí Ghaeilge. Beidh cumas sa Ghaeilge ag foireann an aonaid. Caithfidh siad a bheith in ann déileáil ní hamháin le múinteoirí sna scoileanna agus araile, ach le muintir na Gaeltachta ach go háirithe. Mar sin, tá gá an Ghaeilge a bheith acu. Tá an tArd-Rúnaí sásta gur féidir leis daoine le Gaeilge a chur sna háiteanna sin. Anuas ar sin, beidh cigirí ag obair leis an aonad. Caithfidh siadsan formhór dá gcuid ama ag obair amuigh le na scoileanna. Arís, is cigirí dara leibhéal agus bunchigirí a bhfuil Gaeilge acu a bheidh ag obair go díreach le na scoileanna. An ról a bheidh ag na cigirí ná comhairle a chur ar na príomhoidí agus ar na múinteoirí. Mar a luaigh mé sa ráiteas oscailte, déanfar measúnú ar an dul chun cinn atá á dhéanamh ag na scoileanna éagsúla.

Freagróidh mé freisin an cheist faoi na múinteoirí. Níl aon dabht go bhfuil deacrachtaí ag scoileanna Gaeltachta teacht ar mhúinteoirí le Gaeilge acu, go háirithe ag an dara leibhéal, nuair atá ábhar faoi leith ag teastáil, cosúil le mata, eolaíocht agus na teangacha ó thíortha eile. Is féidir múinteoirí le na hábhair sin acu a fháil, ach tá múinteoirí le na hábhair sin chomh maith le cumas sa Ghaeilge agus i dtuiscint ar conas na hábhair atá acu a mhúineadh i scoil Ghaeltachta níos deacra le fáil. Tá scileanna speisialta ag teastáil ó na múinteoirí sin. Tá cuid de na scileanna sin á forbairt sa chúrsa speisialta d'ábhar oidí dara leibhéal in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, faoi láthair. Sa pholasaí, leagtar síos go mbeidh méadú ar líon na scoláirí sa chúrsa sin. Ag an mbunleibhéal, tá an ceart ag an Seanadóir Ó Clochartaigh. Níl cúrsa BEd go hiomlán trí mheán na Gaeilge ar fáil i gcoláiste ar bith faoi láthair. Is féidir le ábhar oidí cuid den chúrsa a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gColáiste Mhuire, Marino, agus i gColáiste Mhuire gan Smál. Ach, leagtar síos sa pholasaí go mbeidh iomaíocht nó tendering competition ar siúl. Cuirfear ceann ar siúl ionas gur féidir cúrsa BEd trí mheán na Gaeilge, nó cúrsa do ábhar oide ag an mbunleibhéal a chur ar fáil. Tógfaidh sé sin roinnt mhaith ama. Is é sin ceann amháin de na fáthanna nach bhfuil an méid sin airgid ag teastáil i mbliain a haon i gcomparáid leis na blianta ina dhiaidh sin nuair a bheidh cúrsa mar sin ar fáil.

Bhí an chéad cheist eile faoi chomhnascadh scoileanna. Tá sé an-shoiléir ó na huimhreacha go bhfuil na scoileanna sa Ghaeltacht fíor-bheag ar fad. Tá 134 scoil ag an mbunleibhéal sa Ghaeltacht. As sin, tá 103 scoil le ceithre mhúinteoir nó níos lú acu. Tá 50 dalta nó níos lú ag beagnach leath de na scoileanna sin. Tá scoileanna an-bheaga scaipthe timpeall anseo is ansiúd ar fud na Gaeltachta. Nílimid ag iarraidh go mbeadh na scoileanna sin dúnta nó comhnasctha lena chéile, ach i ngach ceann de na scoileanna beaga sin, tá bord bainistíochta acu. Tá ochtar le dul ar gach bord. Uaireanta, bíonn níos mó daoine ar bhord na scoile ná mar atá ar fhoireann na scoile, agus uaireanta fiú níos mó na líon na ndaltaí féin. Cén fáth gur gá dúinn bord amháin a bheith againn i ngach scoil? Tá sé sna rialacha anois gur féidir le bord dhá nó trí scoil, fiú, a stiúradh. Thabharfadh sé sin seans do oidí na scoileanna comh-oibriú lena chéile, ach bheadh na scoileanna ag obair díreach mar atá siad anois, seachas cúrsaí airgid a phlé agus cuntasaíocht is araile a dhéanamh do na scoileanna ar fad sa ghrúpa. Más féidir le scoileanna comh-oibriú mar sin, cén fáth nach mbeadh muid in ann tacaíocht a thabhairt dóibh le tabhairt faoina leithéid?

Bhí ceist mar gheall ar na ceardchumainn. Bhí próiseas comhairliúcháin fada againn chun an polasaí a dhréachtú. Chuamar amach chuig na Gaeltachtaí éagsúla agus d'éisteamar. Tháinig roinnt mhaith múinteoirí agus is dócha gur bhaill de cheardchumainn iad. Bhí seans ag na ceardchumainn cur isteach ar an bpróiseas mar cheardchumainn chomh maith agus tuairimí a thabhairt dúinn i bhfoirm scríbhinn. Níl mé lán-chinnte faoi láthair, ach is cinnte gur chuir an INTO rud scríofa chugainn. Bhí níos mó ná 500 freagra againn ón bpróiseas comhairliúcháin. Ina measc, bhí ceann ón INTO. Nílim cinnte an bhfuaireamar ceann ón ASTI, mar shampla. Ceapaim go bhfuaireamar ceann ón TUI, ach níl mé ró-chinnte. Tá fáilte roimh an Seanadóir iad a scrúdú. Tháinig na ceardchumainn go hoifigiúil go dtí na cruinnithe móra a bhí againn sa Roinn Oideachais agus Scileanna nuair a bhí an dréacht-pholasaí á phlé againn. Níor chualamar aon rud uathu i gcoinne an pholasaí. Mhol siad cuid mhaith de na moltaí a bhí sa pholasaí nuair a bhí sé á phlé againn.

Dr. Harold Hislop

Is é sin an méid faoi na ceardchumainn. Níl na huimhreacha agam faoi láthair faoi na díolúintí ón nGaeilge. Is féidir linn eolas a fháil ar sin má tá sé le fáil sa Roinn. Coimeádann an scoil an t-eolas. B'fhéidir gur féidir le mo chomhghleacaí é sin a fhreagairt.

Mr. Martin Lally

Tá an ceart ag an bpríomhchigire. Ní choimeádann an Roinn an t-eolas sin in aon chor. Cuirtear na hiarratais isteach don scoil féin. Tugann nó diúltaíonn an scoil féin an díolúine don pháiste óg. Má tá athchomharc de shaghas éigin eile ann, tagann sé ansin i dtreo na Roinne, ach ar an gcéad dul síos, is leis an scoil a bhaineann an cheist sin. Níl na huimhreacha sin bailithe ag an Roinn.

Nach gcaithfidh na scoileanna é a chur in iúl don Roinn nuair atá díolúine ceadaithe?

Mr. Martin Lally

B'fhéidir má théann cigire go dtí an scoil, ba chóir don scoil liosta a thaispeáint don chigire. Ní ghá dóibh aon litir nó foirm de aon shaghas a chur isteach go dtí an Roinn le rá go bhfuil díolúine tugtha do dhalta.

Nuair a bheidh an polasaí nua i bhfeidhm, cá sheasfaidh an díolúine?

Dr. Harold Hislop

Níl socruithe déanta ar an bpointe sin. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar scéim na ndíolúintí ar fad. Táimid fós ag fanacht ar thorthaí na hathbhreithnithe sin. Baineann pointe an tSeanadóra leis an gcéad cheist eile i slí. Cad faoi chás ina bhfuil scoil ag dul i dtreo na Gaeilge agus tá na tuismitheoirí ag dul sa treo eile? Tá sé soiléir sa pholasaí nach bhfuil an Roinn ag iarraidh brú a chur ar scoileanna a bheith aitheanta mar scoil Gaeltachta. Tá an rogha ag an scoil féin. Tá buntáistí ar leith ag baint le bheith mar scoil Gaeltachta. Tá súil againn gur féidir linn muintir na Gaeltachta, pobail na scoileanna agus boird na scoileanna a mhealladh i dtreo na Gaeilge agus i dtreo a bheith aitheanta mar scoil Gaeltachta. Beidh corr-thuismitheoir anseo is ansiúd nach mbeidh ag iarraidh oideachas trí mheán na Gaeilge a bheith ag a ghasúr.

Is cinnte go dtarlóidh é sin, ach tá súil againn gur mionlach fíor-bheag a bheidh i gceist. Feicfidh siad go bhfuil níos mó múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus go bhfaigheann na scoileanna sin tacaíocht ar leith. Is léir go bhfuil polasaithe agus cur i bhfeidhm den chéad scoth i scoileanna Gaeltachta agus go bhfuil nasc láidir idir scoileanna áitiúla agus muintir na háite. Táimid ag súil nach mbeadh mórán tuismitheoirí ag dul sa treo eile. B'fhéidir go dtarlóidh sé sin in áiteanna atá ar imeall na Gaeltachta faoi láthair. Tá sé sa pholasaí go bhfuil scoileanna áirithe sa Ghaeltacht ag gníomhú trí mheán an Bhéarla faoi láthair.

Tá sé sin ag tarlú.

Dr. Harold Hislop

B'fhéidir go bhfuil seans láidir ann nach lorgóidh scoil mar sin aitheantas mar scoil Ghaeltachta. Caithfidh an scoil an cinneadh sin a dhéanamh i gcomhthéacs comhrá le pobal na scoile.

Tá mé i mo chónaí ar an gCeathrú Rua. Dá ndéanfadh pobal na scoile sa cheantar cinneadh go raibh an scoil áitiúil le feidhmiú trí mheán an Bhéarla, cén cearta a bheadh agam mar thuismitheoir sa cheantar sin agus mé ag iarraidh oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil do mo pháistí?

Dr. Harold Hislop

Dá mbeadh tuismitheoirí na háite ag iarraidh go mbeadh oideachas agus imeachtaí na scoile ar fáil trí mheán na Gaeilge, bheadh sé ait go leor go ndéanfadh an scoil cinneadh gan an oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Cén fáth go rachadh an scoil i gcoinne tuairimí mhuintir na háite, go mórmhór i bhfianaise go mbeadh tuilleadh acmhainní agus b'fhéidir tuilleadh poist ar fáil ag an scoil agus stádas mar scoil Ghaeltachta aige? Is fiú a rá freisin go mbeadh an scoil ag iarraidh tacaíochta ón phobal áitiúil gach uile bhliain. Breathnóimid ar gach cás. Caithfimid na scoileanna atá ag gníomhú go láidir trí mheán na Gaeilge a láidriú - tá súil againn go mbeimid in ann é sin a dhéanamh - agus na scoileanna nach bhfuil sa chás sin a mhealladh i dtreo na Gaeilge chomh fada agus is féidir linn.

Aontaím leis an Dr. Hislop.

Gabhaim buíochas leis na hoifigigh as ucht an cur i láthair. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil maidir leis an aonad Gaeltachta. Cén uair a bhunófar é? An mbeidh lucht labhartha na Gaeilge ann? Tá a fhios agam go bhfuil cuid de na ceisteanna seo freagartha. An mbeidh ar an Roinn foireann nua le Gaeilge a earcú leis an bpolasaí seo a chur i bhfeidhm? Cá mbeidh an t-aonad seo lonnaithe?

Ba mhaith liom moladh a dhéanamh sa chomhthéacs seo. Faoi láthair, tá go leor spáis in oifig na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sna Forbacha nach bhfuil in úsáid. Ar ndóigh, tá an oifig sin sa Ghaeltacht. Cuireadh síneadh leis an oifig cúpla bliain ó shin. Tá laghdú mór tagtha ar an bhfoireann san fhoirgneamh ó shin. Mar is eol do na hoifigigh, tá píosa den Roinn sa Tulach Mhór agus píosa eile i mBaile Átha Luain. Tá foireann na Roinne scaipthe. An smaoineodh an Roinn ar an aonad seo a lonnú sa Ghaeltacht le polasaithe Gaeltachta a chur i bhfeidhm? Ós rud é go bhfuil deiseanna maithe cumarsáide ann anois, ní gá do dhaoine bheith ag cónaí nó ag obair taobh dorais anois. An smaoineodh an Roinn ar na daoine seo ar fad a lonnú sa phobal ina mbeidh siad ag feidhmiú?

De réir mar a thuigim, faoi láthair níl aon dualgas ar aon mhúinteoir atá ag múineadh i mbunscoil sa tír seo Gaeilge a bheith acu. Bíonn orthu freastal ar chúrsa Gaeilge, ach dúradh linn ag cruinniú den choiste seo le gairid nach bhfuil aon dualgas orthu aon scrúdú a phasáil ag an deireadh. Tuigim nach bhfuil painéal ann do na scoileanna Gaeltacha nó fiú do na scoileanna lán-Gaelacha. An bhfuil sé i gceist painéal Gaeltachta nó Gaeilge a bhunú leis an bplean seo a chur i bhfeidhm? Muna bhfuil a leithéid ann, d'fhéadfadh múinteoirí gan Ghaeilge a bheith sna scoileanna Gaeltachta.

Caithfidh go bhfuil na finnéithe misniúil - b'fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh an Tríú Cogadh Domhanda a thosú - má tá sé i gceist acu boird bainistíochta na bunscoileanna Gaeltachta a chónascadh. Muna bhfuil iarratais chun na críche sin ag teacht ó na scoileanna Gaelachta, ní thuigim cén fáth go mbeadh éinne á bhrú. Creidim go mór sa phrionsabal a chuireann an CLG i bhfeidhm, sé sin go ndéanfaidh na foirne go leor oibre agus traenála má tá chuile pharóiste i gcoimhlint lena chéile agus beidh siad dhá oiread níos foirfe dá bharr sin. Is dóigh liom go mbaineann an prionsabal céanna leis na boird bainistíochta sna scoileanna beaga. Is léir go bhfeidhmíonn siad thar cionn. Níl aon fhadhb daoine a fháil le dul orthu.

Baineann an pointe atá á dhéanamh agam leis na grúpaí a chuireann an scéim CLÁR i bhfeidhm agus a bhíonn ag plé le rudaí eile sna ceantracha seo. Is minic go mbíonn boird bainistíochta na scoileanna beaga sásta níos mó obair dheonach a dhéanamh ná mar a bhíonn boird ar scoileanna níos mó. Bíonn siad sásta tabhairt faoi airgead a bhailiú le deiseanna a chur ar fáil. Is minic a dúirt mé dá laghad é an pobal, is mó é an cumas atá iontu airgead a chur ar fáil.

Caithfimid smaoineamh go bhfuil ocht gcinn de na scoileanna seo ar oileáin Gaeltachta. Ní mórán céille a bheadh ann cónascadh a dhéanamh idir bhoird scoile Inis Oírr agus Inis Meáin. Má tá obair theicniúil i gceist, ar nós na cuntais a dhéanamh nó múinteoirí a cheapadh, is dóigh liom gur cheart go mbeadh tacaíocht ar fáil. Ní chreidim go bhfuil aon fáth nach dtarlódh a leithéid, ach ba mhaith liom an fhírinne a rá sa chomhthéacs sin mar dhuine atá i mo chónaí i gceantar beag tuaithe le fada. Tá mo bhean ar bhord bainistíochta scoile. Ní chreidim go raibh aon easpa saineolais ar na boird bainistíochta le hais aon bhord eile.

Ba mhaith liom labhairt faoin díolúine ón Ghaeilge sa scoil agus faoi na daoine nach bhfuil ag iarraidh a gcuid gasúir a chur chuig scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Tá mé ag troid leis an Roinn Oideachais agus Scileanna le fada mar go gcreidim nach bhfuil móran céille lena polasaí ó thaobh na ceiste seo. Má theastaíonn ó duine atá ina chónaí taobh amuigh den Ghaeltacht oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil, is féidir leis a ghasúir a chur chuig an scoil Ghaeilge is gaire dó agus cuirfear na deiseanna taistil - an remote area grant nó rud éigin eile, ag brath ar uimhreacha - ar fáil dó. Bhí mise i gcónaí den tuairim gur cheart deis a thabhairt do dhaoine a chónaigh i gceantracha Gaeltachta nár theastaigh uathu a bpáistí a chur chuig scoileanna lán-Gaelacha dul chuig an scoil Bhéarla is gaire dóibh. Clúdódh sé sin daoine a bhfuil díolúine faighte acu.

Ba mhaith liom pointe a dhéanamh sa chomhthéacs seo maidir le imeall na Gaeltachta. Is féidir é a fheiceáil sna fíor-scoileanna Gaeltachta go bhfuil daoine ó taobh amuigh den Ghaeltacht ag dul go dtí na scoileanna Gaeltachta anois, mar a théann siad go dtí Gaelscoileanna i gceantracha eile, ós rud é go bhfuil oideachas lán-Ghaelach ar fáil.

Ní hamháin gur cheart iad seo a aithint mar scoileanna Gaeltachta, ach ba cheart iad a aithint freisin mar scoileanna lán-Ghaelacha. Tógfaimís ceantar an tSeanadóra Uí Dhomhnaill, in imeall iar-thuaisceart na Gaeltachta ar an bhFál Carrach, mar shampla. Ní gá go mbeadh ar dhaoine sa cheantar sin atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht, agus a theastaíonn uathu oideachas trí mheán na Gaeilge, taisteal chomh fada le Leitir Ceanainn. Bheadh sé i bhfad níos ciallmhaire go dtiocfaidís go dtí an scoil lán-Ghaelach ar an bhFál Carrach. Má tá daoine as an bhFál Carrach ag iarraidh oideachas trí Bhéarla, ba cheart go mbeidís in ann taistil go dtí scoil Bhéarla. Tá daoine i mo cheantar féin ag cur gasúir chuig scoileanna áirithe mar go bhfuil siad ag feidhmiú trí Ghaeilge, fiú nach bhfuil siad ina gcónaí in abhantrach na scoile sin.

Is dóigh liom go gcaithfimid aghaidh a thabhairt ar seo. Is fiú cuimhneamh go bhfuil Béarla ag chuile ghasúir. Má labhraítear an Ghaeilge chuile lá le gasúir ón lá a chaitear ar an sop é nó í, fós féin beidh Béarla aige nó aici ón dtimpeallacht nuair a thiocfaidh sé nó sí ar scoil. Tá sé sin fíor fiú i gceartlár na Gaeltachta. Ní bhíonn Gaeilge ag chuile ghasúir. Mar sin, tá fadhb ann láithreach má tá gasúir sa scoil nach bhfuil ag iarraidh iompú ar an nGaeilge, ós rud é go mbíonn Béarla níos fearr ag na gasúir Ghaeilge ná mar a bhíonn Gaeilge ag na gasúir Bhéarla. Is ceist í sin don pholasaí teanga, dar liom. Sílim go mbeadh sé thar a bheith tábhachtach breathnú ar nósanna gasúir eatarthu féin, ach is dúshlán é sin.

I gcásanna na scoileanna Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, is féidir leis an múinteoir polasaithe na scoile a lua. Glacaim leis nach dtugtar díolúine ón Ghaeilge d'aon ghasúir i scoil lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Cé gurb í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge, is féidir díolúine a thabhairt i scoil Gaeltachta. Glacaim leis nach mbíonn díolúine á thabhairt i scoil lán-Ghaeilge i gceartlár Bhaile Átha Cliath, i gCorcaigh nó in aon áit eile. Glactar leis go múinfear na gasúir sin ar fad trí Ghaeilge agus, chomh maith leis sin, go mbeidh na múinteoirí in ann a rá le haon ghasúir nach bhfuil ag iarraidh cloí leis an éiteas sin gur féidir leis nó léi dul chuig scoil eile síos an bóthar. Níl na Gaeltachtaí chomh mór agus nach gheofaí scoil Bhéarla gar go maith dóibh.

Glacaim leis go bhfuil scoileanna ar imeall na Gaeltachta atá go hainmniúil sa Ghaeltacht. Tá Tír Oileáin i gceartlár na Gaeltachta is líonmhaire pobail, ach ní scoil Ghaeltachta í an scoil áitiúil ar aon bhealach. Is féidir an pointe céanna a dhéanamh faoi Bhaile Chláir. Is gá a aithint nach ionann an Ghaeltacht mar atá sí ar na léarscáileanna agus an áit ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh. Má fhéachann na hoifigigh ar na scoileanna atá ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh, nó go bhfuil seans go rachaidh siad i dtreo a leithéid d'iarracht, gheobhaidh siad amach nach bhfuil móran daoine atá níos faide ó scoil Bhéarla ná mar atá formhór na ndaoine sa tír seo ó scoil Ghaeilge. Mar sin, ceapaim go bhfuil sé fíor-thábhachtach go mbeadh an Ghaeilge mar "default language" sa Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh deis ag gasúir sa Ghaeltacht dul chuig scoil Bhéarla más mian lena dtuismitheoirí, agus vice versa i gcás gasúir taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl aon vice versa i bhfeidhm i láthair na huaire.

Ós rud é go bhfuil ceist na díolúine sna meánscoileanna ardaithe agam anseo inniu, b'fhéidir go mbeimid in ann plé níos faide a bheith againn ar an ábhar sin ag cruinniú den choiste seo lá éigin eile. De réir mar a thuigim, tá roinnt scoileanna ag tabhairt uchtaigh do thuismitheoirí díolúine a lorg. Bíonn an-fonn ar na scoileanna é sin a eagrú. Is é an rud is measa faoi, go mórmhór i gceantracha faoi mhíbhuntáiste, ná go bhfuil an easpa Gaeilge go fadtéarmach ag cur tuilleadh míbhuntáiste ar ghasúir. Tá sé ag baint cáilíocht dóibh a d'fhéadfadh a bheith thar a bheith úsáideach amach anseo. Ní chreidim go bhfuil sé chun leasa na bpáistí, go minic, gan an dara teanga a thabhairt leo.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh ár gcuairteoirí agus iad a mholadh as a gcur i láthair. Is mian liom an polasaí nua atá á phlé againn inniu a fháiltiú freisin. Tréaslaím go mór leis na haidhmeanna, an struchtúr agus an straitéis atá sa pholasaí seo. Sílim go bhfuil fís ann agus is léir go bhfuil tacaíocht don fhís sin. Má tá na scoileanna ag iarraidh aitheantas a fháil, beidh sé de dhualgas orthu forbairt agus dul chun cinn a dhéanamh i dtaobh teagasc na Gaeilge. Is maith an rud é sin. Tá sé an-tábhachtach go mbeidh forbairt i gceist. Gheobhaidh na scoileanna seo tacaíochtaí teagaisc éagsúla - níos mó múinteoirí, airgead, áiseanna, tacaíocht agus acmhainní - nuair a bhaineann siad an t-aitheantas seo amach. Sílim gur iontach an rud é sin agus is dóigh liom go n-oibreoidh sé. Cabhróidh sé go mór leis na scoileanna má tá níos mó áiseanna, airgead agus múinteoirí acu.

Feicim sa dhoiciméad go bhfuil ganntanas múinteoirí ann faoi láthair. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Dr. Hislop faoi sin. An bhfuil sé dóchasach go mbeidh an Roinn ábalta an deacracht sin a shárú? An mbeidh an Roinn ábalta níos mó múinteoirí a fháil do na scoileanna Gaeltachta? Beidh sé sin an-riachtanach. Aontaím gur chóir go mbeadh na scoileanna beaga ag comhoibriú le chéile. Ní gá go mbeadh struchtúr riaracháin éagsúil i ngach aon cás. B'fhéidir gur chineál ráiteas é sin in ionad ceist. Tá mé lán i bhfábhar an doiciméad seo. Sílim go bhfuil plean agus fís ann. Tá ceist dheireanach agam. An bhfuil seans ann go mbeimid in ann an deacracht i dtaobh na múinteoirí a shárú?

Dr. Harold Hislop

Ligfidh mé le mo chomhghleacaí an cheist dheireanach mar gheall ar na múinteoirí a fhreagairt. Tá a fhois agam go bhfuil brú ama ar an Seanadóir.

Ms Treasa Kirk

Tá sé aitheanta sa pholasaí go bhfuil ganntanas oidí ann ag an mbunleibhéal agus, go háirithe, ag an iar-bhunleibhéal. Mar is eol don choiste, tá sé leagtha amach sa pholasaí go mbeidh cúrsaí ar leith ar fáil. Beidh ar na coláistí oiliúna éagsúla agus ar na hinstitiúidí tríú leibhéal iarratais a chur isteach le haghaidh an phróisis sin. Ní féidir cúrsaí a thabhairt do choláiste amháin os cionn choláiste eile. Próiseas an-chothrom a bheidh i gceist. Beidh fráma ama ar leith i gceist chun na cúrsaí éagsúla a chur ar fáil. Dar ndóigh, braithfidh sé sin ar an éileamh ó na múinteoirí éagsúla sa chóras oideachais agus ar na hábhair éagsúla chomh maith.

An bhfuil an fráma ama sin socraithe?

Ms Treasa Kirk

Níl na frámaí ama aontaithe go fóill. Mar is eol don choiste, tá an polasaí seo bunaithe agus is polasaí cúig bliana atá i gceist. Tosnóidh an próiseas seo taobh istigh den fráma ama sin. Mar a dúirt an Dr. Hislop níos luaithe, tógfaidh sé tamall na socruithe a chur i bhfeidhm.

An mbeidh níos mó cúrsaí ann?

Ms Treasa Kirk

Beidh.

An mbeidh na cúrsaí breise seo oiriúnach?

Dr. Harold Hislop

Beidh siad oiriúnach do mhúinteoirí meánscoile agus bunscoile.

Ms Treasa Kirk

Beidh cúrsa ag an mbunleibhéal trí mheán na Gaeilge chomh maith.

Dr. Harold Hislop

Aithníonn an polasaí go bhfuil traenáil speisialta ag teastáil ó phríomhoidí na scoileanna. Is gá cúrsaí traenála a chur ar fáil ní hamháin do na múinteoirí nua-cháilithe ach freisin do mhúinteoirí atá ag gníomhú faoi láthair. Tá scileanna ar leith ag teastáil uathu siúd atá ag múineadh in áiteanna ina bhfuil tumoideachas ar siúl. Is cinnte go bhfuil ganntanas múinteoirí le cumas acu an curaclam iomlán a mhúineadh trí mheán na Gaeilge ag an mbunleibhéal agus agus ag leibhéal na hiarbhunscoile. Mar shampla, tá éileamh mhór ar mhúinteoirí le haghaidh na Gaelscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht, chomh maith leis na scoileanna Gaeltachta. Nuair a chuirtear an cúrsa nua ar fáil ag an mbunleibhéal agus nuair a dhéantar an cúrsa a leathnú amach ag an dara leibhéal, tá súil againn go bhféadfaí an t-éileamh sin a shásamh, ní hamháin do scoileanna Gaeltachta ach freisin do Ghaelscoileanna sa Ghalltacht.

D'iarr an Teachta Ó Cuív cúpla ceist freisin.

Dr. Harold Hislop

Tá nóta déanta agam. Má dhéanaim dearmad ar cheist nó dhó, b'fhéidir go dtabharfaidh an Cathaoirleach meabhrúchán dom. Iarradh orm cé mhéad ball foirne a bheidh san aonad agus cathain a bheidh sé bunaithe. Beidh sé bunaithe nuair an thagann muid ar ais tar éis na Nollag ar 1 Eanáir seo chugainn. Beidh na daoine a bheidh ag obair san aonad ainmnithe roimh an Nollaig. Ní gá dúinn comórtas a bheith againn toisc go bhfuil na daoine seo ag obair laistigh den Roinn cheana féin. Beidh siad lonnaithe san aonad nua agus tabharfar dualgais an aonaid dóibh.

An bhfuil an Ghaeilge ag chuile dhuine acu?

Dr. Harold Hislop

Tá.

Bhí na figiúirí a bhíodh an Coimisinéir Teanga ag tabhairt dúinn faoi acmhainn na Gaeilge sa Roinn Oideachais agus Scileanna an-suarach amach is amach.

Dr. Harold Hislop

Bhí roinnt mhaith daoine sa Roinn agus an Ghaeilge acu. Táimse agus tá an tArd-Rúnaí sásta go mbeidh an fhoireann san aonad lán-cháilithe le Gaeilge a labhairt agus a scríobh agus cúrsaí oideachais agus araile a phlé, ní hamháin le scoileanna ach le pobal na Gaeltachta.

Ní shin an taithí a bhí ag an Coimisinéir Teanga. D'fhoilsigh sé figiúirí.

Lig leis an bhfinné na ceisteanna a fhreagairt agus tabharfaidh mé deis don Teachta teacht ar ais.

Dr. Harold Hislop

Ní féidir liom na daoine a ainmniú faoi láthair mar tá an próiseas sin á stiúradh ag an Ard-Rúnaí faoi láthair ach tá seisean sásta go bhfuil Gaeilge láidir ag chuile dhuine acu.

Ó thaobh an áit a bhfuil na daoine sin bunaithe agus ag obair, beidh ceannairí an aonaid bunaithe in oifigí na Roinne i mBaile Átha Luain. Beidh cuid den fhoireann lonnaithe in oifig na Roinne i mBaile Átha Cliath. Tá na cigirí a bheidh ag obair mar chuid den aonad scaipthe ar fud na tíre. Tá cuid acu i gContae Dhún na nGall, cuid eile acu i gConamara agus cuid eile acu fós i gContae Chiarraí agus i gCorcaigh.

Ceapaim go mbaineann an chéad cheist eile leis na painéil do mhúinteoirí.

An gnáth-fhreagra caighdéanach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ná go bhfuil gach múinteoir oilte le múineadh trí Ghaeilge.

Dr. Harold Hislop

Tuigim an pointe. Glacann an polasaí gur ghá athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpainéal. Ar eagla nach dtuigeann gach duine an cheist, nuair a thiteann líon na ndaltaí i scoil amháin, is féidir múinteoir a athrú ón scoil sin go scoil eile ina bhfuil folúntas ann agus gan comórtas agus araile a bheith ann. Sna scoilbhlianta 2014 go 2016, athraíodh múinteoir amháin ó scoil lasmuigh den Ghaeltacht go scoil Ghaeltachta. Sin an méid. Thar na trí bliana sin, athraíodh triúr múinteoirí taobh istigh den Ghaeltacht ó scoil Ghaeltachta amháin go scoil Ghaeltachta eile. Athraíodh beirt mhúinteoir ó scoil Ghaeltachta go scoil lasmuigh den Ghaeltacht. Níor tháinig ach duine amháin ón nGalltacht isteach go dtí an Ghaeltacht.

B'fhéidir gur leag mé amach mo cheist go mícheart. Má fhógraíonn scoil Ghaeltachta nó scoil de bhua Gaeltachta post, go teicniúil ní gá go mbeadh aon cháilíocht faoi leith sa Ghaeilge a bheith ag aon mhúinteoir cáilithe leis an bpost sin a chomhlíonadh. An bhfuil i gceist ag an Roinn go mbeadh cáilíocht faoi leith ag teastáil má tá duine chun dul ag múineadh trí mheán na Gaeilge?

Dr. Harold Hislop

Níl sé sin sa pholasaí. Tá cáilíocht sa Ghaeilge ag na múinteoirí uile mar tá sé déanta sa chéim. Sin an fáth go bhfuil siad cláraithe. Tuigim an cheist-----

Dúradh liom nach gá aon phas a fháil sa scrúdú Gaeilge.

Dr. Harold Hislop

Cinnte, tá deacrachtaí ag múinteoirí agus tá sé aitheanta ag múinteoirí iad féin agus ag an gcigearacht nach bhfuil cumas na Gaeilge i measc múinteoirí i gcoitinne sásúil. Nílimid ag caint ar gach múinteoir sa tír, ach níl beagnach aon cheathrú de mhúinteoirí ag an mbunleibhéal sásta leis an gcaighdeán Gaeilge atá acu. Tá sé seo ainmnithe go minic ag an gcigearacht freisin a deir go bhfuil imní ann faoi chaighdeán Gaeilge na múinteoirí. Rinneadh athruithe ar na coinníollacha a bhain leis na painéil trí bliana ó shin. Athraíodh na coinníollacha agus tugadh seans do na múinteoirí a bhí ag dul ar na painéil a rá leis an Roinn go raibh Gaeilge acu agus go raibh siad sásta tabhairt faoi phost i scoil lán-Ghaeilge. Go dtí seo, tá an scéim sin ag obair. Taobh istigh den trí bliana sin, athraíodh duine amháin ó scoil Galltachta go dtí scoil Gaeltachta.

Chun soiléiriú a fhail, nach féin-mheasúnú atá i gceist?

Dr. Harold Hislop

'Sea. Is ráiteas ón múinteoir féin atá ann.

Nach bhfuil sé sin beagáinín cosúil le duine a bheith ag fostú tiománaí agus ag cur ceist orthu siúd a gcuireann isteach ar an jab an gceapann siad go bhfuil siad in ann tiomáint seachas an bhfuil ceadúnas tiomána acu tar éis scrúdú neamhspleách a dhéanamh?

Dr. Harold Hislop

Sin an fáth go leagtar síos beart sa pholasaí go ndéanfar athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an phróisis ionas gur féidir linn a chinntiú nach gcuireann sé meath nó nach gcruthaíonn sé deacrachtaí do na scoileanna Gaeltachta. Tá sé sin leagtha amach mar bheart tábhachtach amháin sa pholasaí.

Tá an brú céanna ar scoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dr. Harold Hislop

Baineann an polasaí le scoileanna Gaeltachta amháin.

Tá a fhios agam, ach baineann an cheist leis na múinteoirí. Tá sé seo lárnach do mhúineadh trí Ghaeilge. Níl a fhios agam cén drogall atá ar an Stát plé leis an nGaeilge mar a phléitear le gach aon rud eile agus caighdeán neamhspleách a theastáil agus go gcaithfear an caighdeán sin a bhaint amach sula mbeifear cáilithe le rud éigin a dhéanamh. Más FETAC leibhéal a 5 nó pé rud a bhíonn ag teastáil le haghaidh cúram leanaí agus araile, tá sé togha. Leagtar síos caighdeán ar rudaí nach bhfuil chomh huaillmhianach lena bheith ag múineadh trí Ghaeilge. Nuair a thagann sé don Ghaeilge, má deir daoine go bhfuil Gaeilge acu, glacfaidh muid leis go bhfuil Gaeilge acu. Tá an rud céanna do jabanna sa Státseirbhís trasna an bhoird. Tá sé lárnach don rud seo go gcaithfear a leagan síos go gcaithfear cáilíocht oifigiúil scrúdú a phasáil go mbeadh duine cáilithe nó teipfidh ar an bpolasaí. Cen fáth nach ndéarfadh duine go raibh sé nó sí cáilithe?

Tá an pointe déanta.

Ms Treasa Kirk

Is maith an rud é freisin go bhfuil cúrsa ceithre bliana ar fáil anois d'oidí bunscoile agus táimid ag súil go ndéanfadh an cúrsa iarchéime difríocht ar leith do chumas nó inniúlacht sa Ghaeilge. Mar shampla, i gcuid de na coláistí oiliúna, tá siad ag díriú ar chúrsaí ar leith a chur ar fáil do chumas sa Ghaeilge a fheabhsú. Mar is eol don choiste, tá tréimhsí foghlamtha sa Ghaeltacht ar fáil do na hoidí bunscoile sin freisin.

Nuair nach raibh ach dhá bhliain ar an gcúrsa-----

A Theachta, ag an bpointe seo-----

-----is fearr i bhfad an Ghaeilge a bhí ag na múinteoirí ná mar atá anois tar éis trí bliana.

Tabharfaidh mé deis do na Teachtaí ach tá beirt chainteoir eile ag iarraidh teacht isteach. Tabhair deis don phainéal na ceisteanna a fhreagairt. Tiocfaidh muid ar ais-----

Mar abhcóide, tuigeann an Cathaoirleach croscheistiú.

Tá mé anseo mar Theachta Dála.

Dr. Harold Hislop

Bhí cúpla ceist eile ann.

B'fhéidir nach bhfuil na freagraí ag teastáil ó na comhaltaí.

Dr. Harold Hislop

Ghlac mise gur cuireadh ceist toisc go raibh suim ag daoine sna freagraí ach b'fhéidir nach bhfuil.

Dr. Harold Hislop

Bhí ceist eile ann faoi na boird bhainistíochta, na daoine a bhíonn orthu agus conas na boird a chur le chéile sna scoileanna beaga. Níl aon dabht ann ach go ndéanann na daoine ar bhoird bhainistíochta scoile ar fud na tíre sár-obair. Déanann siad an obair sin bliain i ndiaidh bliana gan airgead ar bith nó aon rud eile le fáil. Déanann siad é go deonach. Má théann duine ag caint le cumainn éagsúla a bhaineann le bainistíocht scoile, déarfaidís go minic go mbíonn deacrachtaí acu daoine a fháil chun dul ar bhord agus go bhfuil sé ag éirí níos deacra. Níl an polasaí ag iarraidh scoileanna a bheith i gcoimhlint le scoil ar bith eile, scoileanna a chur le chéile nó scoileanna beaga a dhúnadh.

Tamaillín ó shin bhí moladh ann ón Irish Primary Principals Network, IPPN. D'iarr an IPPN ar an Roinn cead boird a chur le chéile nó bord amháin a bheith ag trí nó ceithre scoil nuair atá seans ann gur féidir le scoileanna comhoibriú lena chéile. Ghlac an Roinn leis gur féidir a leithéid a dhéanamh, más ar mhaithe le pobal na scoile é a dhéanamh. Níl aon ghá é a dhéanamh agus níl aon riail ann. Níl aon bhrú ann é a dhéanamh.

An raibh ceist eile ann faoi ríomh-scoileanna?

Bhí ceist maidir le díolúintí.

Dr. Harold Hislop

Níl na huimhreacha sin againn.

Bhí pointe níos ginearálta á dhéanamh ag an Teachta.

Ní bheadh cead ag gasúr-----

Dr. Harold Hislop

Tuigim an cheist. Tá sé bunaithe sa pholasaí go mbeidh an scoil atá aitheanta mar scoil Ghaeltachta ag gníomhú go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Bheadh sé sin ar eolas ag tuismitheoirí sula gcuireann siad dalta ar an scoil. Má tá tuismitheoirí ag lorg áit dá mic nó dá n-iníonacha sa scoil, bheadh sé an-soiléir gurb scoil í a oibríonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Beidh na ceachtanna ar fad á dtabhairt trí mheán na Gaeilge agus beidh cúrsaí cumarsáide, spóirt agus araile déanta go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Beidh sé sin an-soiléir do thuismitheoirí roimh dóibh a bpáistí a chur ar an scoil.

An fhadhb atá ann faoi láthair ná nach bhfuil sé sin ag tarlú. Thaispeáin an taighde a rinne an chigireacht nuair a bhí an polasaí á scríobh go raibh scoileanna ann le daltaí a raibh fíor-bheagán Gaeilge acu. Bhí cuid eile acu ar an scoil agus Gaeilge líofa acu agus í á húsáid sa bhaile. Bhí daltaí eile ann nach raibh fiú Béarla nó Gaeilge acu sa bhaile. Bhí ar mhúinteoirí na scoile sin déileáil leis na daltaí uile ar an mbonn céanna. Tharlaítí go minic go raibh an scoil ag druidim i dtreo an Bhéarla toisc go raibh Béarla ag cuid mhaith de na daoine. Thángamar ar scoileanna ina raibh na cainteoirí ó dhúchas ina mionlach sna scoileanna sin. Bhí se an-deacair do na scoileanna sin gníomhú mar gnáthscoil Ghaeltachta.

Beidh an polasaí an-soiléir. Déanfaidh bord, muintir agus pobal na scoile rogha agus beidh an rogha sin ag teacht leis an rogha atá le déanamh acu taobh istigh den próiseas pleanála teanga chomh maith. Déanfaidh pobal na háite rogha go bhfuil siad chun Gaeilge a úsáid agus go bhfuil siad chun scoil lán-Ghaeilge a bheith acu. Beidh sé sin an-soiléir dóibh. Más maith le corrdhuine dalta a sheoladh chuig scoil eile, cinnte beidh an rogha sin ann.

An mbeidh na cearta céanna iompair acu agus atá ag gasúr atá ag iarraidh dul ar scoil lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht?

Dr. Harold Hislop

Tá an Roinn chun glacadh leis gur ghá breathnú ar an gceist sin. Beidh corrdhalta ann anseo is ansiúd nach mbeidh sásta freastal ar scoil Ghaeltachta ach, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, tá seans láidir go mbeidh scoil áirithe timpeall na háite sin a bheidh ag gníomhú trí mheán an Bhéarla.

An dtabharfar na cearta iompair sa dá bealach?

Dr. Harold Hislop

Breathnóimid ar gach cás. Tá cuid de na scoileanna chomh gar lena chéile nach mbeadh gá lena leithéid. Ach nuair a bhí gá, thugamar é in áiteanna éagsúla.

Bhí ceist eile faoi pholasaí na scoile agus an lán-Ghaeilge. Ceapaim go bhfuil sé sin clúdaithe agam.

Sin iad mo chuid nótaí ar aon nós ag an bpointe seo. Tá Seanadóir agus Teachta Dála fágtha fós. Glaoim ar an Teachta Ó Muineacháin.

Ar an gcéad dul síos, cuirim fáilte roimh na finnéithe anseo agus fáilte roimh an bpolasaí. Tá sé ag líonadh bearna a bhí ann i bhfad ró-fhada. Tá freagraí do chuid de na ceisteanna a bhí agam tugtha cheana féin. Gabhaim mo bhuíochas as an soiléiriú maidir leo. Teastaíonn uaim díriú ar chúpla ábhar atá pléite againn cheana féin. Baineann an chéad cheann leis an gceannaireacht lárnach do scoileanna éagsúla. Go dtí seo, tá roinnt plé agus é go léir dírithe ar an mbord bainistíochta. An é an bord bainistíochta amháin a bhí in aigne na Roinne ansin nó an raibh príomhoide nó rúnaíocht lárnach i gceist chomh maith? Braitheann gach aon duine, agus táim féin go láidir den tuairim, gur saghas cónascadh tríd an cúldhoras a bheadh ann agus gur dhrochrud a bheadh ann dá mbeadh pobail ag cailliúint scoileanna. Tá sé tábhachtach a thuiscint go mbíonn an bord bainistíochta tarraingthe go minic ón bhfoireann scoile, ó thuismitheoirí agus ó na patrúin. Má thosóimid ag cónascadh boird bainistíochta, beidh an ionadaíocht ag an bpatrún ar aon nós agus iad an fhoireann scoile agus na tuismitheoirí a bheidh ag cailliúint amach. Iadsan a bheidh thíos leis. Táim ag iarraidh soiléiriú mar sin maidir leis an bpríomhoide agus an rúnaíocht ó thaobh na ceannaireachta lárnaí.

Is dóigh liom gur bhotún mór a bhí ann nár fhoilsíodh ach fíor-bheagán de chóipeanna crua den pholasaí. Táim tar éis scéal a fháil ó chúpla scoil gur theastaigh uatha a bheith ábalta é a phlé agus cóipeanna a thabhairt leo agus a thabhairt do na comhairlí tuismitheoirí agus a leithéid. Cé go bhfuil sé ar fáil ar an Idirlíon, is leabhar mór atá ann agus tá sé deacair go leor é sin a íoslódáil i go leor ceantar tuaithe nach bhfuil an nasc Idirlíne ró-láidir ann. Ba chóir go mbeadh níos mó de na cóipeanna crua ar fáil. B'fhéidir go bhfuil cinn fós ar fáil agus, má tá, tógfaidh mé cúpla ceann dóibh.

Maidir leis an iarratas chun stádas mar scoil Ghaeltachta a bhaint amach, cén saghas tacaíocht a bheidh ar fáil don phríomhoide nó don scoil? Tá scoileanna an-ghnóthach ar aon nós seachas an ualach breise seo a chur orthu. Cén sórt tacaíocht ata i gceist ansan? Tuigim go bhfuil ciorclán le foilsiú am éigin ag tosach na bliana seo chugainn. Cad as a thiocfaidh an ciorclán sin? An dtiocfaidh sé as an aonad oideachais Gaeilge nua? An dtabharfaidh sé seo deis don aonad a chéad ciorclán a fhoilsiú ar an stádas agus an tacaíocht don scoil?

Luaigh an Dr. Hislop na naíonraí. Tá an meánscoil agus an bunscoil faoi stiúir ag an Roinn ach tá ról fíor-thábhachtach ag na naíonraí. Mura n-éiríonn leo, tá an t-am caite faoin am go dtagann sé chuig an meánscoil. Cén sórt plean atá ann chun an caighdeán a chinntiú sna naíonraí agus chun a chinntiú go bhfuil iadsan atá ag teacht go dtí na bunscoileanna chomh láidir sa Ghaeilge agus a bhféadfaidís?

Tá an-chuid béim ar chúrsaí inseirbhíse. Mar a luaigh an Dr. Hislop, tá go leor scoileanna beaga le múinteoir amháin ag freastal ar chúpla rang ag an am céanna.

Beidh sé deacair ar na scoileanna beaga sin ach go háirithe múinteoir a scaoileadh chuig cúrsa inseirbhíse. Cén plean atá ann do sin? An mbeidh inseirbhís ar fáil don scoil ar fad? An bhféadfadh Dr. Hislop soiléiriú a dhéanamh ar sin? Táim beagnach ann, a Chathaoirleach.

Ceart go leor.

Is smaoineamh iontach é méadú a dhéanamh ar líon na múinteoirí ex quota. Tá 30 múinteoir meánscoile agus 30 múinteoir bunscoile sa bhreis le bheith ann. Conas a tháinig an Roinn ar na figiúirí sin, go háirithe nuair atá 134 bunscoil Gaeltachta ann? Conas a roinnfidh amach na múinteoirí? An mbeidh ar na scoileanna éagsúla bheith in iomaíocht lena chéile nó na múinteoirí a roinnt? Cad ina thaobh nach bhfuil múinteoir ar fáil i gcomhair gach scoil? Conas a tháinig an Roinn ar na figiúirí sin?

Tá sé luaite mar phlean do ábhair meánscoile, cosúil le ceimic, fisic nó ábhair eile ina bhfuil sé deacair teacht ar mhúinteoir, go mbeidh múinteoirí ag úsáid an Idirlíon chun freastal ar chúpla scoil ag an am céanna. Conas a n-oibreoidh sé sin? An bhfuil plean oibrithe amach? Bheadh co-ordinating ar an tráthchlár ag teastáil idir cúpla scoil. Bheadh múinteoir saor nuair a bheadh an rang ar an Idirlíon. Bheinn ag súil go mbeadh na daltaí ag déanamh oideachais breise, ag cur lena stór focal nó ag feabhsú a chuid Gaolainne. Cad é an plean agus conas a n-oibreoidh sé sin? Go háirithe, conas a dhéanfar co-ordinating idir na scoileanna éagsúla? Má théann múinteoir amach breoite, cuirfidh sé isteach ar a rang féin ach freisin ar chúpla scoil eile ag an am céanna.

Bhí qualifier ag tús an ráitis oscailte go gcuirfear an straitéis i bhfeidhm "de réir mar a cheadaíonn acmhainní". Is ábhar buartha é sin ach go háirithe. Iarraim ar an Dr. Hislop soiléiriú a dhéanamh ar na hábhair sin.

Tá pointe nó dhó agam. Gabhaim buíochas le na finnéithe i dtús báire. Déanfaidh mé cúpla pointe gasta. Is polasaí úr é seo le spriocdáta de 2022 leagtha síos leis. I ndáiríre, beidh measúnú le déanamh ar an bpolasaí seo sa tréimhse ama sin. Ó féachaint ar an doiciméid a chur an Roinn os comhair an choiste inniu, tá an cuma air nach bhfuil na spriocanna atá leagtha amach ag an bpolasaí buan, cruinn nó beacht. Tá go leor ráite agus aontaím le go leor de faoin nGaeilge a láidriú agus múinteoirí agus deiseanna a chur ar fáil, ach níl spriocanna cruinne ann maidir le figiúirí agus mar sin de. Ba mhaith liom níos mó a fheiceáil ón taobh sin de.

Maidir leis an gcaiteachas airgid atá i gceist, €1 mhilliún don bhliain seo chugainn agus €3 mhilliún don bhliain ina dhiaidh sin, an bhfuil briseadh síos ar an gcaiteachas sin ar an dóigh ina mbeidh an t-airgead sin caite? Cé mhéad duine breise a bheidh fostaithe? Cén dóigh ina mbeidh an t-airgead seo caite? An bhfuil na figiúirí sin oibrithe amach go fóill? Glacaim leis go mbeidh plean gnó curtha le seo. An bhfuil sé sin ar fáil?

Tá cúpla pointe eile agam. Phléadh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sna scoileanna Gaeltachta agus tá géarchéim ansin i mo thuairimse. Bhí sé sin aitheanta ag Foras na Gaeilge, a bhí os comhair an choiste seo le gairid feasta. Tá fadhb ansin. Mar a dúirt mo chomhghleacaí, an Teachta Moynihan, ó bheith ag léamh na moltaí faoi chúrsaí inseirbhíse agus a leithéid sin, an bhfuil aon chuid den chaiteachas atá molta sa pholasaí úr seo le cur ar fáil chun caighdéan Gaeilge na múinteoirí a ardú? An bhfuil sé mar sprioc iad a dhéanamh níos compórdaí ag cur oideachais trí mheán na Gaeilge ar fáil i scoileanna Gaeltachta? An bhfuil aon chuid den airgead chun a bheith caite sna hinstitiúidí tríú leibhéal atá ag cur na cúrsaí ar fáil faoi láthair, siad sin Coláiste Phádraig, Coláiste Mhuire gan Smál, DCU agus Maigh Nuad? Cén céatadán den airgead a bheidh caite ar sin? Chomh maith le hairgead, cén spriocanna agus réamhobair a bheidh leagtha amach le cinntiú go mbeidh buntáistí le fáil ón bpolasaí seo?

Cad iad tuairimí na bhfinnéithe maidir le na figiúirí a dheireann go bhfuil 22 bunscoil sa Ghaeltacht nach bhfuil á reachtáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge? Cad a bheidh déanta sa pholasaí seo le sin a athrú idir seo agus 2022? Cad iad na céimeanna agus cé a bheidh á thiomáint? Beidh an t-aonad Gaeltachta ann agus cibé duine a bheidh fostaithe ansin páirteach. Cén fáth nach mbeidh an t-aonad Gaeltachta lonnaithe sa Ghaeltacht, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív? Ní fheictear domsa cén réasún nár chóir go mbeadh an t-aonad sin lonnaithe i nDún na nGall, sna Forbacha, Gaillimh, nó cibé áit sa Ghaeltacht. Tá go leor oifigí folamha ag Údarás na Gaeltachta, fiú, a bheadh oiriúnach don a leithéid de ionad. Dhéanfadh sé sampla maith. Má bhaineann an polasaí seo go huile is go hiomlán le cúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht, is cinnte go mbeadh sé ina bhuntáiste. Sampla maith a bheadh ann an t-aonad sin a lonnú sa Ghaeltacht. Bheadh pobal na Gaeltachta agus na múinteoirí a bheadh ag freastal ar chruinnithe éagsúla in ann freastal orthu sa Ghaeltacht in áit a bheith i mBaile Átha Cliath, Áth Luain nó áit éigin eile.

Dr. Harold Hislop

Maidir le príomhoide lárnach a luaigh an Teachta Ó Muineacháin, ní luaitear sa pholasaí an smaoineamh sin.

An cheist atá agam ná an é sin a bhí in aigne ag an Roinn.

Dr. Harold Hislop

Ní raibh sé sin in aigne againn. Má tá smaoineamh, seifteanna nó pleananna ag muintir na Gaeltachta gur mhaith leo a chuid scoileanna a chur ag gníomhú nó ag obair le chéile, leagann an polasaí amach go ndéanfar gach iarracht tacaíocht a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh. Níl an Roinn ag iarraidh plean éigin nó seift éigin a chur i bhfeidhm ar nós scoileanna a chur nó a bhrú le chéile nó scoileanna a dhúnadh. Mar sin féin, in áiteanna, b'fhéidir go dtiocfaidh scoileanna chugainn ag iarraidh go mbeadh scoileanna áirithe in ann comh-oibriú lena chéile, déanann sé ciall go dtabharfaidh an Roinn tacaíocht dóibh, más féidir, chun gur féidir é sin a dhéanamh. Nuair a bhíonn seans ag múinteoirí comh-oibriú lena gcomhghleacaithe i scoileanna eile in ionad a bheith ag obair i scoil iargúlta leo féin, tá a fhios againn gur féidir leo feabhas a chur ar a scileanna múinteoireachta. Is é sin an fhianaise atá ann. Má tá siad sásta lena leithéid agus má thagann siadsan le seifteanna chugainne, bheadh sé ait gan féachaint ar na seifteanna agus pleananna sin agus iarracht a dhéanamh cabhrú leo. Tá sé roghnach amach is amach. Níl sé ar intinn againn príomhoide amháin a chur i dhá scoil nó níos mó nó plean ar bith mar sin a chur i gcrích.

Maidir le cóipeanna den pholasaí, tá an ceart ag an Teachta. Chuireamar roinnt mhaith cóipeanna i gcló. Tá ar a laghad trí cinn, nó i gcásanna áirithe, cúig cinn, curtha chuig gach scoil sa Ghaeltacht. Tá sé faighte acu sa phost nó tá siad á fháil faoi láthair. Má tá fadhb ann agus ní fhaigheann scoil cóipeanna crua, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an Roinn agus déanfaimid sásamh a thabhairt dóibh.

Tá 40 cóip á lorg ag Coláiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne.

Dr. Harold Hislop

Tógfaidh mé na sonraí tar éis an chruinnithe.

Ó thaobh na naíonraí, tá an ceart ag an Teachta Dála go bhfuil fíor-thábhacht ag baint leis an luathoideachas. Níl cur síos iomlán sa pholasaí air ach tá páirt amháin a bhaineann leis an luathoideachas. Glactar sa pholasaí, áfach, gur faoi chúram na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige agus na Roinn Gaeltachta a thagann an luathoideachas. É sin ráite, nílimid ach tar éis teacht ó chruinniú le Roinn na Gaeltachta. Pléadh ansin cé chomh tábhachtach is atá sé na trí Roinn a chur ag obair lena chéile agus tá súil againn go mbuailfimid lena chéile sar i bhfad chun ceist an luathoideachais a phlé. Tá Údarás na Gaeltachta ar an bhfód anseo chomh maith mar thugann sé roinnt mhaith cabhrach agus tacaíochta do na naíonraí sa Ghaeltacht.

Bhí imní orainn nuair a rinneadh an taighde mar, dar leo féin, bhí 78% de na bunscoileanna ag gníomhú trí mheán na Gaeilge. Sin a dúirt na scoileanna féin dúinn. Bhí 68% de na hiarbhunscoileanna sásta é sin a rá dúinn. Nuair a rinneamar scrúdú ar na suíomhanna luathoideachais, áfach, bhí níos lú ná leath dóibh atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag gníomhú trí mheán na Gaeilge. Cuireann sé sin isteach go mór ar chumas na ndaltaí sa Ghaeilge. Abair go bhfuil an tumoideachas i scoil éigin. Má théann an gasúr óg ó naíonra a bhfuil an Béarla amháin á úsáid ann go dtí an scoil seo, is cinnte go mbeidh jab níos deacra le déanamh ag an mbunscoil. Feidhmíonn na naíonraí trí mheán na Gaeilge, ach ní bhíonn cuid mhaith de na scéimeanna um chúram agus oideachas na luath óige i limistéar Gaeltachta ag obair trí mheán na Gaeilge ach trí Bhéarla nó trí mheascán de Ghaeilge agus de Bhéarla. Glacann Roinn na Gaeltachta, áfach, go bhfuil ceist thábhachtach ann agus go bhfuil gá don Roinn réiteach a fháil ar an bhfadhb i gcomhoibriú linne agus leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.

Glactar go bhfuil cúrsaí inseirbhíse ag teastáil ní hamháin do mhúinteoirí ach do phríomhoidí na scoileanna chomh maith. Beidh cuid de na cúrsaí sin ag díriú ar conas plean teanga a scríobh agus a chur le chéile, na spriocanna a bhfuil gá ann dóibh sna pleannanna sin agus, mar shampla, conas múinteoirí agus tuismitheoirí a mhealladh chun obair na scoile a athrú ionas gur féidir leis an scoil a athrú ó a bheith ag obair trí mheán an Bhéarla go dtí an tumoideachas ag leibhéal na naíonán agus sa scoil ar fad. Beidh na cúrsaí á reachtáil ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, nó ag COGG in éineacht le Professional Development Service for Teachers, PDST, a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil do mhúinteoirí, agus an Lárionad Ceannaireachta Scoile atá lonnaithe i gContae an Chláir.

Luadh ceist mar gheall ar an e-scoil nó an scoil ar an Idirlíon. An fhadhb atá ag cuid de na scoileanna ag an dara leibhéal ná go bhfuil siad an-bheag ar fad. Mar shampla, tá 28 iarbhunscoil ar fad sa Ghaeltacht agus, astu san, tá 15 mhúinteoir nó níos lú ag 13 scoil. Tá sé thar a bheith deacair curaclam iomlán ag leibhéal na hardteistiméireachta a chur ar fáil nuair nach bhfuil ach an méid sin de mhúinteoirí ann. Do na hábhair breise ar nós fisic, ceimic, na heolaíochtaí agus roinnt ábhar eile, táimid chun triail a bhaint as an e-scoil chun a fháil amach an féidir linn cúrsa a chur ar fáil. Mar shampla, tá cuid de na scoileanna ag an meánleibhéal ar na hoileáin. An féidir linn cúrsaí Idirlíne a úsáid? Baintear úsáid astu i scoileanna Eorpacha faoi láthair. Bíonn cuid de na ceachtanna ar siúl sa Bhruiséil ach bíonn daltaí anseo in Éirinn - i mBaile Átha Cliath - ag tabhairt fúthu. Deir an polasaí go bhfuilimid chun triail a bhaint as chun a chinntiú an oibreoidh sé. Beidh a lán fadhbanna praiticiúla ag baint leis ó thaobh múinteoirí agus ranganna scoile a chur ag obair ag an am céanna, cúrsaí tráthchláir, cúrsaí tinnis le múinteoirí agus araile. Beidh na fadhbanna sin ann ach, dar linn, b'fhiú triail a bhaint as.

Glacaim leis na pointí a rinne an Seanadóir Ó Domhnaill maidir le measúnú. B'fhéidir nach bhfuil cuid de na haidhmeanna buan go leor nó beacht go leor. Beidh an t-aonad in ann breathnú air sin. Beidh orainn plean gnó a oibriú amach gach bliain chun go mbeidh spriocanna againn bliain i ndiaidh bliana. Is féidir linn na pointí a rinne an Seanadóir a scrúdú nuair atá na pleananna sin á chumadh.

Bhí ceist maidir le caiteachas airgid.

Dr. Harold Hislop

Ní chuimhin liom an cheist a bhí ann ach tá €1 mhilliún againn le caitheamh ar an bpolasaí an bhliain seo chugainn.

Bhí briseadh síos ag teastáil.

Briseadh síos ar an dóigh a bheidh an t-airgead caite. Ó thaobh an mheasúnaithe agus é a bheith beacht, nuair atá polasaí á chur i bhfeidhm, sin an chéad áit le tosnú. Ní féidir machnamh a dhéanamh tar éis tréimhse ama - sa chás seo in 2022 - muna bhfuil na spriocanna cruinn ag an tús mar níl slat tomhais ar bith ann. Má tá aon eagraíocht Stáit ag cur polasaí i bhfeidhm, tá sé fíor-thábhachtach go mbeadh na spriocanna leagtha amach go soiléir.

Dr. Harold Hislop

Glacaim go hiomlán leis sin. An príomhsprioc atá ann ná a chinntiú go bhfuil fáil ag chuile dalta sa Ghaeltacht ar Ghaeilge ar ardchaighdeán i scoil áitiúil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge. Teipfidh ar an bpolasaí muna n-éiríonn linn é sin a chur ar fáil. Ní chiallaíonn sé sin gur ghá dúinn na scoileanna ar fad atá lonnaithe sa Ghaeltacht anois a chur ag obair trí mheán na Gaeilge. Leanfaidh cuid acu sa treo sin agus athróidh siad go hiomlán i dtreo na Gaeilge. Beidh cuid eile acu, áfach, atá an rogha acu a ngnó a dhéanamh trí Bhéarla agus b'fhéidir go dtarlóidh sé sin. Tá spriocanna ann, áfach. An bhfuil fáil ag daltaí na Gaeltachta ar scoil trí mheán na Gaeilge? An mbeidh tuismitheoirí na Gaeltachta lán-sásta go bhfuil caighdeán an oideachais atá le fáil sna scoileanna sin ard go leor gur mhaith leo a ngasúir a chur ar na scoileanna sin thar aon scoil eile? Is féidir le scoileanna a bheith ag obair trí mheán na Gaeilge nó trí mheán an Bhéarla ach an cloch is mó a bhíonn ar phaidrín gach tuismitheoir ná go bhfaigheann a ngasúr oideachas den scoth sa scoil.

Is é an rud is tábhachtaí ná an caighdeán oideachais atá le fáil ag na daltaí.

Ceapaim go gclúdaíonn sé sin na ceisteanna. An raibh aon cheist eile?

Bhí ceist agam faoin airgead agus an dóigh a bhrisfear síos an caiteachas.

Dr. Harold Hislop

Rinneamar iarracht costas a chur ar gach ceann de na pointí éagsúla. Is é sin an fáth go ndearnamar na suimeanna agus go raibh €1 mhilliún ag teastáil sa chéad bhliain agus €3 mhilliún an bhliain ina dhiaidh sin.

Níl an t-airgead sin ag dul ar fhoireann a earcú má tá foireann á thógáil amach as rannóg eile sa Roinn. An bhfuil sé ag dul ar chaiteachas-----

Dr. Harold Hislop

Tá sé ag dul ar na gníomhaíochtaí éagsúla sa pholasaí. Tá cuid de do mhúinteoirí sa bhreis, do chúrsaí traenála agus do chúrsaí a chur ar fáil do na bun-oidí agus oidí ag an meán leibhéal. Caithfear íoc as na cúrsaí sin.

Ní hé sin an cheist a bhí aige. Bhí an cheist faoi chostasaí riaracháin na Roinne agus na státseirbhísí atá i gceist.

Dr. Harold Hislop

Beidh daoine á fhostú san aonad.

Ach nach bhfuil na daoine sin fostaithe sa Roinn faoi láthair?

Dr. Harold Hislop

Beimid á n-athrú ón obair atá ar siúl acu faoi láthair go dtí na postanna seo. Mar sin, beidh daoine eile le cur isteach sna folúntais a fhágfaidh siad. Amach as sin, tá foireann COGG le treisiú chomh maith. Níl dóthain oifigí ag COGG chun an obair seo a dhéanamh. Fuair COGG daoine sa bhreis i mbliana, ach beidh tuilleadh daoine ag teastáil chun tacaíocht a thabhairt do na scoileanna. Beidh siadsan ag teastáil chomh maith.

Tá dhá phointe a chur mé ceist faoi gur mhaith liom soléiriú a fháil orthu. An chéad rud ná an tacaíocht do scoileanna chun an t-iarratas a dhéanamh. Tá gach scoil gnóthach faoi láthair agus tá obair breise i gceist leis. An é an ciorcalán an t-aon chabhair?

Dr. Harold Hislop

Ní hé.

An mbeidh an ciorcalán ag teacht ón aonad oideachais Gaolainne nó ón Roinn?

Dr. Harold Hislop

Sula gcuireann muid an ciorcalán amach, beidh ar an aonad dul ag caint le Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tá sé ar intinn ag an Roinn go mbeidh coiste comhairliúcháin bunaithe chun cabhrú leis an aonad. Ar an gcoiste sin, tá súil againn go mbeidh Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige páirteach. Chomh maith le sin, táimid ag súil go mbeidh eagraíochtaí éagsúla cosúil le Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Gaeloideachas, ar a laghad, páirteach toisc gur mhaith linn tuairimí na ndaoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht nó ag obair i scoil Gaeltachta a fháil. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh pé rialacha a bheidh sa chiorcalán pléite againn le na dreamanna éagsúla. D'éirigh go maith linn tuairimí mhuintir na Gaeltachta a fháil chun an polasaí a chur le chéile. Ba mhaith linn go leanfadh an modh oibre sin ar aghaidh agus go mbeadh tuairimí muintir na Gaeltachta agus daoine le heolas sa bhreis acu ar oideachas sa Ghaeltacht, cosúil le muintir COGG agus araile, á scrúdú againn sula n-eisíonn muid an ciorcalán. Déanaimid iarracht é sin a dhéanamh, ach is é an t-aonad sa Roinn a scríobhfaidh an ciorcalán.

An dtiocfaidh sé ón Roinn?

Dr. Harold Hislop

Tiocfaidh sé ón Roinn.

Agus an mbeidh tacaíocht ann do na scoileanna?

Dr. Harold Hislop

Breathnóimid. Níl a fhios againn cé mhéad scoileanna a chuirfidh isteach ar an bpróiseas ar an gcéad lá. Is é mo thuairim go mbeidh cuid de na scoileanna lán-réidh le cur isteach ar an bpróiseas láithreach bonn nuair a thosaíonn sé. Beidh scoileanna eile leis an tuairim acu nach bhfuil siad réidh dul isteach sa phróiseas díreach nuair a thosnaíonn sé. Tiocfaidh siad isteach níos déanaí. Beidh treoirlínte agus araile ag dul leis an gciorcalán chun cabhair a thabhairt do na múinteoirí agus príomhoidí an t-iarratas a líonadh. Níl sé socraithe againn fós cé mhéad comhairle agus araile a bheimid in ann a thabhairt do na scoileanna sin. Is é sin ceann de na ceisteanna gur mhaith linn a phlé le Gaeloideachas agus le COGG. Ba mhaith linn go mbeadh COGG in ann cuid den chomhairle sin a chur ar na scoileanna.

Beidh cigirí ag gníomhú mar chomhairleoirí agus ag obair go dlúth le na scoileanna. Tá dhá jab le déanamh ag na cigirí. An chéad cheann ná moltaí agus comhairle a chur ar na príomhoidí. Freisin, beidh ceisteanna acu le cur ar na scoileanna ó am go ham faoi na spriocanna a shocraíodh, conas atá ag éirí leo na spriocanna sin a bhaint amach, cén cabhair atá ag teastáil uathu, an bhfuil cabhair ag teastáil le Professional Development Service for Teachers, PDST, ó COGG nó ó áit éigin eile agus cén fáth nach bhfuil ag éirí le gníomh amháin nó gníomh eile. Ag deireadh an téarma, beidh athbhreithniú le déanamh ar conas gur éirigh leis an scoil. Ar bhain an scoil na spriocanna a bhí ann amach? An bhfuil Gaeilge ar siúl sa scoil? An bhfuil an curaclam á chur i láthair go hiomlán trí mheán na Gaeilge?

Tá tuilleadh ceisteanna ag teacht, ach roimhe sin, ba mhaith liom cúpla ceist a chur. Bhí ceisteanna réitithe agam ach tá siad go léir curtha. Bhí ceist agam a chur beirt Teachta Dála faoin áit a mbeidh an t-aonad á lonnú. Tá sé ráite ag an bhfinné go mbeidh sé in Áth Cliath agus in Áth Luain.

Dr. Harold Hislop

An rud a dúirt mé ná go mbeidh na daoine a bheidh ag obair san aonad lonnaithe in áiteanna éagsúla. Ag an bpointe seo, beidh ceann-----

B'fhéidir go ligfidh an finné dom na ceisteanna a chur ar dtús. An ndearna an Roinn machnamh ar bith ar é a lonnú i gcibé cén Gaeltacht? Cé mhéad duine a bheidh ag obair san aonad? Beidh na daoine ag aistriú go dtí an t-aonad ag fágáil post. An bhfuil próiseas earcaíochta i gceist chun na poist sin a líonadh? Is polasaí dearfach amach is amach é, ach aontaím leis an Seanadóir maidir le scála ama.

Níl a lán taithí agam agus táim ag streachailt fós leis an nGaeilge, ach ag an am céanna, ritheann sé liom go bhfuil an tacaíocht is mó ag teastáil ó na scoileanna leis an réamhobair a dhéanamh chun an t-iarratas a chur isteach. Ní fheicim é sin ann. Tá géarchéim ann agus is é sin an fáth go bhfuil an polasaí againn anois. Tá sé léite agam. Níl ach fuinneog an-bheag fágtha chun rud éigin a dhéanamh. Mar sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh an bua ag an Roinn agus ag an gcoiste seo maidir leis an nGaeilge.

Chun é seo a chur i gcomhtheács, agus b'fhéidir go bhfuil sé seo ráite cheana féin, cé mhéad bunscoileanna agus iarbhunscoileanna atá lonnaithe sa Ghaeltacht faoi láthair? Cad iad na figiúirí ar sin? Tá a fhios agam go ndúirt an finné nach dtagann an luath-oideachas faoin Roinn Oideachais agus Scileanna, ach tá na figiúirí dochreidte i ndáiríre. Faoi láthair, tá 127 suíomh oideachais luath-bhlianta sa Ghaeltacht atá ag glacadh páirte, mar a dúirt an finné, sa chlár cúraim agus oideachais na luath-óige. Níl ach 59 ag feidhmiú trí Ghaeilge. Is géarchéim amach is amach é sin. Tá gá le plean práinneach maidir le sin, ainneoin nach faoin Roinn Oideachais agus Scileanna atá sé.

Maidir le 30 múinteoir ex quota-----

Dr. Harold Hislop

Rinne mé dearmad ar an gceist sin. Tá brón orm.

Ní féidir é sin a thuiscint gan é a chur i gcomhthéacs an mhéid scoileanna atá i gceist i dtús báire.

Cén uair a thosnóidh an cúrsa do mhúinteoirí nua? Má tá na baill fós anseo, déanfaimid caint níos déanaí ar litir a bhfuaireamar ar ais ó Fhoras na Gaeilge mar fhreagra ar cheist a d'ardaigh an Teachta Ó Cuív. Chuir sé iontas orm. In Institiúid Oideachais Marino, níl aon scrúdú cainte nó scríofa i gceist. Tá rogha ann tabhairt faoi aiste thaighde i litríocht na Gaeilge. I gColáiste Phádraig, tá scrúdú scríofa amháin. I gColáiste Mhuire gan Smál, tá scrúdú scríofa amháin. Ní léifidh mé an chuid eile, ach chuir sé iontas orm. Beidh an freagra sin ó Fhoras na Gaeilge á phlé againn níos déanaí. Maidir leis an gcúrsa nua, idir an dá linn, an mbeidh deighilt idir na múinteoirí atá Gaeilge d'ardchaighdeán acu agus na múinteoirí a bheidh ag teacht amach as an gcúrsa nua? Is iad sin mo cheisteanna.

Dr. Harold Hislop

B'fhéidir go dtógfaimid na ceisteanna ceann ar cheann.

Más féidir, agus ansin tiocfaidh mé ar ais isteach.

Ms Treasa Kirk

Is féidir liom an dáta a thabhairt do thús na gcúrsaí nua atá i gceist. Tá 2018 mar spriocdáta don chúrsa nua chun deiseanna a thabhairt do na hiarratais éagsúla agus chun tomhas a dhéanamh ar na hiarratais sin ó na hinstitiúidí éagsúla.

Dr. Harold Hislop

Is é sin an dáta is luaithe gur féidir leis a bheith.

An bhfuil sé sin i gceist do bhunscoileanna agus do iarbhunscoileanna?

Ms Treasa Kirk

Tá sé. Tugann sé deiseanna do na hinstitiúidí éagsúla.

Dr. Harold Hislop

Is é sin an dáta is luaithe gur féidir é a dhéanamh ar mar go gcaithfear ligeant do na hinstitiúidí éagsúla dul ag comórtasaíocht lena chéile taobh istigh den tendering process.

An bhfuilimid ag caint anseo faoi chúrsa i gcoláiste Béarla nó an bhfuilimid ag caint faoi seo a dhéanamh ar champas nach mbeidh ar siúl ann ach Gaeilge?

Ms Treasa Kirk

Beidh sé taobh istigh de roinn Gaeilge. Mar shampla, tá cúrsaí éagsúla ar siúl faoi láthair. Tá cúrsa ar leith ar siúl don iarbhunoideachas faoi láthair in Ollscoil na Gaillimhe, mar shampla.

Ach tá sé sin ar champas Béarla. Níl sé ar an gCeathrú Rua.

Ms Treasa Kirk

Tá a fhios agam.

An bhfuil i gceist ag an Roinn go mbeidh an cúrsa ar champas Gaeilge?

Dr. Harold Hislop

Caithfimid breathnú ar na hiarratais a thiocfaidh isteach agus pé áit óna thagann siad.

Tá chuile shórt sa tendering. Tá sé cosúil le na hoifigí phoist. Má dheireann an Roinn go bhfuil sé ag lorg iarratas le haghaidh seo nó siúd agus go gcaithfidh an campas a bheith ar bhonn lán-Ghaeilge, gheobhaigh sé iarratais ó champais lán-Ghaeilge agus, muna dtagann siad as sin, ba chóir iad a chaitheamh amach. Má thagann iarratas ó champas lán-Ghaeilge nó ó champas meascaithe, tiocfaidh sé isteach ar an dá bhealach. Cé acu a bheidh i gceist: éileamh go mbeidh an campas ar bhonn lán-Ghaeilge nó an cúrsa a chur ar champas a bheidh go ginearálta á rith trí Bhéarla?

Ar ndóigh, dá mbeadh sé ar champas lán-Ghaeilge, bheadh Gaeilge níos fearr fós ar an dream a thiocfadh amach as. Tá dreamanna a bhféadfadh é sin a sholáthar. D'fhéadfadh, mar shampla, coláiste beag iompú ar an nGaeilge ar fad agus a rá gurb é sin an speisialtacht acusan, ar nós Marino. É sin nó d'fhéadfadh muintir Bhaile Bhuirne a rá go gcuirfidh siad cúrsa ar fáil mar go bhfuil Coláiste Íde ann i gcónaí agus is leis an Stát é, nó d'fhéadfadh muintir an Cheathrú Rua a rá go ndéanfaidh siad é mar go bhfuil gach rud acu ar an gCeathrú Rua le tabhairt faoi. Tá oidí acu agus-----

Dr. Harold Hislop

Má tá institiúid lonnaithe sa Ghaeltacht agus má chuireann siad iarratas isteach, beidh an seans céanna acu páirt a ghlacadh.

Ach an pointe atá agam-----

Dr. Harold Hislop

Tuigim an pointe, is é sin, an gá go mbeadh sé mar choinníoll sa phróiseas?

Dr. Harold Hislop

Níl sé sin socraithe ag an bpointe seo. Mar sin, ní féidir liom freagra a chur ar an gceist.

Mholfainnse gur chóir go mbeadh.

Dr. Harold Hislop

Maidir leis an 30 múinteoir ex quota de agus conas iad a scaipeadh ar fud na scoileanna, arís táimid den tuairim gur fiú triail a bhaint as scéim mar seo. Tugann sé seans do mhúinteoirí nua-cháilithe eispéireas a fháil i scoil. Sa chéad bhliain, bíonn orthu tréimhse iomlán a chaitheamh ag múineadh go sealadach roimh dhóibh a bheith lán-cháilithe faoin gComhairle Mhúinteoireachta. Tabharfaidh sé an-sheans do oidí nua-cháilithe mar sin. Nílimid cinnte go nglacfaidh gach múinteoir leis an seans. B'fhéidir go bhfaighidh siad post buan i ngnáthscoil agus go nglacfaidh siad leis an bpost buan sin. B'fhéidir go dtosnóidh siad ar an scéim seo agus go n-éireoidh siad as roimh dheireadh na bliana toisc go bhfuil post buan faighte acu in áit éigin eile. Tá sé an-dheacair oibriú amach an mbeadh an 30 múinteoir againne ar feadh na bliana.

Ar an lámh eile, braithfidh sé ar an méid scoileanna sa Ghaeltacht a chuireann isteach ar aitheantas a fháil mar scoil Gaeltachta. Níl sé i gceist againn na múinteoirí a chur isteach ach amháin i scoileanna a bhfuil an t-aitheantas sin acu. Beimid ar ais os comhair an choiste chun an scéim sin agus torthaí na scéime sin a phlé ag dáta éigin eile. B'fhiú an seans a thabhairt do na hoidí taithí a fháil a bheith ag gníomhú i scoileanna den scoth sa Ghaeltacht. Is scoileanna den scoth a bheidh i gceist nuair a bheidh na scoileanna aitheanta mar scoileanna Gaeltachta.

Bhí ceist ag an gCathaoirleach faoi scála ama. Ar bhain sé sin leis an gcúrsa traenála?

Bhain sé le chuile rud, i ndáiríre.

Dr. Harold Hislop

Rinneamar iarracht sa pholasaí na spriocdátaí a chur isteach nuair a bhíomar lán-chinnte gur féidir linn cloí leo. Nílimid lán-chinnte cé mhéad ama a thógfaidh na céimeanna sa chuid eile de na pleananna atá ann. Mar sin, níor chuireamar isteach na dátaí sin. Clúdaíonn an polasaí tréimhse cúig bliana ina iomlán.

Bhí ceist ag an gCathaoirleach faoin réamhobair, an ghéarchéim atá ann agus an fhuinneog atá againn le déileáil leis. Níl aon dabht againne go bhfuil géarghá leis an bpolasaí seo sa Ghaeltacht. Is é sin an fáth gur thugamar faoin bpolasaí a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm. Cuireann na figiúirí a luaigh an Cathaoirleach mar gheall ar úsáid na Gaeilge eagla ar an Roinn chomh maith.

Bhí uimhreacha ag teastáil ón gCathaoirleach. Tá 134 scoil sa Ghaeltacht ag an mbunleibhéal. As sin, tá 20 acu a dheireann linne go bhfuil cuid de na hábhair á mhúineadh trí mheán na Gaeilge acu, ocht gcinn nach bhfuil ach an Ghaeilge á mhúineadh trí mheán na Gaeilge acu agus 106 a dheireann go bhfuil siad ag gníomhú trí mheán na Gaeilge. Ag an dara leibhéal, tá 28 scoil in iomlán sa Ghaeltacht.

An é sin 28 scoil?

Dr. Harold Hislop

Is ea, 28 meánscoil. Tá 21 acu atá ag gníomhú trí mheán na Gaeilge. Is é seo tuairim na scoile féin. Tá súil agam go dtuigeann an coiste é sin. Tá ceann amháin acu a dheireann go gcuireann sé cuid de na hábhair ar siúl trí mheán na Gaeilge ach nach gcuireann an curaclam go hiomlán ar siúl trí mheán na Gaeilge. Tá sé mheánscoil nach bhfuil ag múineadh trí mheán na Gaeilge seachas don Ghaeilge é féin ag an bpointe seo. Baineann na figiúirí don bhunleibhéal leis an an scoilbhliain roimhe seo, seachas an scoilbhliain reatha. Tá an pictiúr níos measa sa réimse luath-oideachas.

Tá mé an-bhuíoch go bhfuil freagraí cuimsitheacha faighte againn ó na finnéithe. Is minic nach bhfaigheann muid freagraí ar na ceisteanna a chuirtear ag coistí. Ba mhaith liom cúpla rud eile a tháinig chun solais nuair a bhí daoine eile romhainn a ardú.

Tá deacrachtaí ann cheana féin ó thaobh oiliúnt páistí le riachtanais speisialta ar nós uathachas. Cá luíonn sé sin ó thaobh an pholasaí agus ó thaobh na n-acmhainní? Go minic, bíonn brú ann na páistí seo a chur chuig scoileanna Béarla mar gheall go bhfuil na hacmhainní teagaisc, srl., níos fearr sna scoileanna sin.

Le déanaí, d'fhreastal mé ar chruinniú in Indreabhán maidir leis an straitéis 20 bliain agus an polasaí teanga áitiúil. Thuar roinnt de na múinteoirí nach gcuirfidh daltaí isteach ar an gcuraclam breise ag an leibhéal iarbhunoideachais muna mbeidh pointí breise ag dul leis an gcúrsa sainiúil Gaeilge d'ardchaighdeán. Is dóigh leo go mbeidh gá le buntáistí breise má tá daltaí le tabhairt faoi chúrsa atá níos deacra. Is é sin mar atá siad ag féachaint ar an bpointe seo.

Sílim gur fiú an pointe a d'ardaigh an Teachta Ó Cuiv ó thaobh an campas Gaeltachta a thógáil san áireamh. Tógaim rud amháin faoi ndeara faoin dream a thagann go dtí an Ghaeltacht agus a chaitheann seal sa Ghaeltacht. Nuair a chloiseann siad an teanga pobail, saibhríonn sé an teanga ar gach bealach. Más féidir é sin a thógáil san áireamh sna critéir atá á leagan amach do na cúrsaí, sílim gur fiú é sin a dhéanamh. Buntáiste an-mhór a bheadh i gceist.

Rinne na hoifigigh tagairt bheag do na deacrachtaí faoi leith atá ag na scoileanna ar na hoileáin. Nuair a bhí ionadaithe ó Ghaeloideachas os ár gcomhair, mhaígh siad go láidir gur cheart solúbthacht breise a thaispeáint i gcás na scoileanna oileánda. Céard is féidir leis an aonad a dhéanamh sa chás sin?

Ní úsáidtear an focal "solúbthacht" i gcomhthéacs an Roinn Oideachais agus Scileanna go minic, ach a mhalairt. I gcás iompar scoile, mar shampla, bíonn riail amháin don tír ar fad agus sin sin. Cén solúbthacht a bheidh ag an aonad nua? Tá sé ráite ag na hoifigigh go mbainfidh an t-aonad triail as rudaí éagsúla. Dúradh go mb'fhéidir gur gá rudaí a athrú anseo is ansiúd. De ghnáth, ní solúbthacht an rud is mó a bhíonn luaite leis an Roinn. Cén solúbthacht a bheidh ag an aonad rudaí a athrú taobh istigh de chúig bliana, ag cur san áireamh go mbeidh ar an aonad a chuid oibre a chur i gcomhthéacs an pholasaithe náisiúnta?

Cén ról a bheidh ag an t-aonad nua leis an gcoiste idir-rannach ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge? An mbeidh an t-aonad ag gníomhú ar son na Roinne i gcomhar le Roinn na Gaeltachta agus na Ranna eile mar an dream a bheidh ag plé leis an straitéis 20 bliain a chur chun cinn sa Roinn?

Meastar go bhfuil míbhuntáistí áirithe ag baint le scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge ós rud é go bhfuil tástálacha caighdeánaithe ar nós PISA leagtha amach do Bhéarlóirí don chuid is mó. An déanfar forbairt ar tástálacha caighdeánaithe a bheidh sonraithe don Ghaeilge mar chuid den obair forbartha a bheidh ar bun?

Cé go gcuirim fáilte roimh an moladh go mbeidh traenáil bhreise ar fáil do mhúinteoirí agus príomhoidí, srl., ba mhaith liom deacracht amháin a lua sa chomhthéacs seo. Má tá scoil dhá-oide nó scoil trí-oide ag iarraidh lá saoire a thógáil le oiliúnt a dhéanamh, tá sé deacair dóibh ionadaithe a fháil. An mbeidh an t-am tugtha dóibh imeacht le freastal ar na cúrsaí breise seo? Tá siad faoi bhrú cheana féin. Bíonn deacrachtaí acu nuair atá siad ag iarraidh freastal ar na cúrsaí inseirbhíse a chuireann an Roinn ar fáil. An mbeidh tacaíocht bhreise le fáil do na scoileanna Gaeltachta ó thaobh ionadaíocht de nuair atá na hoidí iontu ag iarraidh freastal ar na cúrsaí ar fad seo a bhaineann leis an bpolasaí nua?

Dr. Harold Hislop

Glacaim leis go bhfuil fadhb ann maidir leis an oideachas speisialta agus na riachtanais speisialta a bhíonn ag daltaí. Cloistear scéalta uaireanta mar gheall ar tuismitheoirí a chuireann a gcuid páistí chuig scoileanna Béarla toisc go bhfuil riachtanais speisialta acu. Caithfear a rá go bhfuil ranganna speisialta nó special classes i scoileanna áirithe atá lonnaithe sa Ghaeltacht. Tá 40 scoil ar fad i nGaeltacht Dhún na nGall agus tá ranganna speisialta ag dhá cheann acu. Is féidir é a dhéanamh. Tá 43 scoil sa Ghaeltacht i gContae na Gaillimhe agus tá ranganna speisialta ag dhá cheann acu.

Aontaím go bhfuil fadhbanna ann leis na teisteanna a bhaineann le oideachas speisialta agus riachtanais speisialta. Tá sé deacair go leor teisteanna mar sin a chumadh sa Ghaeilge toisc go bhfuil líon na ndaltaí chomh beag sin. Tá sé an-deacair standardisation a dhéanamh orthu nuair nach bhfuil ach dream fíor-bheag ag gníomhú trí mheán na Gaeilge agus nuair nach mbíonn na fadhbanna sin ach ag corrdhuine anseo is ansiúd. Tá sé thar a bheith deacair na teisteanna seo - diagnostic tests - a chumadh. Ar an lámh eile, tá na teisteanna don mhatamaitic, don Ghaeilge agus don Bhéarla ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge anois. Tá na leaganacha Gaeilge á n-úsáid ag na scoileanna sa Ghaeltacht. Foilsíonn an t-aonad i nDroim Chonrach a dhéanann taighde ar oideachas iad.

Déanfaidh an t-aonad a dhícheall ó thaobh solúbthacht na Roinne. Is cinnte go bhfuil jab mór le déanamh ag an aonad. Beidh sé ag obair le muintir na Gaeltachta agus na scoileanna Gaeltachta leis an bpolasaí a chur i bhfeidhm. Oibreoidh sé freisin mar nasc idir na scoileanna agus na rannáin eile sa Roinn a bhíonn ag déileáil le cúrsaí curaclaim agus inseirbhíse.

Chuala mé an pointe a dhein an Seanadóir maidir leis an teanga agus an CAO. Mar is eol dó, ní bhaineann an CAO leis an Roinn. Tá sé éasca dom an freagra sin a thabhairt, ach tá sé fíor mar sin féin. Baineann an CAO go huile is go hiomlán leis na hollscoileanna. Is féidir buntáistí eile a thabhairt do dhaltaí a bhfuil ag tabhairt faoin T1. Is cinnte gur bhuntáistí móra iad pointí CAO, ach is féidir buntáistí eile, ar nós deontais breise nó táillí níos ísle, a thabhairt do scoláirí nuair a théann siad isteach san ollscoil. Is léir go bhfuil solúbthacht ag teastáil agus muid ag smaoineamh ar an bhfadhb seo. Ceapaim go bhfuil ceist an CPD clúdaithe agam.

D'iarr mé ceist freisin maidir leis na scoileanna oileánda.

Dr. Harold Hislop

An féidir leis an Seanadóir an cheist sin a chur arís?

Tá deacracht faoi leith ó thaobh na n-uimhreacha sna scoileanna sin.

Dr. Harold Hislop

Glacaim leis sin.

Tá sé molta gur cheart scoláireachtaí a chur ar fáil le breis daoine a mhealladh go dtí na scoileanna seo. Ba chóir go mbeadh solúbthacht áirithe ann ó thaobh múinteoirí breise leis an gcuraclam leathan a sholáthar. Tá na huimhreacha íseal. Má tá an Roinn ag brath ar an gcóimheas idir daltaí agus múinteoir céanna, beidh fadhbanna ar leith ag na scoileanna seo maidir le hoiliúint.

Dr. Harold Hislop

Glacann an Roinn leis go bhfuil fadhbanna ag na scoileanna sin curaclam leathan a chur ar fáil. Tá iarracht á dhéanamh triail a bhaint as cúrsaí Idirlíne chun réiteach a fháil ar an bhfadhb sin. Tá sé deacair múinteoirí a mhealladh dul chuig na scoileanna sin chomh maith.

Bhí ar dhaoine imeacht le haghaidh vóta sa Dáil. Beimid ag críochnú ar ball. Cé mhéad daoine a bheidh san ionad nua? An ndearna an Roinn machnamh maidir leis an ionad a lonnú sa Ghaeltacht?

Dr. Harold Hislop

Déanann an tArd-Rúnaí cinntí mar sin. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh daoine a bhfuil ardchumas Gaeilge agus ardtuiscint i dtaobh an oideachais Gaeltachta acu ag gníomhú san aonad. Beidh duine amháin de cheannairí na Roinne lonnaithe in oifig na Roinne i mBaile Átha Luain.

Beidh príomhoifigeach cúnta lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus HEO nó EO ag obair leis nó léi idir Baile Átha Luain agus Baile Átha Cliath. Níl oifig againn faoi láthair lonnaithe sa Ghaeltacht ach beidh na cigirí a bheidh ag obair don aonad ann. Beidh timpeall cúigear de chigirí ag obair go páirtaimseartha leis na scoileanna. Ní bheidh siad ag obair go lánaimseartha. Beidh cuid dá ndualgais sa Ghaeltacht agus cuid eile acu lasmuigh den Ghaeltacht.

Cad é an figiúr atá molta don aonad?

Dr. Harold Hislop

Ceathrar san aonad agus na cigirí sa bhreis.

An ndearna aon duine machnamh maidir leis é a lonnú sa Ghaeltacht?

Dr. Harold Hislop

Níl an t-eolas iomlán agam ach, go bhfios domsa, níor pléadh é a bheith lonnaithe ach amháin in oifigí na Roinne atá againn faoi láthair.

Cuireadh ceist maidir le gá tuairisciú a dhéanamh. Bíonn orainn tuairisc a thabhairt don choiste atá ag Roinn na Gaeltachta ó thaobh an straitéis 20 bliain. Freisin, táimid freagrach don fhochoiste Rialtais a bhaineann le cúrsaí Gaeilge.

Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe. Tá a fhios agam go bhfuil sé deireanach san oíche agus é beagnach 7.15 p.m. Táimid buíoch de na finnéithe mar tá sé seo i bhfad níos soiléire anois dúinn. Is rud dearfach amach is amach é ach ní mór dúinn obair as lámh a chéile chun é a chur chun cinn. Sin an dúshlán is mó de réir mar a fheicimse é.

The joint committee went into private session at 7.15 p.m. and adjourned at 7.30 p.m. until 2.10 p.m. on Tuesday, 17 January 2017.
Top
Share