Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 21 Mar 2017

An Ghaeilge agus Breatimeacht: Díospóireacht

Tá trí eagraíocht os ár gcomhair. Tá ionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, Fhoras na Gaeilge agus Phobal ann. Ba mhaith liom céad míle fáilte a chur rompu go léir. Ba mhaith liom fáilte agus comhghairdeas a chur roimh Niall Comer, uachtarán nua Chonradh na Gaeilge. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh Julian de Spáinn, ar chas mé leis níos luaithe sa lá, agus Pádraigh Ó Tiarnaigh freisin. Ba mhaith liom fáilte ar ais a chur roimh Seán Ó Coinn ó Fhoras na Gaeilge, a bhí anseo cheana agus roimh Pól Ó Gallchóir agus Shane Ó hEidhin. Cuirim fáilte roimh Janet Muller ó Phobal freisin.

Tá fadhb beag againn inniu mar tá an Coiste um Oideachas agus Scileanna ar siúl ag an am céanna. Bíonn sé deacair i gcónaí. Beidh ar an Seanadóir Ó Clochartaigh an coiste a fhágáil i gceann leathuair a chloig. Gabh mo leithscéal. Ní haon mhasla do na finnéithe é, ach sin an chaoi a bhfuil sé anseo. Bíonn Teachtaí Dála agus Seanadóirí i gcónaí faoi bhrú. Cén eagraíocht lena dtosóimíd? Tá housekeeping le déanamh anseo maidir le cúrsaí dlí. Léifidh an Cléireach an píosa feiliúnach amach.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe ámh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráiteas tionscnaimh a chuireann siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe, nó leis na hoifigigh, ina ainm nó ina hainm ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Tá sé deacair. Tá an jab éasca agamsa. Ní mór do na finnéithe a bheith cúramach lena gcuid focal fad is atá siad ag caint.

Ms Janet Muller

Creideann Pobal gur cearta daonna iad cearta teanga agus díreoidh mé san aitheasc gairid seo ar roinnt impleachtaí a dtiocfaidh i gcás an Bhreatimeachta. I dtaca le cearta go ginearálta, ach go háirithe maidir leis an Ghaeilge sna Sé Contae agus ar ár n-oiléan ar fad, cad iad na cosaintí a tugtar ó Thuaidh anois nach mbeidh ar fáil dúinn i ndiaidh Breatimeachta? Is iomaí gnéithe atá ag an Aontas Eorpach ach tá dhá ghné tábhachtacha ann a bhfuil mé chun díriú orthu inniu, an Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus forbairt agus cur i gcrích dlíthe a bhaineann le comhionannas agus le leatrom. Caithfear a aithint, áfach, le blianta beaga anuas nach ndearna beart de réir briathair san Aontas Eorpach i gcónaí agus go bhfuil ísliú ann i gcearta sóisialta agus eacnamaíochta, go háirithe ó thaobh na dteifeach agus na n-inimirceach de.

Go dtí seo, ar na buartha is mó a léirigh eagrais chearta daonna agus teanga tá imní faoi thitim i gcaighdeán agus i gcur i gcrích chearta daonna le himeacht na Breataine Móire ón AE. Dar le roinnt de na heagrais seo tá baol ann go ndéanfaidh Rialtas na Breataine an tAcht um Chearta Daonna sa Ríocht Aontaithe a aisghairm i gcomhthéacs na seineafóibe. Dar linn, má théann Rialtas na Breataine siar ar chosaintí chearta daonna tá baol ann go n-imreoidh sé sin tionchar diabhalach ar phroiséas na síochána ó Thuaidh agus go gcuirfidh sé le hionsaithe ar an Ghaeilge go háirithe.

Faoi láthair tá stádas na Gaeilge ó Thuaidh ag braith ar ionstraimí idirnáisiúnta de chuid Chomhairle na hEorpa den chuid is mó, an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus an Creat-Choinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta. Cé nach gá go dtitfidh siad as feidhm mar gheall ar Bhreatimeacht, tá doiléireacht ann faoina gcur i bhfeidhm go leanúnach ina dhiaidh sin. Cúis imní ar leith é seo uilig nuair nach bhfuil cosaint láidir reachtaíochta ann don Ghaeilge ó Thuaidh. Ní féidir an teanga a chur chun cinn ar an oileáin ar fad nuair atá stádas na Gaeilge ó Thuaidh in úsáid ag roinnt de na páirtithe poilitiúla agus ag Rialtas na Breataine mar a bheidh liathróid peile ann.

Ó 2001 go dtí an lá inniu tá Pobal i mbun monatóireachta ar chur i gcrích ó Thuaidh na n-ionstraimí idirnáisiúnta a thagair mé dóibh. I mí na Márta 2016 chuir Pobal réamhthuairisc faisnéis-bhunaithe faoi bhráid an choiste chomhairleach ar an chreat-choinbhinsiún agus bhuail muid le hionadaithe an choiste, Neven Aneli, ball an choiste chomhairleach ó Bosnia agus Herzegovina, Tomá Hrusti ón Slovak Republic agus Tove Malloy, ball na Danmhairge ar an choiste. Bhí muid in ann chur in iúl dóibh caidé mar atá an creat-choinbhinsiún á chur i bhfeidhm.

Mar thoradh ar an chaidreamh fada atá againne leis na saineolaithe seo agus ar chaighdeán ár dtuairiscí thar na blianta, neartaigh an coiste a chuid moltaí i gcomparáid le 2007 agus 2011 maidir le hAcht na Gaeilge don Tuaisceart. Dúirt an coiste gur ceart do Rialtas na Breataine comhaontú polaitiúil a chruthú insan Tuaisceart maidir le tabhairt isteach an Achta. Tagann an moladh láidir seo ó na saineolaithe le moladh 2014 de chuid an choiste ar an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Bhuail muid leis an choiste i 2013 agus roimhe sin, thar na blianta. Mar thoradh ar ár n-ionchur áitíonn sé go bhfuil "persisting hostile climate" ag leibhéal an Tionóil maidir leis an Ghaeilge agus, chomh mhaith leis sin, dúirt sé gur cheart reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach láithreach.

Comhshínitheoir é Rialtas Theach Laighean ar Chomhaontú Chill Rìmhinn 2006 ina dtugtar gealltanas reachtaíocht Gaeilge a thabhairt isteach. Iarrtar ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán tacaíocht lán chomh láidir le tacaíocht na saineolaithe de chuid na hEorpa a thabhairt do mholtaí Phobal, a d'fhoilsigh muid sa document Acht na Gaeilge Tuaisceart Éireann Eisiúint 2. Sílim gur scaipeadh an cháipéis seo cheana féin. Tá na moltaí seo comhaontaithe le pobal na Gaeilge agus curtha le chéile le comhairle ó na saineolaithe dlí agus teanga is iomráití ar an domhain, an tOllamh Robert Dunbar ó Dhún Éideann, an tOllamh Colin Williams ó Ollscoil Chaerdydd agus Cambridge, an tOllamh Wilson McLeod, Ollscoil Dhún Éideann, agus an tOllamh Fernand de Varennes, Ollscoil de Moncton, Ceanada.

Is léir, agus cainteanna ag dul ar aghaidh ó Thuaidh, go bhfuil deis nua ann dul chun cinn suntasach a dhéanamh ar an cheist seo. Iarrtar ar an Chomhchoiste ról gníomhach láidir a imirt le cinntiú go dtugtar isteach an tAcht is cuimsithí agus is láidre gur féidir. Dar linn, ní fiú reachtaíocht lag easnamhach a thabhairt isteach agus comhthéacs seicteach, achrannach ann go fóill i dTuaisceart na hÉireann i dtaca leis an Ghaeilge de.

An bhfuil cóip den chur i láthair sin ag an bhfinné?

Ms Janet Muller

Tá. Sílím gur cuireadh amach é cheana féin.

Nílim cinnte faoi sin mar tá cóip eile againne. Leanfaimid ar aghaidh leis na trí chur i láthair.

Mr. Pól Ó Gallchóir

Cuirim buíochas roimh an gCathaoirleach as an chuireadh cur i láthair a dhéanamh ar an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann tar éis an Bhreatimeachta. Is údár mór buairimh ag Foras na Gaeilge an Breatimeacht agus tréaslaímid leis an Bhuanchoiste as an cheist seo a phlé.

Mar a chuir muid in iúl inár ráiteas tosaigh, tá Foras na Gaeilge ar cheann de na comhlachtaí forfheidhmithe tras-Teorainn a bunaíodh mar chuid d'fheidhmhiú Chomhaontú Aoine an Chéasta. Baineann ár gcuid cúraimí reachtúla leis an dá dlínse. Tá oifigí againn i mBéal Feirste agus ochtar mball foirne lonnaithe iontu. Ainmnítear ochtar dár gcomhaltaí boird faoi choimirce an Rialtas ó Thuaidh as 16 ina iomlán. Táimid freagrach don Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas atá comhdhéanta d'Airí Rialtais ón dá dhlínse. Cuireann an Rialtas ó Thuaidh 25% dár maoiniú ar fáil dúinn agus de réir sin cuirfimid sciar mór dár maoiniú ar fáil do dheontaithe sa dlínse ó Thuaidh. Mar sin de, is cinnte go mbeidh impleachtaí móire ag an Bhreatimeacht dár n-obair an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-Éireann. Rachaidh an Breatimeacht go mór i bhfeidhm ar ár ndeontaithe agus ar ár bhfostaithe ó Thuaidh agus ó Dheas, de réir sin rachaidh sé go mór i bhfeidhm ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann.

Iarraim ar Sheán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, aitheasc Fhoras na Gaeilge a chur i láthair ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann tar éis an Bhreatimeachta.

Mr. Seán Ó Coinn

Baineann cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann go príomhá le daoine - le fostaithe atá fostaithe chun tacú le cur chun cinn na Gaeilge, le hoibrithe deonacha, le pobal na Gaeilge in áiteanna éagsúla ar fud na tíre, leis na gréasáin shóisialta agus na deiseanna úsáide a chuirtear ar fáil dóibh le húsáid laethúil a bhaint as an Ghaeilge, leis an tacaíocht maoinithe a chuirtear ar fáil dóibh agus an timpeallacht ina bhfuil an Gaeilge a fhorbairt nó i bhfocal eile, dearcadh na n-údáras, dearcadh an mhórphobail agus dearcadh phobal na Gaeilge orthu féin. Beidh tionchar ag an Bhreatimeacht ar na nithe sin uilig, go háirithe ó Thuaidh, ach chomh mhaith leis sin i gceantair in aice leis an Teorainn ó Thuaidh agus ó Dheas, agus, i ndairíre, ar fud na hÉireann.

I dtús báire, cúpla focal fadúda na daoine iad féin. Tá Foras na Gaeilge buartha go mbeidh impleachtaí taistil ann dár bhfostaithe agus dár gcomhaltaí boird mar seo a leanas. Tá líon beag d'fhostaithe Fhoras na Gaeilge ina gcónaí i gceann amháin den dá dlínse agus cúraimí oibre orthu sa dlínse eile. Bíonn orthu taisteal thar an Teorainn ar bhonn laethúil. Ní fios go fóill an mbeidh moill nó bac ar thaisteal den chineál seo amach anseo. Ní fios ach an oiread cad iad na socruithe a bheidh i bhfeidhm le cead a thabhairt do dhaoine a bheith ina gcónaí lasmuigh den Aontas Eorpach agus fostaithe, nó ag obair, laistigh den Aontas Eorpach. Ní fios cad iad na socruithe a bheidh ann do dhaoine atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus iad fostaithe san Aontas Eorpach. Tá castachtaí ag baint leis sin dúinne, agus ar ndóigh do na sé cheanneagraíochtaí.

Tá an t-airgeadra ina n-íoctar tuarastáil, an ráta málarta, cúrsaí pinsin, asbhaintí as tuarastáil, rochtain ar sheirbhísí leasa shóisialaigh agus rochtain ar sheirbhísí sláinte uilig san áireamh. Tá comhaltaí boird agus fostaithe de chuid Fhoras na Gaeilge lonnaithe i nDún na nGall a mbíonn orthu taisteal trí dhlínse an Tuaiscirt mar chuid dá gcuid oibre go minic. Ní fios go fóill an mhoill nó na bacanna a chuirfear ar na daoine sin a bhíonn ag dul trí dhlínse amháin agus ceann scríbe acu insan dlínse eile.

Táimid buartha go mbeidh tionchar ag sin uilig ar dhaoine a bheidh sásta fostú a ghlacadh le heagraíochtaí Gaeilge, le Foras na Gaeilge, agus leis na sé cheanneagraíocht. Tá sé deacair go leor faoi láthair daoine a mhealladh le bheith ag obair le heagraíochtaí Gaeilge gan na castachtaí breise seo. Mar sin, cé nach gcuirfidh ceann ar bith de na nithe thuasluaite isteach go díreach ar chur chun cinn na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann, bainfidh siad d'éifeachtacht na n-iarrachtaí sin. Déanfaidh siad an obair níos casta, níos deacra, níos neamhtharraingtí agus níos fadálaí.

Lena chois sin, tugann suas le 9,000 dalta scoile cuairt ar champaí Gaeltachta i nDún na nGall achan bhliain, agus an chuid is mó acu sin as Sé Chontae an Tuaiscirt. Ní fios cén tionchar a imreoidh an Breatimeacht ar sin. Má bhíonn na cuairteanna sin níos costasaí agus níos deacra a dhéanamh beidh laghdú ar líon na ndaoine a rachaidh agus laghdú, dá réir, ar líon na ndaoine a bheidh ag dul don Ghaeilge sa phobal ó Thuaidh. Beidh impleachtaí airgeadais ann feasta do phobal na Gaeltachta. Nach gcuireann na coláistí samhraidh go mór le turasóireacht sa cheantar Gaeltachta sin? I láthair na huaire, bíonn moill fhada idir Tír Eoghain agus Dún na nGall gach deireadh seachtaine sa samhradh le cuairteoirí ag taisteal go Dún na nGall, sin méid an tráchta go díreach gan bac ar bith ann i dtaca leis an Teorainn de.

I dtaca le soláthár oideachais tras-Teorainn de, bíonn daoine sna contaetha cois Teorann ag brath go mór ar sholáthar oideachais lán-Ghaeilge ag an trí léibhéal insan dá dhlínse. An mbeidh cead ag páistí ó dheisceart Ard Mhacha agus ó Lios na Scéithe taisteal go Gaelscoil áirithe i Muineachán, ó Gaelscoil Uí Dhochartaigh ar an Trá Bhán go Choláiste Ailigh i Leitir Ceannáin, nó ó na trí Ghaelscoil i nDoire go Ghaelcholáiste Chineál Eoghain in Inis Eoghain, mar a tharlaíonn san am atá i láthair? Murar féidir leis an taisteal thar Teorann seo a réiteach beidh impleachtaí móire aige sin do chumas tuismitheoirí teacht ar Gaeloideachas dá gcuid páistí agus impleachtaí d'earnáil na Gaelscolaíochta Thuaidh agus Theas dá réir. Tá na tuismitheoirí ag brath ar na hinstitiúidí thar Teorann agus tá na hinstitiúidí ag brath ar na daltaí feasta.

Do phobal Dhún na nGall agus do Ghaeltacht Dhún na nGall atá ag iarraidh stáidéar a dhéanamh ar an nGaeilge, tá Ollscoil Ulaidh, Ollscoile na Ríona i mBéal Feirste agus Coláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. Tá siadsan ar na roghanna is minicí a dhéantar. Cuireann sé go mór leis an soláthar sna trí institiúid seo scoláirí sa Ghaeltacht a bheith i dtimpeallacht na hOllscoile. Déanann cuid de na scoláirí seo cónaí sa Tuaisceart. Téann siad ag obair in earnáil na Gaeilge insan Tuaisceart agus in earnáil na Gaelscolaíochta. Cuireann siad go mór le timpeallacht na Gaeilge ó Thuaidh. Má stadfar é seo, bheidh tionchar aige seo ar líon na ndaoine a mbeadh cumas sa Ghaeilge acu agus a bheidh ar fáil le bheith páirteach i ngluaiseacht na Gaeilge ó Thuaidh.

Rinneadh trácht cheana ar an Chairt Eorpach. Gan Acht Gaeilge, is í an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh an phríomhchosaint agus an príomhspreagadh don Stát ó Thuaidh seirbhísí a sholáthar agus a chur ar fáil don Ghaeilge. Ní chairt de chuid an Aontas Eorpaigh í an Chairt Eorpach, baineann sí le Comhairle na hEorpa atá neamhspleách ar an Aontas Eorpach. Cé nach leis an Aontas Eorpach an Chairt, tá cuid mhaith de na caighdeán inti bunaithe ar dea-chleachtas i dtíortha san Aontas Eorpach. Tá an-bhuaireamh ann ó Thuaidh nach mbeidh i gceist leis an Bhreatimeacht ach tús - tús le gluaiseacht imeachta ó struchtúir eile Eorpacha, diúltú de chaighdeán idirnáisiúnta agus forbairt dhearcadh cúng neamhspleáchais agus insan timpeallacht sin, in éagmais reachtaíocht Gaeilge ó Thuaidh, ní bheidh cosaint ann don Ghaeilge nó do chainteoirí Gaeilge ó Thuaidh.

Maidir le cur chuige tras-Teorainn, ní fios go fóill an tionchar a bheidh ag an Bhreatimeacht ar na comhlachtaí forfheidhmithe tras-Teorainn. Ní fios cé acu a d'fhéadfadh Rialtas na Breataine a éifeacht a laghdú nó an maoiniú dóibh a laghdú.

Tá barraineachtaí scála i gceist maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn tras-Teorainn agus is céim siar shuntasach a bheadh i gceist dá gcaillfí seo.

Ó bunaíodh Foras na Gaeilge 16 bliana ó shin, tá an cur chuige uile-Éireann i ndiaidh cur go mór le gluaiseacht na Gaeilge ar dhá thaobh na Teorann. Tá an-mhórán foghlama déanta ag díograiseoirí óna chéile ar fud na tíre. Tá deis curtha ar fáil do phobal an Tuaiscirt leas a bhaint as forbairtí ó Dheas, macasamhail forbairtí foclóra, téarmaíochta, téacsleabhar, gan trácht ar mhodhanna oibre, oiliúint agus taighde. Cé nach mbeidh bagairt láithreach ann do na rudaí seo, de réir a chéile, dá fhada ó chéile a bhogann an dá Stát, de dheacra a bheidh sé a bheith ag gluaiseacht anonn is anall thar an Teorainn agus is deacra a bheidh sé buntáistí an chur chuige uile-Éireann sin a thabhairt in éifeacht. Tá pobal na Gaeilge sa dá dhlínse ag brath ar chleachtóirí i réimse na n-ealaíon, an oideachais, an spóirt, na meáin, an cheoil agus na teilifíse ar fud an oileáin le riar ar riachtanais an oileáin ar fad.

Tá líon na gcleachtóirí ar féidir leo gníomhú trí mheán na Gaeilge ar fud an oileáin beag go leor. Dá réir sin, bíonn pobal na Gaeilge sa dá chuid den oileán ag brath go minic ar chleachtóirí ón dlínse eile, ag brath ar iad a bheith ar fáil, ábalta, sásta agus spreagtha le freastal a dhéanamh ar phobal na Gaeilge sa dlínse eile. Ar ndóigh, is é pobal na Gaeilge ó Thuaidh is mó a bheidh thíos leis seo mura mbeidh na cleachtóirí sin ar fáil. Tá cleachtóirí lonnaithe ó Thuaidh fosta i réimse na hiriseoireachta, an cheoil agus na n-ealaíon a bhfuil pobal na Gaeilge ar fud na tíre agus ó Dheas ag brath orthu.

Maidir le stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach, beidh deiseanna fostaíochta do lucht aistriúcháin agus eile atá ar fáil san Aontas Eorpach ag méadú sna blianta beaga atá romhainn, de réir mar a chuirtear deireadh le moilliú ar an stádas oifigiúil don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Is deiseanna iad sin a bhí ceilte ar lucht na Gaeilge ó Thuaidh. Dá réir sin, beidh buntáiste breise a bhaineann leis an nGaeilge ceilte ar phobal na Gaeilge ó Thuaidh. Tá deiseanna fostaíochta ar cheann de na hargóintí is láidre do chur chun cinn na Gaeilge i measc na hóige agus i measc thuismitheoirí. Cuireann deiseanna fostaíochta idirnáisiúnta an Ghaeilge ar chomhchéim le teangacha Eorpacha eile. Mura mbaineann an argóint sin leis an phobal ó Thuaidh, déanfaidh sé lagú ar stádas na Gaeilge sna scoileanna agus sna hollscoileanna. Nuair a imeoidh an Ríocht Aontaithe as an Aontas Eorpach, ní bheidh tír ar bith eile ann leis an Bhéarla a iarraidh mar theanga oifigiúil.

An mbeidh ar Rialtas na hÉireann an stádas sin a iarraidh don Bhéarla? Má dhéanann siad sin, beidh deireadh leis an stádas oifigiúil don Ghaeilge atá le teacht in 2021. Tá ráite linn nach dtarlóidh sin, ach is riosca atá ann mar sin féin. Ó thaobh an chúlú eacnamaíochta a d'fhéadfaí tarlú de bharr an Bhreatimeachta, tá contúirt ann go dtarlóidh sé sin ó Dheas agus is léir ón chúlú eacnamaíochta is déanaí, an ceann atá in ainm a bheith díreach thart, má bhíonn ciorruithe Rialtais le déanamh ó Dheas, gurb í an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an Roinn is túisce agus is troime a bhuailfear. Is léir gurb í an Ghaeilge sa Roinn sin is túisce agus is troime a bhuailfear. Is léir gurb iad Foras na Gaeilge agus na heagraíochtaí Gaeilge eile atá ag plé leis an earnáil is túisce agus is troime a bhuailfear sa chomhthéacs sin.

Tá dochar mór déanta do ghluaiseacht na Gaeilge ó thosaigh ciorruithe in 2008. Tá €7 milliún bainte d'ár mbuiséad agus ta ár mbuiséad le haghaidh deontais laghdaithe le níos mó ná 40%. Dá mbeadh sin ag tarlú sna blianta beaga atá romhainn de bharr cúlú eacnamaíochta eile, bheadh sé tubaisteach don Ghaeilge ar fud an oileáin. I gcomhthéacs an chúlaithe eile, an mbeadh an €7 milliún atá geallta don pholasaí don oideachas Gaeltachta ar fáil? An mbeadh na hacmhainní breise atá i ngeallúint do na limistéir pleanála teanga sa Ghaeltacht ar fáil? Cá bhfios? An dtosóidh pobal na Gaeltachta ag dul ar imirce arís eile de bharr géarchéim eacnamaíochta? An dtiocfaidh slua mór abhaile as an Bhreatain nó as an Albain chun na Gaeltachta le fanacht taobh istigh den Eoraip? An gcuirfidh sin tuilleadh brú ar an bpróiseas pleanála Gaeilge sa Ghaeltacht?

I dtaca le craolacháin dó, níl a fhios againn cé acu a bheidh tionchar ag an Bhreatimeacht ar chúrsaí craolacháin, teilifís agus raidió. Taobh amuigh den chorrchlár ar BBC, tá pobal na Gaeilge ó Thuaidh ag brath go hiomlán ar RTE agus ar TG4 dá soláthar Gaeilge. An leanfaidh an cur chuige reatha? Níl a fhios againn. An mbeidh cead ag TG4 craoladh thar an Teorainn seachas trí Sky? Níl a fhios againn.

B'fhéidir go mbaineann an chontúirt is mó don Ghaeilge leis an timpeallacht ina bhfuil sí ag forbairt. Is é an líon mór de nithe beaga a fhágfaidh an timpeallacht neamhfháilteach ó Thuaidh go háirithe. Beidh pobal Gaeltachta Dhún na nGall gearrtha amach ó phobal na hÉireann, Thuaidh agus Theas, de bharr chúrsaí taistil, an ráta malairte agus bacanna a bhaineann le cúrsaí oideachais. Beidh pobal Gaeilge an Tuaiscirt gearrtha amach ón gcuid eile de phobal Gaeilge na hÉireann de bharr chúrsaí taistil, an ráta malairte agus bacanna a bhaineann le cúrsaí oideachais agus fostaíochta trí Ghaeilge. Beidh níos lú cosantaí don Ghaeilge ó Thuaidh agus níos lú tacaíocht di ón mhórphobal dá bharr. De réir a chéile, ní bheidh sochaí an Tuaiscirt agus Rialtas na Breataine á meas féin de réir caighdeáin Eorpacha. Ní bheidh an tionchar céanna, nó an cailliúint cliú céanna, ag comparáidí staitisticiúla idir Rialtas na Breataine agus rialtais eile de chuid na hEorpa i réimsí an oideachais, na dteangacha, na gcearta don saoránach agus dá réir sin. Beidh, thar am, ceangal níos lú ag an bpobal ó Thuaidh le pobal an Deiscirt i gcoitinne agus, de réir sin, níos lú tacaíocht ón ghnáthphobal ó Thuaidh don Ghaeilge mar rud atá ábhartha dá saoil.

Déarfaidh mé cúpla focal faoi caidé mar is féidir dul i ngleic le hiarmhartaí an Bhreatimeachta san am atá i láthair. I ndáiríre, níl mórán uilig gur féidir lenár macashamhail a dhéanamh. Is cinnte nach mbeidh an Breatimeacht ina chuidiú don Ghaeilge. Is cinnte go gcruthóidh an Bhreatain mar deacrachtaí go leor don teanga agus do dhaoine a oibríonn léi. Agus muid ag amharc ar an mbealach is fearr le plé leis na dúshláin is mó a thiocfaidh ar an mbealach, is próiseas measúnaithe rioscaí is mó atá i gceist de bharr na héiginnte.

Beimid ag cur comhairle ar an Rialtas ó Thuaidh maidir le reachtaíocht don Ghaeilge mar chosaint don Ghaeilge. Beimid ag forbairt pleananna le dul i ngleic le buntáistí agus míbhuntáistí an ráta malairte. Beimid ag cur chás na Gaeilge i láthair an dá Rialtas, ionadaithe polaitiúla agus na meáin i dtaca leis an gceist seo sna míonna agus sna blianta atá amach romhainn. Beimid ag déanamh infheistíochta sa teicneolaíocht le nach mbeimid ag brath ar thaisteal agus ar phostas. Beimid ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí fostaíochta dár bhfostaithe fhéin agus do fhostaithe na gcinn-eagraíochtaí.

I ndeireadh na dála, tuigeann muid gur mhioncheist í cur chun cinn na Gaeilge sa mhórdhíospóireacht i leith an Bhreatimeachta do Rialtas na Breataine agus, go pointe, do Rialtas na hÉireann.

Gabhaim buíochas le na finnéithe. Anois, glaoim ar Chonradh na Gaeilge.

Dr. Niall Comer

Ar son Chonradh na Gaeilge, gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le cléireach an chomhchoiste as an deis seo a thabhairt dúinn inniu chun labhairt leis an gcoiste faoi na himpleachtaí a d'fheadfaí a bheith ag an mBreatimeacht ar an nGaeilge. Tá ról an-láidir le himirt ag Rialtas na hÉireann le cinntiú go mbeidh cosaint ag pobal na Gaeilge ó Thuaidh, agus tá súil againn go mbeidh an comhchoiste sásta glacadh le rún molta atá againn a luafaidh mé ag deireadh mo chainte.

Ba mhaith liom píosa a rá ag an tús faoin obair atá ar bun ag Conradh na Gaeilge i gcomhthéacs na Eorpa. Is ball gníomhach muid don ghrúpa feachtasaíochta agus ionadaíochta, Líonra Comhionannais Theangacha na hEorpa, ELEN. Tá ionadaíocht ag an eagraíocht ar choiste stiúrtha ELEN. Tá nascanna oibríochtúla againn le heagrais teanga fud na hEorpa agus bíonn muid ag obair go dlúth leo ar cheisteanna a bhaineann le cosaint agus cur chun cinn teangacha dúchasacha na hEorpa i rith ama. Chomh maith leis sin, bíonn cruinnithe rialta againn le buanionadaíocht na hÉireann sa Bhruiséil agus le feisirí Eorpacha na hÉireann.

Táimid páirteach i dtionscadail atá á mhaoiniú ag an Aontas Eorpach, i gcomhar le páirtnéirí eile. Mar shampla, tá scéim againn dírithe ar shealbhú teanga do dhaoine fásta, go háirithe do mhionlaithe eitneacha agus inimircigh, i gcomhar le CMPV i Valencia agus grúpaí eile san Ungáir.

Chomh maith leis sin, tá ionadaíocht láidir ag an gConradh ag ócáidí ar fud na hEorpa, mar shampla, bhíomar ag Eisteddfod na Breataine Bige sa bhliain 2016 agus ag éisteacht oifigiúil an Aontas Eorpaigh sa bhliain chéanna. Chuir muid litir poiblí le chéile, i gcomhar le páirtnéirí ón Albain agus ón Bhreatain Bheag, i mbéal an vóta ar an Bhreatimeacht ag tabhairt le fios ár mbuairimh faoin vóta cinniúnach sin. Chuir muid mar Chonradh an ráiteas sin amach ag maíomh ár ngaoil ar an tuiscint go dtéann ballraíocht san AE chun tairbhe dár bpobail agus go gcuireann sin beocht inár dteangacha.

Is minic a dhéanann lucht déanta bheartais an Rialtais neamhaird dúinn agus is neamhaird a dhéantar dúinn sa díospóireacht i dtaobh Breatimeacht, cé gur saoránaigh chómhaithe muid atá lán de mhaoin chultúrtha nach bhfuil le fáil in áit ar bith ach sna hoileáin seo. Is éard atá inár dteangacha ná bunchlocha chultúir éagsúla na n-oileán seo. Os rud é go gcuimsíonn siad ár gcomhthaithí, ár gcaidreamh, ár ngreann agus ár gcruinneshamhail, úsáidtear iad cosúil le nuatheangacha eile na hEorpa san oideachas, sna seirbhísí poiblí, sa ghnó, i saol an phobail agus eile. Aithnítear an Ghaeilge ó Thuaidh faoi réim na Cairte Eorpaigh um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus an Chreat-Choinbhinsiúin maidir le Cosaint Mhionlaigh Násiúnta. Tugann conradh Liospóin agus an Chairt um Chearta Bunúsacha, atá ina phríomhdhlí ag an AE, aird ar ilghnéitheacht cultúir agus teanga agus cuirtear cosc dá réir ar leithcheal ar bhonn teanga.

Chomh maith leis sin, mar a luaigh mé cheana féin, is ball gníomhach de ELEN muid, atá ag feidhmiú ar fud na mór-roinne lena chinntiú go ndéantar cearta teanga ina gceart daonna doshannta dosheacanta taobh istigh den AE. I ndiaidh na dtreoracha i dtaobh ábhar comhthromais agus timpeallachta atá ag dul i bhfeidhm go suntasach ar fud na hEorpa, táimid ag obair ar son treoracha um chomhthromas teangacha agus ar son imeachtaí sáraithe a thionscnamh i gcásanna idirdhealaithe in aghaidh teangacha réigiúnacha. Tá obair mhór déanta againn air seo ach toisc an Bhreatimeachta, ní bheidh aon bhunús leis an obair seo ó Thuaidh.

Mar gheall ar Bhreatimeacht, beidh muid fágtha faoi smacht Rialtas nár thaispeáin an tsuim ná an dea-thoil chun cearta chainteoirí Gaeilge a chosaint nó a chur chun cinn. Mar shampla, le déanaí chuir Comhairle na hEorpa tuairisc amach ar dul chun cinn Rialtas na Breataine i gcur i bhfeidhm na ndualgas atá orthu chun an Ghaeilge agus teangacha eile sa Ríocht Aontaithe a chosaint agus a fhorbairt. San fhreagra a chuir Rialtas na Breataine ar ais chuig Comhairle na hEorpa, rinne siad neamhaird iomlán ar mholtaí an chomhairle go bhfuil géarghá le hAcht Gaeilge ó Thuaidh. Níor thagair siad den mholadh in aon chor san fhreagra.

Ní bheidh teacht againn ach an oiread ar an maoiniú Eorpaigh le haghaidh tionscadail teanga, rud a dhéanfadh dochar d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus d’eagraíochtaí oideachais díreach ag an am go bhfuil pobal na Gaeilge ag toiseach ag dul i ngleic leis na sruthanna maoinithe seo. Tá seo tarlaithe cheana féin i gcuid de na hollscoileanna ó Thuaidh atá cosctha, beag nó mór, ó mhaoiniú ón Eoraip. Cuirfidh Breatimeacht bac ar dheiseanna ár n-aosa óig agus ar chúrsaí fostaíochta. Beidh deireadh le maoiniú a chuireann fostaíocht ar fáil do phobal na Gaeilge.

Bhí an tAE ina sciath chosanta is ina lóchrann dóchais ag pobal na Gaeilge ó Thuaidh i dtréimhsí nach raibh meas ná cúram ón Rialtas nó na húdaráis ar fáil. Chuir rannpháirtíocht san AE ilchineálach feabhas ar an tuiscint agus ar an chosaint atá in ann don Ghaeilge ó Thuaidh. Is mór an tionchar a imreoidh Breatimeacht ar an Ghaeilge. Tá dlúthcheangal idir inmharthanacht leanúnach na Gaeilge agus sláinte eacnamaíoch na bpobal a labhraíonn í. In éagmais eacnamaíochta rathúil a chuireann fostaíocht éadálach ar fáil don té atá ina chónaí taobh istigh de phobail na Gaeilge, cailltear cainteoirí trí imirce agus na daoine atá ag imeacht sa tóir ar obair agus ar an tithíocht inacmhainne. Feictear an treocht seo sa Bhreatain Bheag, a chailleann na mílte cainteoirí gach bliain de bharr imirce. Tá patrúin chosúla le feiceáil i nGaeltachtaí na hÉireann agus na hAlban.

Tugtar maoiniú an AE don ollscolaíocht, mar shampla Horizon 2020 nó Erasmus+, don talmhaíocht, mar shampla an ciste Eorpach talmhaíochta um fhorbairt tuaithe, agus don a leithéidí de réimsí eile. Tugann sé cuidiú do gheilleagar an Tuaiscirt agus déanann sé leas indíreach don Ghaeilge. Níl leid ar bith againn go bhfaigheadh ár dteanga a leithéid de leibhéil infheistíochta ó Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Tá bagairtí fad-téarmacha ann do Chomhaontú Aoine an Chéasta mar gheall ar an Bhreatimeacht. Tá an pointe seo an-tábhachtach. Tá an comhaontú seo fréamhaithe i rialúcháin agus reachtaíocht an AE agus tá baol ann go mbeidh an comhaontú féin, a d’aithin an Ghaeilge don chéad uair ar bhonn oifigiúil ó Thuaidh, i mbaol. Gan amhras, cuirfidh sé seo na forais tras-Teorainn, a d’eascair ón chomhaontú seo, i mbaol. Tá difear suntasach déanta ag an infheistíocht ó Thuaidh ar bheocht agus athbheochan na Gaeilge mar gheall ar mhaoiniú straitéiseach Fhoras na Gaeilge. Tá buairt ann go mbeidh an infreastruchtúr uile-Éireann seo i mbaol mar gheall ar na hathruithe córasacha a thiocfaidh chun cinn i ngeall ar Brexit.

Is é an rud is práinní agus is tábhachtaí faoi láthair ná go mbeidh reachtaíocht ann le pobal na Gaeilge ó Thuaidh a chosaint, mar atá molta ag na Náisiúin Aontaithe agus ag Comhairle na hEorpa agus go bhfuil móramh na mBall sa Tionól anois ar a son. Chuige sin, d’fhoilsigh muid plé-cháipéis an tseachtain seo caite ag déanamh briseadh síos ar caidé a bheadh i gceist le hAcht Gaeilge ó Thuaidh agus an costas a bheadh leis. Rinneadh an-iarracht bheith airdeallach ar an chomtheács polaitiúil ó Thuaidh, ach go mbeadh an cáipéis ag freastal ar mhianta an phobail agus ag tógáil ar an saineolas ar fad atá bailithe thar na blianta. Rinne muid moltaí praiticiúla inoibrithe ar an bhealach is fearr chun Acht éifeachtach a chur i bhfeidhm ar chostas íseal £3.8 milliún sa bhliain, ar chostas aon uaire go leor de. Tá deis ar leith againn sa tréimhse seo agus chabhródh seo le cosaint a thabhairt don teanga, cibé bealach a thiteann rudaí amach faoin Bhreatimeacht.

Bheadh muid buíoch don choiste, mar sin, dá mbeadh baill an choiste sásta rún a rith ag éileamh ar Rialtas na hÉireann fógairt go poiblí go bhfuil Acht Gaeilge ó Thuaidh mar thosaíocht agus riachtanach mar chuid de bhunú aon Fheidhmeannas nua don Tionól ó Thuaidh agus gur chóir an phlécháipéis atá curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge a úsáid mar bhunús don Acht sin.

Réimse leathan ábhar buartha ansin. An bhfuil aon rud dearfach, aon bhuntáiste nó aon fhéidearthacht ag na finnéithe sula dtógaimid ceisteanna? An bhfeiceann siad aon bhuntáiste nó féidearthacht ón mBreatimeacht?

Dr. Niall Comer

Tá pointe amháin agam. Ní ceist atá ann go díreach, ach is léiriú soiléir é ar an méid atá ag titim amach. In Ollscoil Uladh, bhí togra fad-téarmach ar bun le hollscoileanna eile ar fud na hEorpa a bhí ag soláthar deiseanna nó áiseanna oideachais d'fhoghlaimeoirí teanga. Bhíomar mar chuid de thogra fad-téarmach le deich n-ollscoil nó mar sin i gceist. Bhí trí chéim déanta. Bhíomar ag teacht chuig an ceathrú chéim. Ní hé nach raibh fáilte romhainn, ach dúradh go soiléir linn mar gheall ar an Bhreatimeacht nach mbeadh muid páirteach sa togra níos mó toisc go bhfuil an ollscoil lonnaithe i gceantar nach mbeidh i limistéar an Aontais Eorpaigh. Is impleacht soiléir é sin ag an bpointe seo.

Okay. Tógfaidh muid ceisteanna anois. An bhfuil aon cheist ag an Teachta Ó Cuív nó ag an Seanadóir O'Reilly? Don chéad uair, tá neart ama ag an Teachta le ceisteanna a chur.

Ní raibh mé ann ó thús toisc go raibh mé ag cruinniú eile faoin lucht taistil, ach ón méid a chuala mé, tá dearcadh an-duairc ag na finnéithe faoin athrú mór sa saol. Ní shamhlaím go bhfuil aon cheist ann ach go mbeidh na forais Thuaidh-Theas ann. Cén fáth an mbeadh imní ar dhuine? Níleadar bunaithe ar aon rud Eorpach. Is socraithe idirnáisiúta iad idir an tír seo agus an Bhreatain, ní mar bhaill den AE, ach mar thíortha. Cén fáth an mbeadh aon bhuairt ar na finnéithe go mbeadh aon athrú ar sin? An t-aon áit, mar a deirim, go bhfuil beagáinín dúshláin ann ná i gcistíocht Eorpach, ach tá sé sin an-bheag i dtaobh na Gaeilge de. D'fhéadfaí malairt de chistíocht Éireannach a chur ar fáil. Dá mbeadh an Rialtas chomh dána is go ndéanfadh sé malartú ar an mBéarla agus ar an nGaeilge ó thaobh stádais na tíre seo san Aontas Eorpach agus fiú dá bhfágfadh an tír seo agus an Bhreatain an tAontas Eorpach agus muna mbeadh aon tír fágtha ann gurb é an Béarla an phríomhtheanga acu, is é mo thaithí ar an AE ná fós féin go bhfanfadh an Béarla ann, mar go bhfuil 70% den ghnó ann á dhéanamh trí Bhéarla.

Go deimhin féin, go praiticiúil tá 90% den ghnó á dhéanamh trí Bhéarla. Nuair a bhíodh mise ag cruinniú na nAirí, ar maidin labhraíodh muid ar fad ár gcuid teangacha féin agus ag am lóin ní raibh aistriúchán ann ach ag Gearmáinis agus Béarla go Fraincis. Ní úsáidtí an Ghearmáinis ag aon chruinniú a raibh mise riamh ann. Na Beilgig agus na Francaigh amháin a d'úsáid an Fraincis. Bhí Béarla in úsáid ag iadsan ó Lithuania, Latvia, an Pholainn, na tíortha Lochlannacha agus chuile tír eile agus níl sé sin le dul ag athrú.

An bhfeiceann na finnéithe aon deiseanna ann? Feictear domsa gur aimsir iontach do deiseanna nua é seo. Le chuile athrú tagann deiseanna ollmhóra. Tá mé beagánín diomúch nach bhfuil aon duine ag smaoineamh a rá, "Yippee, tá go leor deiseanna anseo. Breathnaigh ar rudaí as an nua agus rudaí a dhéanamh ar bhealach nua ar fad." Ceann de na rudaí móra agus comónta idir Thuaidh agus Theas ná an teanga. An bhfuil aon duine sásta a rá go bhfuil deiseanna anseo?

Mr. Julian de Spáinn

Ní dhéarfainn, "Yippee". Tá sé luaite againn cheana, áfach, go bhfuil deis san aeráid atá timpeall orainn faoi láthair Acht na Gaeilge a bhaint amach ó Thuaidh ag an bpointe seo agus go bhfuil géarghá díriú air sin sna cainteanna a bheidh ag dul ar aghaidh sna laethanta atá os ár gcomhair. Dá mbeadh an comhchoiste seo cabhrú leis sin trí tacaíocht a chur ar fáil le brú a chur ar Rialtas na hÉireann chun a chinntiú go bhfanfann se mar thosaíocht, sílim gur féidir linn an deis sin a thapú agus a chinntiú go bhfuil ar a laghad bunchosaint ag pobal na Gaeilge ó Thuaidh. Titfidh pé rud amach maidir leis an mBreatimeacht ina dhiaidh sin ach ar a laghad bheadh an bunchosaint sin againn. Bheadh sé an-chabhrach dúinn dá mbeadh an coiste in ann a leithéid a dhéanamh.

Ms Janet Muller

Tá mé ag teacht go mór leis an phointe go bhfuil cosaint reachtaíochta de dhíth i dTuaisceart na hÉireann don Ghaeilge. Tá muidne ag obair air seo le 16 bliain anuas. Tá sé iontach tábhachtach a aithint go bhfuil moltaí éagsúla ar an tábla faoin reachtaíocht agus go bhfuil cuid dóibh nasctha le chéile. B'fhéidir gur imir an obair a rinne muidne tionchar ar díospóireachtaí. Nuair a bhí comhairliúchán rialtasach ann cúpla bliain ó shin, a thosaigh an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíóchta, Carál Ní Chuilín, is cinnte go raibh righin na hoibre a bhí déanta ag Pobal thar na blianta le feiceáil ar na heiseamláir a cuireadh chun tosaigh.

Ta sé iontach tábhachtach ní hamháin reachtaíocht a éileamh ach an reachtaíocht is láidre, atá saineolach, pléite agus a bhfuil tacaíocht an phobail ann dó. Seo na moltaí a d'fhoilsigh muidne ar an gcéad dul síos in 2006. Rinne muid nuashonrú ar na moltaí in 2012. Rinne muid comhairliúchán poiblí leis an chomhphobal. Chomh maith leis sin, ceann de na pointí is tábhachtaí ag an bpointe seo ná go bhfuil díospóireacht sa Tuaisceart a deir nach raibh gealltanas ann dáiríre agus nach raibh sé aontaithe ag na páirtithe polaitiúla ar fad maidir le tabhairt isteach Acht na Gaeilge. In 2006 and 2007, thosaigh an Tionól comhairliúchán oifigiúil ar mholtaí reachtaíochta agus ar eiseamláir de na heiseamláir sin a cuireadh chun tosagih sa phróiseas bhí moltaí Pobal istigh ann. Bhí an reachtaíocht sa Deisceart, reachtaíocht na hAlban, reachtaíocht na Breataine Bige agus eiseamláir Pobal faoi caibidil. Dúradh linn gur thug 98% de na freagraí a fuarthas tacaíocht de eiseimleáir Pobal don Tuaisceart.

Bhí chomhairliúchán eile ann ó shin. In 2013, bhí 96% de na freagróirí ar son na heiseamláir a chur chun tosaigh. Tá sé sin tábhachtach ag an bpointe seo, beidh cur is cúiteamh ann fá cad é ba chóir a bheith san reachtaíocht. Ag an bpointe seo, áfach, agus an Ghaeilge chomh achrannach mar ábhar agus, dáiríre, ag seilbh cuid mhaith den am seicteachas sa Tuaisceart, creideann muidne go láidir go gcaithfear reachtaíocht iontach soiléir agus cuimsitheach a bheith ann. Sin reachtaíocht a bheadh incurtha le cearta reathaithe a chruthú i réimse leathan de sheirbhísí poiblí. Molann muid an obair atá déanta ag Conradh na Gaeilge ar na mallaibh ar an cheist seo ach creideann muid go gcaithfear reachtaíocht a bheidh iontach soiléir a bheith ann le nach gcruthaíonn sé níos mó frustrachas agus níos mó deacrachtaí.

Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh

Le tacú leis an phointe sin ar fad, rud nár luadh go dtí seo ná an comhairliúchán is déanaí a rinneadh ó Thuaidh ar an cheist seo - reachtaíocht cosanta teanga - in 2015 agus a bhí curtha chun cinn fosta ag an Aire, Carál Ní Chuilín. Bhí breis agus 13,000 de fhreagraí ann agus 94.7% de na freagraí sin ag tacú leis na moltaí faoi reachtaíocht cosanta teanga. Sin an am ina raibh Conradh na Gaeilge díreach aithinte mar cheann de na ceanneagraíochtaí de chuid Fhoras na Gaeilge ó Thuaidh le bheith ag plé le cosaint teanga agus ionadaíochta.

Caithfimid amharc anois ar cé atá ag tacú sna comhchainteanna reatha leis an Acht teanga. Tá cúig pháirtí. As na cúig pháirtí sin, tá 50 agus 90 Baill Tionóil nua-thofa ann. Den chéad uair riamh, creideann muid go bhfuil móramh de chuid an Thionóil ag aontú agus ag tacú leis an Acht teanga i bprionsabal. Chomh maith leis sin, mar a luadh cheana féin, tá moltaí láidre déanta ag Comhairle na hEorpa agus ag na Náisiún Aontaithe trí chéile ar son na reachtaíochta seo. Dá mbeadh Rialtas na hÉireann ag teacht amach go láidir, go soiléir agus go poiblí, dar ndóigh, ag aontú agus ag tacú leis an reachtaíocht seo ó Thuaidh, is láidre a bheadh ár gcás seo a bhrú tríd sna laethanta agus, dar ndóigh, na seachtainí atá amach romhainn. Ní mór an t-údar práinne sin a lua ag an phointe seo.

Mr. Seán Ó Coinn

Ag freagair an Teachta Ó Cuív, ceann de na rudaí b'fhéidir nach dtuigeann cuid mhór daoine ná a leochailí agus atá stádas na Gaeilge sa Tuaisceart. I gcomhthéacs na hEorpa, thug sé sin cosaint agus stádas níos mó agus níos láidre don Ghaeilge. Den chuid is mó de phobal scolaíochta an Tuaiscirt, ní bhíonn deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim ag leibhéal na bunscoile nó ag leibhéal na meánscoile. Ní bhíonn ach 2,000 páiste gach bliain ag foghlaim Gaeilge ag leibhéal na meánscoile. Tá sé deacair, b'fhéidir, é sin a thuigmháil i gcomhthéacs an Deiscirt, áit a bhfoghlaimíonn gach páiste scoile an Ghaeilge ar feadh 14 bliain. Tá sé an tábhachtach a thuigmháil a leochailí agus atá stádas na Gaeilge agus le comhthéacs na hEorpa a láidriú sin. Nuair a imeoidh an comhthéacs sin, d'fhéadfadh sé a bheith ina bhagairt mhór don teanga ó Thuaidh.

Ar bhealach, an rud atá an tUasal Ó Coinn ag rá ná nach bhfuil ach fíorbheagán de phobal atá ceaptha a bheith báúil den Ghaeiilge - an pobal go traidisiúnta a déarfadh go mbaineann an Ghaeilge leo - ag bacadh leis. B'fhéidir gurb shin an áit a cheart dúinn tosaigh agus aghaidh a thabhairt ar an bhfíric, mar, mar a deir an finné, gur fíorbheagán daoine atá ag dul don Ghaeilge ó Thuaidh. Le hais, mar a déarfá, an chuid is mó den phobal ó Dheas, tá sé cruthaithe go dteastaíonn uathu Gaeilge a dhéanamh sa scoil. Is dóigh liomsa go bhfuil obair mhór le déanamh i measc iad siúd a deir go bhfuilid báúil don Ghaeilge ach, mar a deirim, nach ndéanann an Ghaeilge sa scoil le hiad a spreagadh leis an nGaeilge a dhéanamh. Dar liom, díríonn muid i gcónaí ar an gcuid is éasca den fhadhbh. Is cuma liomsa cén pobal ina mbaineann siad ach is cosúil nach bhfuil an dream ollmhór báúil seo ag déanamh aon staidéar ar an nGaeilge. Ba cheart díriú air sin. Go pointe áirid, dá mhéad daoine atá ag labhart an Ghaeilge agus eolas á chur ar an nGaeilge agus tuiscint a chur ar an nGaeilge mar theanga, is éascaí atá sé Acht teanga a fháil. Sin an dúshlán.

Rachaimid i gciorcal agus tabharfaidh mé deis don Seanadóir.

I dtús báire, ba mhaith liom fáilte a chur roimh ár gcuairteoirí. Tá an comhrá an-spéisiúil. Ní smaoiníonn muid go rialta ar an tslí ina gcuirfidh Breatimeacht isteach ar ghnáthdhaoine thart ar an Teorainn ina ngnáthshaolta.

Tá sé an-tábhachtach smaointiú air sin agus rud a dhéanamh faoi.

Bhí sé an-spéisiúil go bhfuil 9,000 dalta ag teacht ó Thuaidh go dtí Gaeltacht Thír Chonaill achan bhliain. Tá sé sin spéisiúil agus tábhachtach agus tairbheach agus iontach maith do na daltaí óga sin. Bheadh aon rud a chuirfeadh isteach air sin an-dainséarach. Caithfimid smaointiú air sin. Is fiú dúinn iarracht a dhéanamh ionas nach mbeidh sé sin i mbaol. Tá na daoine a thagann trasna an Teorainn chun na Gaelscoileanna agus na hollscoileanna agus a leithéid an-tábhachtach. Tá sé riachtanach dúinne mar choiste an-iarracht a dhéanamh chun é sin a chur in iúl don Rialtas agus a bheith soiléir sa chomhrá san Eoraip anois. Déanfaidh mise iarracht é a chur isteach sa díospóireacht i mo pháirtí féin.

Tá deacrachtaí faoi leith léirithe inniu do phobal na Gaeilge sa Tuaisceart. Tá sé sin an-deacair. Tréaslaím go mór leis na finnéithe. Tá dualgas orainn agus ar an Stát tacaíocht a thabhairt d'Acht na Gaeilge agus ba chóir don choiste iarracht a dhéanamh maidir leis sin.

Is cosúil go dtarlóidh an Breatimeacht anois i mbealach éigin agus cuirfidh sé sin isteach go géar ar phobal mór thart ar an Teorainn. Beidh sé deacair do gach duine ach beidh sé deacair i mbealach speisialta do phobal na Gaeilge. Téann thart ar 30,000 duine trasna an Teorainn gach lá do jabanna agus a leithéid.

Is fiú an comhrá seo. Táim lán i bhfábhar an méid atá ráite ag na finnéithe. Is cosúil go ndéanfaidh an coiste seo an-iarracht é a chur i bhfeidhm ar an Rialtas agus ar an Aire go bhfuil na tuairimí seo ann agus go bhfuil gnáthdhaoine ag brath go mór air seo. Cuireann sé isteach go mór orm go gcuirfeadh isteach ar chuairteanna na ndaltaí óga sin go dtí an Ghaeltacht gan trácht ar an gcostas agus taisteal agus a leithéid. Cineál deighilt a bheidh ann anois agus is mór an trua é sin. Caithfimid an-iarracht a dhéanamh chun réiteach na ceiste sin a fháil.

Gabhaim míle buíochas leis an gCathaoirleach as an seans beag sin a fháil. Níl níos mó le rá agam ach le rá go bhfuil an-tábhachtach ag baint leis an gcomhrá seo.

Tá brón orm nach raibh mé anseo ag an tús. Bhí orm agallamh a dhéanamh faoi chailliúint Martin McGuinness inniu. Sin an fáth nach raibh mé in ann a bheith anseo níos luaithe.

Bhí deis agam an tseachtain seo caite a bheith i Stormont. Tá idirbheartaíocht ar siúl ann ag an mbomaite. Tá sé dochreidte go bhfuilimid ag caint fós faoin Acht seo. Aontaíodh tacaíocht don Acht i gComhaontú Chill Rìmhinn agus i gComhaontú Aoine an Chéasta freisin. Shínigh Rialtas an Deiscirt na conartha sin agus is conartha idirnáisiúnta iad atá sa UN ach 11 bliain tar éis Chomhaontú Chill Rìmhinn táimid fós ag caint faoi seo.

Níl mé ag iarraidh an locht a chur ar an Teachta ach i slí amháin tá an locht ar an Rialtas. Tugann an Rialtas saghas leabharthaca ar cá bhfuil an idirbheartaíocht ag aon phointe amháin. Deir an Rialtas an banda ina bhfuilimid ag idirbheartaíocht. Ba cheart go mbeadh an Rialtas ag rá go bhfuil sé seo aontaithe agus go bhfuilimid anois ag déanamh idirbheartaíochta ar conas é a chur i bhfeidhm. Tá sé dochreidte go bhfuilimid ag ath-aontú an rud seo gan na comhaontuithe a chur i bhfeidhm. Tá dualgas uafásach ar an Rialtas sa Deisceart a rá le gach duine atá i Stormont go gcaithfidh siad é seo a chur i bhfeidhm agus nach bhfuilimid chun é a phlé arís agus arís eile. Ba mhaith liom go mbeadh an teachtaireacht sin ag an Rialtas, ag an Taoiseach agus ag an Aire, an Teachta Charles Flanagan, agus iad ag dul go dtí Béal Feirste. Ba chóir dóibh a rá gur aontaíodh é seo 11 bliain ó shin agus go gcaithfidh siad é a chur i bhfeidhm. Bhíos ag caint leis an Rúnaí-Stáit, James Brokenshire, faoi seo. Ní lucht féachana na Rialtais ar an rud seo. Ceapann siad é sin ach caithfidh siad an approach atá acu a athrú. Tá cúpla ceann de na páirtithe eile oscailte agus dearfach ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn agus caithfimid cuimhneamh air sin. Ceapaim go bhfuil an toil ann anois cúpla céim a bhaint amach maidir leis seo.

Níl siad fós ar an leathanach, áfach, go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ar an gcéim chéanna. Is é sin céim atá cothrom le céim an Bhéarla sa Tuaisceart. Caithfidh an meon sin a athrú freisin. Tá siad lán den tuairim go bhfuil luach leis an nGaeilge ach tá siad ag caint faoi stádas ar nós páirtnéireacht shibhialta in ionad pósadh iomlán. Nílimid chun glacadh le haon chéim ach comhchéim agus níl gluaiseacht na Gaeilge chun glacadh leis ach an oiread. Tá talamh sa lár ó thaobh na hidirbheartaíochta agus caithfear an tuairim nó an pointe sin a thuiscint go hiomlán. Inniu tá an tOireachtas ag caint faoi Martin McGuinness. Ghlac Martin McGuinness a ról i gcúrsaí polaitíochta mar ní raibh sé sásta glacadh le haon chéim nach raibh ar chomhchéim ar chor ar bith. Níl an ghlúin seo sásta é sin a dhéanamh ach an oiread. Níl mé ag iarraidh caint faoi chúrsaí polaitíochta mar gheall ar an dá thaobh den phobal sa Tuaisceart.

Aontaím go huile is go hiomlán go bhfuil géarghá anois an tAcht a aontú agus a chur i bhfeidhm go tapaidh. Muna ndéanfaimid é sin go tapaidh, b'fhéidir go n-imeoidh cibé tacaíocht atá ag an nGaeilge ag an mbomaite mar gheall ar an Aontas Eorpach cosúil leis an sneachta ar an sliabh. Ní cheapaim go mbeidh an Rialtas i Londain comhláidir maidir leis. Tá faitíos orm ar aon nós. Ó thaobh na hidirbheartaíochta maidir leis an mBreatimeacht nó an Sasimeacht nó cibé focal atá air, níl an Tuaisceart ar radar Londain ag an mbomaite. Mar sin, tá géarghá ann anois an rud seo a chur i bhfeidhm.

Bíonn na heagraíochtaí atá anseo ag brath ar an Stáit d'infheistíócht agus a leithéid. Bíonn deacrachtaí uaireanta-----

An ndíreoidh an Teachta ar na ceisteanna ag an bpointe seo?

An bhfuil na finnéithe sásta go bhfuil an toil ann ó thaobh na Rialtais an tAcht a chur i bhfeidhm go tapaidh?

Dr. Niall Comer

Tá pointe agam i dtaobh an méid a bhí le rá ag an Teachta Ó Cuív maidir le cúrsaí oideachais, na deiseanna atá ann chun daoine a mhealladh agus easpa spéise. A mhalairt ar fad atá ann.

In fhírinne, tagann agus eascraíonn an deacracht is mó atá sa chóras scolaíochta, agus a bhaineann leis an spéis nó easpa spéise atá ag daltaí scoile insan Ghaeilge, go díreach ó neamhaird an Rialtais. In 2004, mar shampla, nuair a tháinig athrú suntasach ar an churaclam agus nach raibh sé riachtanach stáidéar a dhéanamh ar theanga a fhad le leibhéal GCSE, chuir sin an-bhrú ar na scoileanna rogha a dhéanamh. Mar shampla, tá scoileanna ann anois ina mbíonn ar daltaí rogha a ghlacadh idir an Ghaeilge agus an Fhrainicis nó an Spáinnis fiú sula dtosaíonn siad ar an mheánscolaíocht. Tá m'iníon féin ag freastal ar cheann de na scoileanna sin, scoileanna a bhí láidir go traidisiúnta, tráth den saol, agus ní bhíonn ranganna Gaeilge iontu. Mar shampla i gCill Ria, i ndeisceart Dhoire, ní féidir Gaeilge a dhéanamh a fhad le GCSE anois. Ar an Ómaigh, bhí deacrachtaí ann múinteoirí ardleibhéal a fháil anuraidh.

Tá sé seo uilig ag dul siar ar iarracht i ndiaidh iarrachta ag an Rialtas ó Thuaidh, le 100 bliain anuas, an Ghaeilge a chur faoi chois insan córas oideachais. Nuair a d'éirigh linn, i ndiaidh iarrachtaí a mhair b'fhéidir dhá scór bliain, an Gaeloideachas a chur ar fáil do dhaoine agus nuair a d'éirigh linn an stádas sin a bhaint amach, amharc ar na sluaite agus ar na mílte ag tabhairt triail ar na Gaelscoileanna. Níl na deiseanna seo ar fáil sna scoileanna nó insan chóras oideachais, mar a luaigh Mr. Ó Coinn, ach ní mar gheall ar easpa spéise ag na dáltaí ach mar gheall ar easpa spéise an Rialtais. Gan cosaint reachtúil a bheith ann don Ghaeilge ag achan leibhéil, rachaidh sé in olcas. Rachaidh sé ar aghaidh. Bhí titim de beagnach 20% ó 2004 ar an líon dalta a rinne staidéar ar an Ghaeilge. Tá sé íorónta go leor gurb é an t-aon rud a choinnigh cosaint de chineál éigin ar fáil don Ghaeilge insan chóras meanscolaíochta ná go raibh sí ceangailte le modern foreign languages.

Ms Janet Muller

Is maith liom an meafar a d'úsáid an Teachta Tóibín nuair a bhí sé ag caint faoi reachtaíocht insan Tuaisceart, gan ghlacadh le páirtíocht sibhialta nuair atá pósadh ar bhun an comhionannais de dhíth.

Dúradh go bhfuil móramh na bhfeisirí insan Tuaisceart anois ag rá go bhfuil siad ar son Acht na Gaeilge, ach tá sé doiléir a rá cé acu Achta a bhfuil siad ar a son, mar a dúirt an Teachta. Bhuail muidne thar na blianta leis na páirtithe ar fad insan Tuaisceart. Bhí sé ráite acu go minic go bhfuil siad ar son Achta ach níor mhaith leo an tAcht céanna a bhfuil pobal na Gaeilge ag lorg. Ba mhaith leo rud éigin a chuireann teangacha na mionlaigh eitneacha insan áireamh, mar shampla - nó sin, seo agus siúd eile - nó ba mhaith leo rud éigin nach gcosnaíonn barraíocht nó níor mhaith leo go mbeidh ar na cearta seo áirithe ann.

Sílím gurb é sin an áit a bhfuil an doiléireacht faoi láthair. Ní leor a rá go bhfuilimid ar son Achta de chineál éigin. Chaithfear é a shainmhíniú. Cén saghas cearta atá le leagann síos? Cén saghas Achta atá de dhíth? Tá deis iontach anois ann. Tá roinnt de na coistí comhairleacha ag Comhairle na hEorpa i ndiaidh tacaíocht iontach láidir a thabhairt d'Acht na Gaeilge láidir insan Tuaisceart. Mar a dúirt Dr. Ó Tiarnaigh, tá Teachtaí insan Tuaisceart ag rá go bhfuil siad ar son Achta. Ní hé seo an t-am le glacadh le rud éigin lag nó rud easnamhach a chur chun tosaigh mar go mbeidh maolú ann agus go mbeidh ciorruithe ann. Sílim, ag an an bpointe seo, go bhfuil eiseamláirí againne atá curtha le chéile. Tá roinnt eiseamláirí ann but sílim go gcaithfear glacadh leis na heiseamláirí gur féidir a thaispeáint go raibh siad réasúnta agus readúil, go raibh siad curtha le chéile le comhairle ó shaineolaithe, go bhfuil siad ag tarraingt ar thaithí tíortha eile, taobh istigh den Eoraip agus taobh amuigh, mar a bheas i ndiaidh Breatimeachta - ón Bhreatain Bheag, ó taobh seo na tíre, ó Albain, ó Cheanada, ón Nua-Shéalainn agus taithí mar sin. Tá mé ag teacht leis an mholadh gur cheart rún a rith ag tacú le hAcht insan Tuaisceart, ach go mbeidh an tAcht sin ar an Acht is láidre gur féidir a bhaint amach agus an tAcht atá molta agus comhaontaithe le pobal na Gaeilge insan Tuaisceart.

Go raibh maith agat. Tá Mr. Ó Coinn agus Dr. Ó Tiarnaigh ann ach ní raibh Mr. Mac Fhlannchadha istigh. Rinne mé dearmad fáilte a chuir roimh mo chomh-Ghaillimheach.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

Sin ceart go leor a Chathaoirligh.

Tabharfaidh mé an deis duit agus tiocfaidh mé ar ais chuig Mr. Ó Coinn agus Dr. Ó Tiarnaigh.

Mr. Peadar Mac Fhlannchadha

D'iarradh freagra soiléir ar an gceist a d'ardaigh an Teachta Tóibín - an bhfuil muid sásta le hionchur an Rialtas ó Dheas. Níl. Mar a dúirt sé féin, níl sé inglactha gur síníodh agus go ghlacadh le Comhaontú Chill Rìmhinn, ach nach bhfuil aon rud déanta ag an Stát dó féin an cheist a bhrú ar aghaidh. Mar atá luaite ag gach duine anseo, anois tá an deis ag an Stát chun é sin a bhrú ar aghaidh. Chomh mhaith leis an tuiscint a bhí ag an Teachta agus Ms Muller, muna n-eiríonn an Stát sa chéad cúpla seachtaine atá romhainn, beidh an deis caillte. Caithfidh an Rialtas ó Dheas agus caithfidh Dáil Éireann tacú leis seo. Tá sé chomh simplí leis sin.

Mr. Seán Ó Coinn

Ba mhaith liom mionphointe a lua ag tacú leis an méid a bhí le rá ag uachtárán an Chonartha, Dr. Comer, ansin. I dtaca leis na bunscoileanna a chuireann oideachas ar fáil trí mheán an Bhéarla, i láthair na huaire níl áit ar bith ar an gcuraclam acu don Ghaeilge agus fiú amháin, dá mbeadh, ní bheadh Gaeilge ag na múinteoirí, seachas dá mbeadh an t-ádh ar scoil múinteoir a bheith ar a foireann a mbeadh Gaeilge aige nó aici de thairbhe gur tógadh an múinteoir sin le Gaeilge ar bhealach éigin nó go raibh sé nó sí i measc an líon beag sin daoine a fhoglaimíonn an Gaeilge tríd an gcóras scolaíochta agus ollscolaíochta.

Cinnte tá an ceart ag an Teacha Ó Cuív gur chóir dúinn a bheith ag díriú isteach ar i bhfad níos mó ardú feasachta a dhéanamh i measc an phobal suntasach atá báúil den Ghaeilge, ach fiú nuair a dhéantar sin agus, mar a thuigeadh le duine ar bith a bhfuil cónaí aige insan Tuaisceart a léiriú, fiú amháin nuair atá duine iontach báúil don Ghaeilge, tá sé iontach deacair teacht ar sholáthar oideachais dá chuid páistí in earnáil an Bhéarla, nó in earnáil na Gaelscolaíochta, de thairbhe nach bhfuil an scaipeadh nó an oiread scoileanna ar fáil agus a bheadh de dhíth.

Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh

Go díreach le tacú leis an phointe maidir le toil an Rialtais glacadh leis an reachtaíocht seo, is léir go bhfuil toil an tromlaigh ann ar son reachtaíochta. Ní fios go fóill cén cineál reachtaíochta í sin ach ní ghéillfimid do reachtaíocht atá bog nó nach léiríonn ceart agus meas ar phobal na Gaeilge, mar a ghealladh deich mbliain ó shin i gComhaontú Chill Rìmhinn nó i gComhaontú Aoine an Chéasta. Níor chóir go dtitfidh reachtaíocht mar gheall ar easpa toile ó pháirtí amháin nó páirtí eile mar is rudaí iad seo a aontaíodh cheana féin. Níor chóir go mbeadh idirbheartaíocht go fóill ag dul ar aghaidh mar gur aontaíodh é seo cheana féin.

Is mór ag an phointe seo, an phointe a thógáil gur chóir comhairle dlí a lorg ar cuid de na ceisteanna seo. Nuair a gheall an Feidhmeannas ó Thuaidh straitéis 20 bliain don Gaeilge a thabhairt isteach ina gclár rialtais 2011-2015, agus nuair a theip orthu é sin a chomhlíonadh, ghlac Conradh na Gaeilge athbhreithniú breithiúnach insan Ard-Chúirt i mBéal Feirste. Bhí rialú ag an bhreitheamh cúpla seachtain ó shin a léirigh go soiléir gur theip ar an Fheidhmeannas clár rialtais, a bhí fréamhaithe i gComhaontú Chill Rìmhinn agus a rinne leasuithe ar in Acht Thuaisceart Éireann 1998, a chomhlíonadh. Mar sin, d'aithin na hArd-Cúirteanna i mBéal Feirste go raibh teip ar an Fheidhmeannas féin, as siocair easpa toile roinn pháirtithe clár rialtais agus gealltanais acu féin a chur i bhfeidhm.

Ní mór dúinn a bheith iontach cúramach faoin bhealach chun tosaigh más sin an chur chuige a bhí ann roimhe seo. Tá sé iontach tábhachtach go n-aithnítear an rialú Ard-Chúirte i dtaobh straitéise mar insan straitéis sin, a mhairfidh 20 bliain anois, bhí straitéis ann ó thaobh forbairt teaghlaigh, ó thaobh forbairt pobail, ó thaobh forbairt eacnamaíochta, forbairtí turasóireactha, forbairtí craoltóireachta agus fágtar na ceisteanna seo ar fad insan bhearna baoil de shiocair an Bhreatimeachta. Mar sin, ag dul siar ar an phointe arís, ní mór go rithfear rún ag an Bhuan-Choiste seo thar cionn an Rialtais ó Dheas ag tacú leis an reachtaíocht ó Thuaidh agus nach mbeimid ag dul sa bhearna baoil a thuilleadh ó thaobh ceisteanna reachtaíochta.

An faoin Aire Oideachas ó Thuaidh nó faoi Aire Oideachas na Bhreataine a bhíonn na nithe seo? Cé ar a bhfuil na freagrachtaí éagsúla? Ag dul ar ais ag an stádas a bhí ann roimh 2004, caithfidh an dara teanga a dhéanamh chomh mhaith leis an mBéarla sna meánscoileanna.

D'fhéadfaí féachaint chuige i measc na bpáirtithe atá báúil go gceapfaí Aire oideachais a bheadh báúil chun a leithéid de smaoineamh. Ní gá go mbeadh sé nó sí chomh bháúil leis an nGaeilge, ach go mbeadh sé nó sí báúil gur buntáiste mór é do dhaoine óga an dara teanga a fhoghlaim.

Mar atá luaite anseo cheana, beidh cúig pháirtí, de réir mar a thuigimse, páirteach ó Thuaidh. Níl a fhios agam cé mhéad Aire atá ag dul le bheith i gceist ó Thuaidh an t-am seo, deichniúir nó ochtar, sa bhFeidhmeannas a chuirfear le chéile. Más deichniúir atá ann, beidh suíocháin ag a leithéid de UUP, SDLP agus sílim fiú Alliance. Ag glacadh leis go dtógfaidh siad na suíochán a bheidh ar fáil sa bhFeidhmeannas agus de réir mar a thuigim tá an chosúlacht ann go dtógfaidh, d'fhéadfadh duine a bheadh báúil don Ghaeilge teacht ó réimse páirtithe. I mo thaithíse, seachas aon uair amháin a bhí Carál Ní Chuilín ann, is baill den DUP a raibh freagracht na Gaeilge orthu riamh anonn. Chothaigh sé sin deacrachtaí. Is báúil i bhfad a bhí mise don Ultais ná mar a bhí na hAirí a bhí os mo chomhair don Ghaeilge, ach b'shin mar a bhí sé ón áit a dtáinig siad. Cé chomh tábhachtach is a bheidh sé go ndéanfaidh na páirtithe atá báúil don Ghaeilge cinnte go dtitfidh an t-aireacht fóillíochta orthu siúd? De réir mar a thuigim, ní bhíonn sé ar bharr liosta éileamh na bpáirtithe. Dá ndéanfadh na páirtithe a bheadh báúil don Ghaeilge é a chur ar bharr an liosta, gheobhadh siad é. Cé chomh tábhachtach is a bheadh sé sin mar rud a d'fhéadfaí a dhéanamh go praiticiúil agus a ndéanfadh difríocht? Is é sin le rá go simplí, an raibh difríocht ann nuair a bhí Carál Ní Chuilín ann seachas na daoine eile, Nelson McCausland, Gregory Campbell agus Edwin Poots? An ndéanann sé sin difríocht?

Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh

Go díreach. Ní mór a rá go soiléir go bhfuil sé rí-thábhachtach go ndéanfaidh na páirtithe atá báúil do chás na Gaeilge na rannóga nó na haireachtaí cearta a bhaineann le leas na Gaeilge a raonú. Is é sin an rannóg pobail agus rannóg an oideachais. Le seacht mí anuas, ó cuireadh an Feidhmeannas deiridh le chéile, chonaic muid beirt Aire ón DUP i gceannas ar an dá aireacht sin agus sa Roinn oideachais, diúltaíodh do sé as seacht moladh forbartha ó thaobh na Gaeilge de. Maidir leis an Roinn pobail, chonaic muid Paul Givan ag baint ar shiúl sparánacht líofa, buille marfach iomarcach ar achan bhealach don Fheidhmeannas agus don Rialtas deireanach. Mar sin, feicimid dí-infheistiú ar chás na Gaeilge nuair nach mbíonn páirtithe le hAirí báúla ann sa dá Aireacht sin. Ní mór dúinn an pointe sin a shoiléiriú agus a chur chun cinn i gcónaí.

Ms Janet Muller

Ceist mhaith atá ann. Ceann de na deacrachtaí atá againn faoi láthair ná go bhfuilimid ag amharc siar ar deich mbliain ina raibh an Tionól ag feidhmiú ar bhealach ar leith agus a raibh muid ag dul le bheith thuas seal, thíos seal ag brath ar cé acu páirtí a raibh baint ag an Aire leis. Níl a fhios againn ag an bpointe seo agus níor mhaith liom a chreidiúint go bhfuilimid ag dul ar ais isteach sa chóras sin gan aon athrú. Mar sin, caithfear a bheith dóchasach. Sílim go mbeidh cothrom na féinne ar bhealach éigin go córasach go mbeidh sin le teacht chun tosaigh mar gheall ar na cainteanna agus an ghéarchéim atá ann faoi láthair. Níl sé soiléir go mbeidh sé amhlaigh. Tá súil againn go mbeidh. Is é sin ceann de na fáthanna go bhfuil reachtaíocht chomh tábhachtach sin. Dá bhrí nach bhfuil cosaint ann don Ghaeilge sa Tuaisceart, táimid ag brath go hiomlán ar thuairimí agus gníomhaithe pearsanta a léiríonn dearcadh na bpáirtithe polaitiúla. Bíonn sé ag athrú de réir Airí agus pearsantachtaí. Níl sé sin maith go leor. Ní féidir an Ghaeilge a chur chun tosaigh go straitéiseach sa chomhthéacs sin. Is é sin ceann de na fáthanna go bhfuil Acht láidir de dhíth orainn.

Sa gcás go raibh comhráití ann agus gur aontaíodh mar chuid de bhunú an Fheidhmeannais, agus glacaim leis go bhfuil páirtithe ann a éalóidh é sin sna comhráití, is fada idir é sin agus Acht a thabhairt isteach. Beidh Aire éigin ann agus beidh an dualgas uirthi nó air siúd an tAcht a stiúradh tríd, é a réiteach agus mar sin de. Dar liomsa, tá olldhifríocht idir cinneadh i bprionsabal teanga a bheith ann agus é a bheith ann. Dá mba rud é go raibh duine nach raibh báúil leis an dualgas a leagadh air nó uirthi, d'fhéadfaidís na cosa a tharraingt go han-éasca ar fad. Cheapfainn go mbeadh sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh spéis ann, mar shampla, i bhForas na Gaeilge agus go gceapann siad go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Aire ann a mbeadh báúil leis an nGaeilge. Is cuma liomsa cén páirtí a bhaineann an duine leis, ach go mbeadh an duine báúil don Ghaeilge. Ní ó chúlra Ulster Scots mise ar aon bhealach ach bhí mé thar a bheith báúil don dream a bhí ag iarraidh an cultúr sin a chur chun cinn ar aon bhealach dearfach. Chuaigh mé i bhfad is i ngar dóibh agus fiú chuir mé airgead as ciste na hÉireann ar fáil nach raibh comh-mhaoiniú ann dó mar chomhartha dea-mhéine ar a bhféiniúlacht. Tá mé ag caint faoi dhuine a bheidh báúil don teanga. Bheadh an-spéis agam i ndearcadh Fhoras na Gaeilge ar cé chomh tábhachtach is atá sé ina gcuid oibre go mbeadh duine éigin a bheadh báúil don teanga mar Aire fóillíochta go mórmhór.

Caithfidh mé aontú le sin. Caithfidh go mbeidh urlár ann nach féidir dul faoi. An t-urlár gur cheart go mbeadh ann ná comhionannas idir an Béarla agus an Ghaeilge. Tá an ceart ag an Teachta Ó Cuív faoi seo. Tá sé feicthe againn sa Stát seo. Nuair a bhíonn Acht ann, fós braitheann sé ar cibé atá i gceannas nó i gcumhacht. Is féidir é a chur i bhfeidhm le lámh láidir nó le lagaíocht freisin. Ceapaim gurb é sin ceann de na rudaí atá á phlé sa Tuaisceart ag an mbomaite seo, go mbeidh urlár ann do stádas na Gaeilge, infheistíocht sa Ghaeilge agus don Acht freisin. Ní féidir linn dul ar ais go dtí thuas seal, thíos seal.

Mr. Seán Ó Coinn

Sílim go bhfuil an méid atá ráite ag daoine eile fíor go raibh an Ghaeilge thíos leis an easpa comhaontaithe i measc na bpáirtithe uilig sa Rialtas ó Thuaidh, go háirithe ó bunaíodh an cur chuige rialtais seo sa Tuaisceart. Is cinnte agus muidne ag cur comhairle ar Aire a bheidh sa Roinn pobail, cur i gcás, i dtaca leis an nGaeilge de, gur féidir cuid mhór a bhaint amach má tá an tAire sin ag déanamh tosaíocht don Ghaeilge. Nuair a thagann Airí isteach, bíonn tosaíochtaí éagsúla acu bunaithe ar thosaíochtaí a gcuid páirtithe. Is féidir i bhfad níos mó dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh na teanga de le hAire a dhéanann tosaíocht den Ghaeilge. Mar sin féin, tá teorainn ann. Mar a chonaic muid fiú amháin nuair a bhí Airí ag déanamh tosaíochta den teanga, tá teorainn leis an méid gur féidir le hAirí den chineál sin a bhaint amach in éagmais comhaontú idir na páirtithe uilig. Ar bhealach, is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh comhaontú ann idir na páirtithe uilig i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge agus cosantaí don Ghaeilge ó Thuaidh. Is féidir i bhfad níos mó a bhaint amach nuair atá Aire ag iarraidh tosaíocht a dhéanamh den teanga.

An cheist deiridh. Le cúig bliana anuas-----

An bhfuil an dara rogha againn?

Le cúig bliana anuas, ar cuireadh aon airgead ar fáil do thograí i dTuaisceart Éireann nach raibh comh-mhaoinithe? Is é sin le rá, ar chuir Rialtas na hÉireann airgead ar fáil as a stuam féin nach raibh comh-mhaoinithe sa bhforas? Nuair a bhí mise mar Aire, sin a bheadh mé ag déanamh. Mar shampla, cuireadh riar airgeadais ó chiste an Stáit seo ar fáil don Chultúrlann i nDoire. An bhfuil sé sin fós ar bun? Chuir mé airgead ar fáil do scoileanna ó thráth go chéile. An bhfuil sé sin fós ar bun nó an airgead comh-mhaoinithe atá i gceist?

Mr. Seán Ó Coinn

Níl eolas againn ina leith sin, ach go díreach ar airgead a chuireann Foras na Gaeilge ar fáil do thograí ó Thuaidh.

Is cinnte go bhfuil mé eolach ar thograí a chur an Roinn ó Thuaidh ar fáil do thograí ó Thuaidh nach dtáinig ó Fhoras na Gaeilge.

Dr. Niall Comer

Tá sé tábhachtach a aithint fosta go gcuireann an Roinn ó Thuaidh airgead sparántachtaí, mar shampla, sparántachtaí Gaeltachta, ar fáil do pháistí atá ag freastal ar chúrsaí Gaeltachta ó Dheas. Níl ann ach pointe eolais air sin fosta.

Pointe an-mhaith.

Gabhaim míle buíochas leis na trí eagraíochtaí - Foras na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus Pobal. Tá a fhios agam nach bhfuil sé éasca. Cur i láthair soiléir agus cuimsitheach a bhí ann. Maidir leis an gceist a chur mé ar dtús, tá réimse leathan fadhbanna curtha ós ár gcomhair agus tuigim go bhfuil gá práinneach le hAcht sa Tuaisceart. Ní mór dom a rá freisin go bhfuil cosaint dlíthiúil againn anseo ach tá ceisteanna teanga thar a bheith leochaileach fós. Sin rud amháin. Tá féidearthachtaí ann, áfach, agus rudaí dearfacha in áiteanna. B'fhéidir gur féidir linn iad a phlé am éigin eile ach tá sé deacair glacadh leis an méid fadhbanna atá ann gan breathnú ar rud dearfach, deiseanna nó féidearthachtaí.

Ní féidir liom gan an deis a thapú ceist a chur ar Fhoras na Gaeilge atá taobh amuigh den chlár oibre a bhí leagtha amach. Cén fáth go bhfuil an Foras ag bogadh as foirgneamh phoiblí? Rud é seo atá gar do mo chroí féin. An mian leis na finnéithe é a fhreagairt? Muna mian, tá an ceart sin acu.

Mr. Seán Ó Coinn

Tá freagra an-simplí ann. Síneadh léas ar feadh bliana go dtí 2018 agus ansin ní bheadh léas ar fáil againn ina dhiaidh sin-----

An bhféadfaidh an Foras léas a fháil? Tá mé ag smaoineamh ar an margadh príobháideach. Tá na cíosanna ag ardú an t-am go léir. Tá foirgneamh phoiblí ag an bhforas. Cén fáth nach bhfuil an Foras in ann socrú a fháil le hOifig na nOibreacha Poiblí?

Mr. Seán Ó Coinn

Táimid ag obair le hOifig na nOibreacha Poiblí ó bhí 2013 ann ag iarraidh teacht ar réiteach ó thaobh foirgneamh a sholáthar dúinn a bheadh fóirsteanach mar oifigí. Níor éirigh leis sa chomhthéacs reatha. Tá an-bhrú ar fhoirgneamh oifigí fá lár chathair Bhaile Átha Cliath. Ní raibh siad ábalta teacht ar áit ar bith a d'oirfeadh dúinn. Sa chomhthéacs sin, b'éigean dúinn, i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí, dul sa tóir ar oifigí ar ár leointe féin, rud atá déanta againn. Is dóigh liom go bhfuil réiteach an-mhaith aimsithe againn. Riaradh ar ár gcuid riachtanaisí, ó thaobh na foirne de, an dá oifig i mBaile Átha Cliath a thabhairt i gceann a chéile san aon oifig amháin agus nach mbeadh an cíos ag ídiú an buiséid atá ar fáil ag Foras na Gaeilge le haghaidh deontais.

Rud beag. Tá Teachtaí Dála agus Seanadóirí ag obair ar phlean chun go mbeidh foirgneamh nó oifigí ann le haghaidh eagraíochtaí cosúil le Foras na Gaeilge. Tá súil agam nach bhfuil an Foras ag síniú léas fad-téarmach nó aon rud cosúil leis sin mar b'fhéidir go mbeidh deis eile ann don Fhoras sa todhchaí chun dul isteach san fhoirgneamh a bheidh ann.

Chun tacú leis sin, mar is eol dúinn, chuir an tAire - an tAire céanna - coiste comhairliúcháin ar bun maidir le Sráid an Mhúraigh. Mar chuid de sin, táimid ag moladh go bhfoilseofar an tuarascáil go fíor-luath. Táimid ag moladh go mbeidh lár-ionad mór Gaeilge ann agus go mbeadh naíolann, bialann agus go leor rudaí eile ann ach go mbeadh ar ndóigh tionónta Stáit amháin ann freisin a bheadh ag plé le cúrsaí Gaeilge le beocht a thabhairt don áit. Táimid an-dóchásach gur féidir é seo a bhrú chun cinn. Tá go leor oibre déanta air le sé mhí. B'é an trua ghéar go bhfaighfidh muid amach go raibh léas fada ag dul le cur an plean seo bun os cionn nuair a bheadh b'fhéidir an suíomh is fearr a bhféadfadh a bheith ag éinne sa gcathair agus é sin ar an dá líne Luas ag dul ó thuaidh agus ó dheas agus siar agus soir. Bheadh súil agam go ndéanfadh an Foras ath-mhachnamh. Mar de réir mar a thuigim é, tá léas fada i gceist ag an bhForas. Tá an plean ollmhór seo á mholadh i gcuimhne ar na daoine a throid ar son na saoirse. D'eascair siad uilig as Conradh na Gaeilge - a mbunáit ar fad ar fad - agus gluaiseacht na Gaeilge. Tá súil agam go mbeidh an dara machnamh ann.

Mr. Seán Ó Coinn

Is cinnte go dtabharfaidh muid an méid atá cluinste againn san áireamh ach tá géarchéim againn i láthair na huaire i dtaca leis an léas a thógaint.

Chuir mise an cheist ar dtús agus b'fhéidir nach raibh na finnéithe réidh don cheist. Mar sin, gabhaim míle buíochas leis finnéithe as ucht an cheist a fhreagairt. Mar Chathaoirleach ar an gcoiste, áfach, ní mór dom a rá nach bhfuil mé sásta leis an bhfreagra. Ní thuigim cén fáth i ndáiríre nach bhfuil an Foras in ann socrú a fháil ach b'fhéidir nach é seo an bealach is fearr chun déileáil leis an gceist. Ní féidir liom ligint leis na finnéithe a éalú ón bhfoirgneamh seo gan an cheist a chur.

Mr. Seán Ó Coinn

Is féidir linn bualadh leis an gCathaoirleach am ar bith chun an cheist a phlé.

An mbeidh ardú cíosa i gceist?

Mr. Seán Ó Coinn

Beidh ardú cíosa i gceist.

Ní thuigim é sin. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais chuige.

Mr. Seán Ó Coinn

B'fhéidir go dtiocfadh linn bualadh leis an gCathaoirleach leis é sin a mhíniú di.

Ní thuigim é. Beidh an Foras ag brath ar an margadh príobháideach dá riachtanais maidir le foirgneamh. Tiocfaidh mé ar ais ar an gceist. Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe arís. Pléifimid an rún. Ní dóigh liom go mbeidh deacracht againn leis an rún ach pléifimid é. Tuigim go bhfuil na finnéithe go léir ar aon intinn maidir leis an rún.

The joint committee went into private session at 6.35 p.m. and adjourned at 6.45p.m. until 5 p.m. on Tuesday, 28 March 2017.
Top
Share