Skip to main content
Normal View

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán debate -
Tuesday, 4 Apr 2017

Gnó an Chomhcoiste

Leanfaimid ar aghaidh i seisiún poiblí. Níl mórán eile le déanamh againn. Tá a fhios agam go bhfuil an nádúr ag glaoch.

Ní hé go bhfuil sé ag glaoch, ach go bhfuil sé ag screadaíl.

Tá tú ceart go leor.

An bhfuil na miontuairiscí aontaithe? Aontaithe. Caithfimid déaileáil le píosa comhfhreagrais faoi leith. Tháinig litir isteach maidir leis an scrúdú cainte don teastas sóisearach. Ní bheidh deis againn é a phlé anois, ach cuirfidh mé ar an gclár oibre é don chéad chruinniú eile. An bhfuil baill an choiste sásta leis an moladh sin? An bhfuil siad sásta an comhfhreagras go léir a nótáil? Níl a lán ann. Tá súil agam go bhfuil siad go léir ar an eolas maidir leis an turas go hÁrainn. Ceart go leor.

Ba mhaith liom rud práinneach a ardú roimh deireadh an chruinnithe. De bharr tuarascáil an Choimisinéara Teanga, ba mhaith liom a moladh go ndíreofaí don Aire Stáit, an Teachta Kyne, teacht isteach anseo láithreach le ceisteanna a fhreagairt. Mar shampla, cén fáth nach bhfuil na rialacháin agus na pleananna á ndéanamh?

Déanfaimid é sin.

Ba cheart dúinn é sin a dhéanamh mar obair phráinneach.

Tá an Teachta ag moladh gur chóir dúinn cuireadh a thabhairt don Aire Stáit teacht isteach go práinneach maidir le tuarascáil an Choimisinéara Teanga. Beidh an chéad chruinniú eile tar éis na Cásca ar aon nós. Tá sos beag againn. An bhfuil aon rud eile le déanamh maidir leis an cur i láthair a thug lucht na hollscoile dúinn inniu?

Ní dóigh liom go bhfuil. Is dócha go mbraitheann chuile rud ar an bhfuil Tithe an Oireachtais sásta glacadh leis. Muna bhfuil, ní féidir tada a dhéanamh.

Cad mar gheall ar litir a sheoladh chucu arís?

Tá an post fógartha, nach bhfuil?

Cén amchlár atá i gceist?

Deireadh na bliana.

Is dócha go bhfuil go leor ama againn.

All right. Is mian liom deireadh a chur leis an seisiún poiblí. Beidh cruinniú sciobtha againn i seisiún príobháideach.

The joint committee went into private session at 8.57 p.m. and adjourned at 8.58 p.m. sine die.
Top
Share