Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán (32ú Dáil)

Stop obair an Choiste seo nuair a lánscor an 32ú Dáil ar an 14 Eanáir 2020.

Déanann Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán cur chun cinn ar úsáid na Gaeilge sa phobal, sna healaíona, san oideachas, sa spórt, sa saol gnó, sna meáin agus sa saol polaitíochta. Tá sé ag obair ar son stádas na Gaeilge mar chéad teanga oifigiúil in Éirinn a chomhlíonadh ar bhealach fiúntach infheicthe.

Tá freagracht speisialta ar an gcoiste as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus as obair ar son sochaí atá dátheangach ar fad a chruthú. Oibríonn sé i ndlúthchomhar leis an gCoimisinéir Teanga agus le heagraíochtaí eile a thacaíonn leis an teanga agus a chuireann chun cinn í.
Leagann an coiste tábhacht ar leith ar fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaobh seirbhísí Rialtais a sholáthar i nGaeilge atá inchurtha leis na seirbhísí a sholáthraíonn an Rialtas i mBéarla.
Díríonn an coiste go háirithe ar sholáthar seirbhísí leordhóthanacha agus fostaíochta leordhóthanaí i gceantair Ghaeltachta agus ar sholáthar seirbhísí i nGaeilge do theaghlaigh le Gaeilge ar fud na hÉireann.

Is iad seo a leanas príomhréimsí oibre an choiste:

•    Úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga a chur chun cinn
•    Faireachán a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030
•    Faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaobh seirbhísí agus áiseanna a sholáthar trí Ghaeilge
•    Faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtaobh cur le líon na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí atá líofa i nGaeilge agus faireachán a dhéanamh ar a thoilteanaí atá siad maidir le seirbhís phoiblí a sholáthar trí Ghaeilge
•    Faireachán a dhéanamh ar scéimeanna Gaeilge
•    Reachtaíocht a athbhreithniú chun í a oiriúnú don Ghaeilge
•    Oideachas trí Ghaeilge agus soláthar na seirbhísí, na dtéacsanna agus na n-áiseanna a theastaíonn a chur chun cinn
•    Faireachán a dhéanamh ar an bhfáil atá ar tháirgí Gaeilge

Ba le glacadh Bhuan-Ordú 110A ón Dáil agus Bhuan-Ordú 105 ón Seanad a bunaíodh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán.

Féach Buan-Orduithe Dháil Éireann agus Buan-Orduithe Sheanad Éireann.

Barr
Roinn