Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pá agus grádú

Tá an struchtúr pá agus grádaithe d’fhoireann Thithe an Oireachtais leagtha amach sa tábla thíos mar aon le hachoimre ar an scála tuarastail ábhartha. Is féidir amharc ar thuarastail agus liúntais na gComhaltaí agus a bhfoirne i rannán na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí dár suíomh gréasáin.

Gráid Scála Tuarastail RPP Scála Tuarastail neamh-RPP  
Cléireach na Dála €230,780 €219,240 Bliantúil
Leas-Ard-Rúnaí €202,026 €191,924 Bliantúil
Rúnaí Cúnta €156,472 - €178,995 €148,651 - €170,047 Bliantúil
Príomhoifigeach Ardghráid €106,187 - €130,951 €100,872 - €124,407 Bliantúil
Príomhoifigeach (Gnáthghrád) €98,665 - €122,041 €93,733 - €115,939 Bliantúil
Príomhoifigeach Cúnta Ardghráid €83,227 - €104,064 €79,061 - €98,863 Bliantúil
Príomh-Chléireach €75,822 - €104,064 €73,240 - €98,863 Bliantúil
Príomhoifigeach Cúnta €75,822 - €94,491 €73,240 - €89,764 Bliantúil
Abhcóide Comhairleach – Grád III €75,866 - €106,952 €72,259 - €101,595 Bliantúil
Oifigeach Cléireachais, Scála Níos Airde €51,042 - €71,214 €48,675 - €67,756 Bliantúil
Oifigeach Cléireachais, Gnáthscála €36,864 - €68,970 €35,368 - €65,621 Bliantúil
Cléireach Sinsearach – Scála Níos Airde €57,963 - €71,214 €55,166 - €67,756 Bliantúil
Cléireach Sinsearach – Gnáthscála €54,764 - €68,970 €52,158 - €65,621 Bliantúil
Cléireach Sóisearach – Scála Níos Airde €37,538- €59,132 €36,014 - €56,273 Bliantúil
Cléireach Sóisearach – Gnáthscála  €34,562  - €56,969 €36,014 - €54,231 Bliantúil
Oifigeach Cléireachais – Scála Níos Airde €591.55 - €876.91 €572.35 - €836.66 Seachtainiúil
Oifigeach Cléireachais – Gnáthscála €534.34 - €859.81 €510.37 - €820.49 Seachtainiúil
Príomhuiséir €57,963 - €71,214 €55,166 - €67,756 Bliantúil
Leas-Phríomhuiséir  €54,764 - €68,970 €52,158 - €65,621 Bliantúil
Uiséir – Ceannaire Foirne  €37,538 - €56,969 €36,014 - €54,231 Bliantúil
Rannóg an Mhaoirseora: Uiséir – Grád III, Oifigeach Seirbhísí, Póirtéir, Freastalaí Seirbhíse, Glantóir  €514.12 - €687.56 €509.19 - €661.59 Seachtainiúil (Meán de 5 Scála Tuarastail)
Eagarthóir Cúnta na nDíospóireachtaí €56,550 - €84,779 €53,836 - €80,535 Bliantúil
Leas-Eagarthóir na nDíospóireachtaí €79,836 - €99,635 €75,894 - €94,656 Bliantúil
Príomh-Aistritheoir €97,253 - €122,041 €92,388 - €115,939 Bliantúil
Aistritheoir – Grád I  €79,836 - €99,635 €75,894 - €94,656 Bliantúil
Aistritheoir – Grád II  €69,518 - €84,778 €66,141 - €80,535 Bliantúil
Aistritheoir – Grád III  €36,088 - €74,094 €37,789 - €70,494 Bliantúil
Ateangaire Sinsearach i dTeanga Chomharthaíochta €69,518 - €84,778 Ní bhaineann le hábhar Bliantúil
Ateangaire Sóisearach i dTeanga Chomharthaíochta €36,088 - €74,094 Ní bhaineann le hábhar Bliantúil
Tuairisceoir Parlaiminte €41,536 - €73,213 €43,724 - €69,653 Bliantúil
Leabharlannaí Cúnta €36,086 - €74,094 €37,789 - €70,494 Bliantúil
Leabharlannaí Sinsearach Parlaiminteach €69,518 - €84,778 €66,141 - €80,535 Bliantúil
Taighdeoir Sinsearach €69,518 - €84,778 €66,141 - €80,535 Bliantúil
Taighdeoir €36,086 - €74,094 €34,793 - €70,494 Bliantúil

Le haghaidh sonraí iomlána ar phá uile na Státseirbhíse, téigh chuig leathanach gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe doThuairisciú Scálaí Pá na Státseirbhíse.

Tá dhá scála pá ann le haghaidh gach gráid: 

  1. Scála pá RPP (Ranníocaíocht Phearsanta Pinsin) – Tá feidhm ag na rátaí seo i gcás inar duine nua sa státseirbhís an duine nó inar státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí é nó í a ceapadh an 6 Aibreán 1995 nó ina dhiaidh sin agus a gceanglaítear air nó uirthi ranníocaíocht phearsanta pinsin a íoc.
  2. Scála pá neamh-RPP (Ranníocaíocht Phearsanta Pinsin) – Tá feidhm ag na rátaí seo i gcás inar státseirbhíseach nó seirbhíseach poiblí a earcaíodh roimh an 6 Aibreán 1995 an duine agus nach gceanglaítear air nó uirthi ranníocaíocht phearsanta pinsin a íoc. 

Nuashonraithe go deireanach: 01 Deireadh Fómhair 2023

Barr
Roinn