Féadann gníomhaireachtaí agus ranna rialtais doiciméid a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais trínár bhfeidhmchlár ar líne, Doiciméid Leagtha, nó i bhformáid pháipéir.
Leag doiciméad roimh Thithe an Oireachtais
Más maith leat ár bhfeidhmchlár ar líne maidir le Doiciméid Leagtha a úsáid, ní mór duit clárú trí Thairseach an Oireachtais i dtosach, agus ní mór é sin a dhéanamh fiú má bhí tú cláraithe leis an seanchóras a cuireadh as feidhm i 2020.
Féach
Feidhmchlár maidir le Doiciméid Leagtha
Leis an bhfeidhmchlár maidir le Doiciméid Leagtha, tá sé éasca doiciméid a leagan os comhair na Parlaiminte agus súil a choinneáil ar a ndul chun cinn trí Thithe an Oireachtais.
Féach ar ár bhfíseán gearr chun príomhghnéithe agus príomhbhuntáistí an fheidhmchláir maidir le Doiciméid Leagtha a fheiceáil.
Má theastaíonn cúnamh uait chun doiciméad a leagan, déan teagmháil linn ag docslaid@oireachtas.ie nó cuir glaoch orainn ag (01) 618 4702.
Leag doiciméad i bhfoirm páipéir
Spreagaimid daoine le húsáid a bhaint as ár bhfeidhmchlár ar líne le haghaidh Doiciméad Leagtha, ach féadfaidh tú doiciméad a leagan i bhfoirm páipéir chomh maith. Chun sin a dhéanamh, comhlánaigh an bhileog chumhdaigh do Dhoiciméad Leagtha go cúramach agus cuir faoi bhráid Sheirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais í in éineacht le sé chóip den doiciméad.
Sonraí teagmhála
An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20