Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Cumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas

Fóram atá sa Chumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas (NSIPA) a thugann deis le haghaidh pléití foirmiúla rialta idir Comhaltaí Thionól Thuaisceart Éireann agus Comhaltaí Thithe an Oireachtais maidir le saincheisteanna ina bhfuil leas agus spéis choiteann.

Tagann an Cumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas le chéile dhá uair sa bhliain ar bhonn uainíochta idir Tithe an Oireachtais agus Tionól Tuaisceart Éireann. Is ionann líon an chomhaltais ó Thionól Thuaisceart Éireann agus ó Thithe an Oireachtais. Tá 48 comhalta agus beirt Chomhchathaoirleach sa chumann.

Beartaíodh bunú an fhóraim idirpharlaimintigh seo i gComhaontú Aoine an Chéasta (1998) agus i gComhaontú Chill Rìmhinn (2006). Thionóil NSIPA a chéad chruinniú i Seomra an tSeanaid, Teach Laighean ar an 12 Deireadh Fómhair 2012.

An Cumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas

Toscairí chuig cruinniú tionscnaimh an Chumainn Idirpharlaimintigh Thuaidh/Theas, Teach Laighean, 2012

Preaseisiúintí

2 Noll 2016, 15:29

Joint Communiqué: Eighth Plenary of the North/South Inter-Parliamentary Association

Sonraí teagmhála fhoireann an Oireachtais

An Cléireach
Noel Murphy
(+353) 1 618 3167
noel.murphy@oireachtas.ie

Preasoifigeach
Verona Ní Bhroinn
(+353) 1 618 3881
verona.nibroinn@oireachtas.ie

Barr
Roinn