Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scrúdú béil Gaeilge an Teastais Shóisearaigh faoi chaibidil ag Coiste na Gaeilge

12 Meith 2017, 15:39

Déanfaidh Coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán plé, ag an gcruinniú amárach, Dé Máirt, an 13 Meitheamh 2017, ar scrúdú béil Gaeilge an Teastais Shóisearaigh.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile TD: “Beidh cruinniú ag an gCoiste amárach le Máire Clár Nic Mhathúna Uasal, Príomhoide Choláiste Phobail Cholmcille, chun plé a dhéanamh ar an scrúdú béil Gaeilge do dhaltaí mar chuid den Teastas Sóisearach.  Táimid ag tnúth le plé a dhéanamh ar an gceist thábhachtach seo ag ár gcruinniú.”

Tosóidh an cruinniú ar 5 p.m. amárach, Dé Máirt, an 13 Meitheamh 2017 i Seomra Coiste 4.

Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Barr
Roinn