In 2018, déanfaidh Tithe an Oireachtais cothrom céad bliain ó tugadh vóta parlaiminte do mhná in Éirinn a chomóradh.

Ba sa bhliain 1918 a tugadh cead le dlí do mhná na hÉireann vótáil agus seasamh i dtoghcháin pharlaiminte don chéad uair.

Ba sa bhliain 1918 freisin a toghadh an chéad bhean chun Parlaimint na Breataine in Westminster. Níor ghlac an Chuntaois Markievicz, a rinne ionadaíocht do dháilcheantar i mBaile Átha Cliath, a suíochán in Westminster, áfach. In áit é sin a dhéanamh chuaigh sí sa chéad Dáil réabhlóideach agus rinneadh an chéad Bhan-Teachta Dála di.

Chun an comóradh céad bliain a cheiliúradh, reáchtálfaidh Tithe an Oireachtais clár imeachtaí a leagfaidh béim ar stair na gluaiseachta ceart vótála agus a ceannairí in Éirinn agus ar thionchar na gceart vótála ní ba leithne.

Coinnigh súil air seo le haghaidh an scéil agus an eolais is déanaí faoi Vótáil100.

D+iil Eireann 73

Youth debate

Your chance to speak in the Seanad

Are you a transition year student with an interest in history, English, Irish or politics? Would you like to speak in Seanad Éireann? We are inviting applications to take part in a youth debate as part of our Vótáil100 commemorations.

 

Sonraí teagmhála

Liam O'Brien
Tithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2

D02 XR20
+353 (0)1 618 4484
+353 (0)86 189 5098
liam.obrien@oireachtas.ie