Skip to main content
Normal View

Joint Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs debate -
Thursday, 15 Dec 2016

Buiséad 2016 don Ghaeilge: An tAire Stáit ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

An chéad ábhar eile ná an buiséad do 2016 don Ghaeilge agus an maoiniú do Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta. An bhfuil éinne ag iarraidh na ceisteanna a thosnú?

Chuala mé go bhfuil milliún breise curtha ar fáil do Fhoras na Gaeilge. Fáiltím roimhe sin. An é atá i gceist ná €250,000 don bhliain seo agus €750,000 don bhliain seo chugainn? An íocfar iomlán an airgid sin roimh dheireadh na bliana seo nó an é atá ag tarlú ná go bhfuil airgead breise faighte don bhliain seo chugainn? Cén meicníocht atá i gceist anseo ó thaobh an airgid de? Dála an scéil, má tá an t-airgead ar fad faighte i mbliana ag an Aire Stáit, molaim é. Má tá sé tar éis é a iomrascáil sa gcaoi is go raibh sé in ann airgead nach raibh caite i mbliana a fháil agus cead aige é a chaitheamh an bhliain seo chugainn, molaim é. Is bealach iontach é le cur le buiséad na Roinne agus tá sé an-chliste más é sin a rinne an tAire Stáit.

Tá ceist éigin faoi athlonnú oifig Fhoras na Gaeilge. Creidim go gcaithfidh siad imeacht as 7 Cearnóg Mhuirfean. Cé mhéad airgid atá i gceist as an milliún do sin? Chomh maith le sin, creidim go bhfuil airgead i gceist le haghaidh an oifig Ultaise i nGaoth Dobhair, nó pé áit a bhfuil sé. Cibé áit, cé mhéad airgead caipitil atá i gceist do thograí caipitil?

Is dóigh gurb í an cheist is spéisiúla ar fad ná an bhfuil comh-mhaoiniú faighte ag an Aire Stáit ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh? Mar shampla, do thograí Ultaise, sílim gurb é euro in aghaidh €3 atá i gceist. Cuireann an Rialtas €3 isteach agus cuireann an Feidhmeannas euro amháin isteach. An mbeidh sibh ag fáil comh-mhaoiniú ó bhFeidhmeannas ó Thuaidh, go mórmhór ó tharla go bhfuil Aire airgeadais ó Thuaidh atá thar a bheith báúil don Ghaeilge? Tá aithne mhaith agam air ó i bhfad i bhfad siar. Tá mé tar éis comhoibriú leis thar na blianta. An bhfuil comh-mhaoiniú ar fáil don airgead seo ó na húdaráis ó Thuaidh? B'fhéidir go bhfreagróidh an tAire Stáit na ceisteanna sin dom.

Níl aon chinneadh déanta fós ar an gcomh-mhaoiniú. Caithfidh muid é sin a phlé ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Is é sin an freagra ar an gceist sin.

Is dea-scéal é. Tá sé fógraithe inniu agam go bhfuil maoiniú breise de os cionn €1 milliún san iomlán ceadaithe agam do na forais teanga. Tá €260,000 le cur ar fáil do thionscadail ar leith sa bhliain reatha. Chomh maith le sin, tá méadú €750,000 curtha san áireamh sa Mheastúchán Athbhreithnithe do 2017. Caithfidh mé a rá go bhfuil áthas orm go rabhamar in ann an maoiniú breise substaintiúil seo a chur ar fáil do na forais teanga. Cabhróidh sé seo le Foras na Gaeilge agus leis an Boord o Ulstèr-Scotch chun na cúramaí atá acu ó thaobh chúrsaí teanga agus cultúir a chur chun cinn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire, Teachta Humphreys, as ucht an cúnamh a thug sí dom agus leis an Aire, Teachta Paschal Donohoe, freisin. Chas mé fhéin agus Teachta Humphreys le príomhfheidhmeannach agus cuid de fhoireann an fhorais le déanaí chun cúrsaí buiséid a phlé. Tá mé sásta anois go bhfuil breis airgid faighte agam do na Meastúcháin Athbhreithnithe. Tá €750,000 curtha san áireamh don mheastúchán do 2017. Beidh an €260,000 íoctha i mbliana.

Cé mhéad den airgead atá le dul ar thograí caipitil? Ar an gcéad dul síos, an bhfuil aon bhriseadh síos idir Foras na Gaeilge agus an Bord Ultaise agus, ar an dara dul síos, cé mhéad den airgead a bheidh caite ar fhoirgint agus cé mhéad a bheidh caite ar ghníomhaíochtaí pobail? Is é sin le rá, cé mhéad a bheidh ar fáil don earnáil deonach pobail? An bhfuil aon bhriseadh síos ag an Aire Stáit?

Don bhliain seo, tá €260,000 breise ann, mar a dúirt mé. Beidh beagnach €21,000 ag dul go dtí an Ulster-Scots Agency.

Fágann sé sin €240,000, nó €239,000.

Maidir leis an airgead do 2017, is cinneadh é sin don bhord. Caithfidh siad pleananna a ullmhú agus teacht os comhair an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas chun é sin a phlé.

An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit cé mhéad atá i gceist le haghaidh tograí caipitil? Nach bhfuil roinnt tograí caipitil i gceist?

Tá siad ag lorg airgid. Tá dhá fhoirgneamh ar léas ag Foras na Gaeilge agus tá siad ag iarraidh iad féin agus An Gúm a chur isteach i bhfoirgneamh amháin le chéile. Níl aon chinneadh déanta ar an airgead seo. Caithfidh siad pleananna a ullmhú agus teacht os comhair an Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas. Sílim go mbeidh siad sásta, idir an príomhfheidhmeannach agus an cathaoirleach nua, teacht os a chomhair chun rudaí mar sin a phlé.

Ar thug siad buille faoi thuairim fiú cé mhéad a bheadh i gceist? Cé mhéad airgid a bheidh ann le caitheamh ar thograí i measc an phobail, seachas ar fhoirgint?

Níl mé in ann an figiúr sin a chur amach. Níl a fhios agam an bhfuil figiúr ann. Níl aon rud cinnte faoi go fóill.

An bhfuilimid an caint ar €50,000, €200,000 nó €600,000? An bhfuil siad ag ceannacht foirgnimh?

Léas agus fit-out, ab ea?

An leis an OPW 7 Cearnóg Mhuirfean, nó an bhfuil sé ar léas díreach ag Foras na Gaeilge ón earnáil príobháideach?

Léas príobháideach, sílim. Sílim go bhfuil ceann amháin acu ag an OPW.

An mbeidh an OPW freagrach as na foirgint nó an mbeidh Foras na Gaeilge ag dul amach ar an margadh oscailte?

Beidh siad ag dul amach ar an margadh oscailte.

Beidh sé sin daor.

Fáiltímid roimh an airgead breise a cheadaíodh ar maidin do Fhoras na Gaeilge. An cheist atá ann ná an íocaíocht aon uaire atá i gceist nó an mbeidh sé san áireamh gach bliain mar chuid den bhuiséad buan a bheidh ar fáil ag an Roinn? An mbeidh ar an Aire Stáit dul lena chaipín ag cuartú pinginí ag deireadh gach bliana? Tá sé sa bhreis ar an airgead breise a cheadaíodh do Údarás na Gaeltachta níos túisce i mbliana.

An gcuirfear an t-ardú breise atá faighte san airgead do Údarás na Gaeltachta agus an €1 milliún breise seo san áireamh mar chuid den bhunfhigiúr a bheidh mar an buiséad gach bliain as seo amach? Nó an mbeidh an tAire Stáit ar ais san áit a raibh sé lúide €2 mhilliún ag tús na bliana nuair a bheidh buiséad na bliana seo chugainn á fhogairt?

Tá an t-airgead faighte againn anois agus beimid ag iarraidh é a choimeád mar an bunlíne agus dul ar aghaidh as sin. Ach, beidh orainn é sin a phlé ag cruinnithe leis an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as seo amach. Mar is eol don Seanadóir, bhí €1 milliún breise i maoiniú caipitil do Údarás na Gaeltachta faighte anuraidh sna Meastúcháin Athbhreithnithe 2016. Bhíomar in ann é sin a choimeád don bhliain seo chugainn. Bhí allúntas breise caipitil de €2.4 milliún curtha ar fáil do Údarás na Gaeltachta i 2016. Bhíomar in ann é a choimeád an uair sin do Údarás na Gaeltachta. Is é sin an plean a bheidh againn arís. Tá a fhios agam go dteastaíonn níos mó airgid. Is é seo an chéad uair, sílim, ó 2008 go bhfuil aon ardú ar an mbuiséad do na forais teanga. Is dea-scéal é sin.

Ar an bpointe a rinne an Teachta Ó Cuív, nach gcaithfidh comhaontú a bheith ann leis an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas go bhfuil an comh-mhaoiniú dearbhaithe sular féidir an €1 milliún sin a íoc amach le Foras na Gaeilge? Tá dhá thrian agus trian le n-íoc, nach bhfuil? Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an Feidhmeannas an trian a íoc.

Beidh muid in ann é a íoc ar rudaí taobh amuigh den chlár, ach b'fhearr linn an comh-mhaoiniú. Bheadh sé iontach do na forais iad féin más féidir an t-airgead breise sin a fháil. Beidh ról ag an Seanadóir agus ag an gCathaoirleach in iarracht a dhéanamh iarraidh ar an Aire airgeadais ó Thuaidh, Máirtín Ó Muilleoir.

Cuirim fáilte roimh aon thacaíocht ar an gceist sin. Airgead substaintiúil atá anseo-----

I gcead duit, baineann sé leis an Aire cúltúir, ealaíon agus fóillíochta. Tá sé cineál íorónach. Nuair a bhí Aire Shinn Féin sa ról sin ag iarraidh airgead breise a thabhairt do Fhoras na Gaeilge san am a chaitheadh, níorbh féidir é a dhéanamh mar nach raibh an Rialtas anseo in ann comh-mhaoiniú a dhéanamh sa gcás sin. Táimid iompaithe timpeall anois le Aire ón DUP sa ról sin. Muna gceadaíonn an tAire ón DUP an t-airgead breise, an bhfuil an tAire Stáit ag rá liom gur féidir fós an €1 milliún a chaitheamh, ach ar-----

Beidh an t-airgead seo ar fáil ag na forais teanga, fiú gan aon chomh-mhaoiniú. Ach, cuirim fáilte le breis airgid ón taobh sin freisin.

An bhfuil comhráití ar bun ag an Aire Stáit leis an Aire cultúir, ealaíon agus fóillíochta nó leis an Aire airgeadais ó Thuaidh?

Tá siad ar an eolas faoin airgead seo. Mar a dúirt mé, beidh orainn é seo a phlé ag an gcruinniú Chomhairle Aireachta Thuaidh-Theas i mí Eanáir, sílim.

Mar a deir an tAire Stáit féin, nuair a chuirtear é sa bpictiúir iomlán, an gearradh siar damanta a rinneadh ar bhuiséad chaipitil Údarás na Gaeltachta ó €26 milliún i 2008 síos go dtí €5.5 milliún, agus anois le milliún breise leis. Táimid fós in áit na leathphingine i gcomparáid le na ciorruithe eile. Tháinig ciorradh de 9% ar an mbuiséad Gaeilge agus Gaeltachta trí chéile. Tá seans ann go bhfreagróidh an tAire Stáit go raibh airgead caite ar thograí caipitil ó thaobh chéibh Inis Mór de. Ach, nuair a chaitear airgead ar thograí caipitil sa Roinn Oideachas agus Scileanna nó in aon Roinn eile, ní gá go mbainfidh an t-uasmhéid sin amach as an mbuiséad don chéad bhliain eile. Cén fáth nár fhágadh an bunfhigiúr leis an Roinn le go mbeadh an 9% breise sin de mhaoiniú fós ag an Aire Stáit le haghaidh tograí caipitil eile, ar nós rudaí atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge cosúil le na hionaid Gaeilge do bhailte. Tá neart tograí caipitil eile.

Caithfidh mé a rá go ndearna an Taoiseach an-obair chun an t-airgead a fháil don chéibh ar Inis Oírr. Tháinig sé ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil go dtí Roinn na Gaeltachta. Is rud difriúil é. Fuaireamar é ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Chomhshaoil. Is é sin an fáth go raibh laghdú ar an mbuiséad ina iomlán toisc an once-off a bhfuaireamar ón Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil don togra caipitil ar Inis Oírr. Tá €2 mhilliún ann don togra sin i mbliana chun leanúint leis an obair.

Nach bhfuil ceist ansin faoin Aire sinsearach, i ndáiríre, nach bhfuil cás sách láidir á chur aici? Tá rannóg na Gaeilge ar an gcodán is lú den Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, ina bhfuil píosaí eile go leor ann. Is é seo an Roinn is lú a bhfuil airgead aige as na Ranna éagsúla ar fad. Nach bhfuil gá cás i bhfad níos láidre a bheith á dhéanamh ag an Aire sinsearach chun breis airgid a fháil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ag leibhéal an Rialtais? Dá bhrí sin, nach ndéanann sé sin cás níos láidre go mbeadh Aire sinsearach le Gaeilge ag bord an Rialtais ag troid an coirnéil dúinn?

Bhí mé ag suí in aice leis an Aire sinsearach nuair a bhfuaireamar an breis airgid. Don Roinn in iomlán, thug an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an t-airgead a bhí leagtha síos in 2016 don cheiliúradh do 2016. Thug sé amach é agus ansin fuaireamar €40 milliún breise don Roinn. Sílim go ndearna an tAire sinsearach, an Teachta Humphreys, an-jab chun an t-airgead sin a fháil don Roinn.

B'fhéidir nach n-aontaíonn muid ar an bpointe sin. Tá ceist amháin agam maidir le deacrachtaí sna ceantracha Gaeltachta. Bhí scéim ann darbh ainm scéim na mbóithre áise a bhíodh ag tacú le bóithre phortaigh, bóithre chladaigh agus mar sin de. Bhí sé an-tábhachtach. Táimid ag caint faoi fhorbairt na ceantracha Gaeltachta ó thaobh áiseanna turasóireachta agus mar sin de. Ní raibh an t-airgead a bhí i gceist uafásach mór. Gearradh é insan am nach raibh airgead chomh fairsing. An mbeadh smaoineamh ag an Aire Stáit a leithéid sin a thabhairt ar ais mar chuid dá chlár oibre? Is cinnte go dtacódh sé le forbairt na gceantracha. Is airgead beag é sa gcomhthéacs náisiúnta ach airgead fíor-riachtanach sna ceantracha Gaeltachta.

Tá mé sásta breathnú ar chuile rud. Tá an stiúrthóir nua sa Roinn anseo agus tá mé sásta brú a chur air faoi freisin. Tá a fhios agam go ndearnadh an-jab le na bóithre áise anuraidh. Tá a lán bóithre nach bhfuil os comhair Chomhairle Contae na Gaillimhe agus i gceantracha eile. Arís, níl mé chun gealltanas a thabhairt faoi. Chaitheamar thart ar €600,000 ar bhóithre na n-oileán trasna na tíre agus déanadh an-obair. Tá níos mó le déanamh agus táimid sásta breathnú ar chuile rud.

Cé mhéad a chaitheadh i mbliana ar na bóithre áise?

Ní ar na bóithre áise, ach ar bhóithre na n-oileán. Suim de €600,000 a chaitheadh, sílim.

Dhá eagraíocht eile atá ag feidhmiú faoi scáth do Roinne i gcomhair le Údaras na Gaeltachta ná na comharchumainn Gaeltachta agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Is eagraíochtaí iad sin atá ag déanamh obair fíor-thábhachtach. Tá na deontais atá á íoc leis na heagraíochtaí sin laghdaithe go mór le cúpla bliain anuas. Tá géarghá breis tacaíochta a thabhairt dóibh. An mbeidh an tAire Stáit ag tabhairt treoire do Údarás na Gaeltachta breis airgid a thabhairt do na comharchumainn mar airgead reatha?

Maidir leis na naíonraí, tá géarchéim uafásach mór sna naíonraí Gaeltachta. Tuigim go mbaineann sé le Roinn na Leanaí agus Gnóthaí Óige chomh maith céanna. Tá cúpla rud i gceist agus tá siad á ardú i láthair na huaire. An chéad rud ná an ráta pá atá á íoc le na stiúrthóirí agus an dream atá ag obair sna naíonraí agus na naíolanna. Tá sé an-íseal agus táimid ag feiceáil go leor den dream sin ag imeacht le dul ag obair mar chúntóirí ranga agus teanga sna scoileanna. Tá fadhb ansin le daoine a earcú chun an obair a dhéanamh.

An dara rud ná go bhfuil sé tábhachtach teacht ar dhaoine le Gaeilge chomh maith leis an obair sin a dhéanamh. An tríú rud ná go bhfuil rialachán beartaithe ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Teachta Zappone, atá le teacht i bhfeidhm ag tús na bliana. Sa gcás sin, caithfidh cáilíocht FETAC leibhéal a cúig a bheith ag daoine le dul ag obair sna naíonraí. Tá sé seo chun bualadh cuid mhaith de na naíolanna Gaeltachta mar nach bhfuil gach duine suas go dtí FETAC leibhéal a cúig fós. Tá an Roinn, trí Údarás na Gaeltachta, ag maoiniú Comhar na Naíonraí agus cuid mhaith de na hionaid seo. D'fhéadfadh géarchéim a bheith ann i mí Eanáir. An bhfuil an tAire Stáit i dteagmháil leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige faoi seo? An bhfuil sé ábalta aon rud a dhéanamh ina leith seo le síneadh ama a thabhairt ar a laghad le go gcoinneofar na daoine ag obair agus na naíonraí agus na naíolanna oscailte agus, níos faide anonn, leis an gcaighdeán pá agus na conníollacha atá ag na hoibrithe a ardú?

Bhí mé i dteagmháil leis an Aire, an Teachta Zappone, faoi seo. Is ceist thábhachtach í. Chuireamar cás láidir os a comhair agus táimid ag fanacht ar fhreagra. Sílim gur chás speisialta é ó thaobh na Gaeilge de. Teastaíonn daoine cáilithe do na postanna seo, ach freisin, sa Ghaeltacht, teastaíonn daoine cáilithe atá líofa le Gaeilge. Tá sé sin mar cheann de na fadhbanna a chuireamar os comhair an Aire, an Teachta Zappone. Níor chuala mise faoi seo go dtí cúpla lá ó shin. Tá an spriocdáta ar 1 Eanáir. Ní raibh mórán ama agamsa, ach tá sé pléite agam leis an Aire, an Teachta Zappone.

Maidir le na comharchumainn, tá €250,000 breise faighte do 2017 do Údarás na Gaeltachta.

Chas feidhmeannaigh an údaráis agus mé fhéin le hionadaithe ó na comharchumainn sna Forbacha. Chuir siad cás láidir os ár gcomhair faoi na deacrachtaí agus na dúshláin atá acu ó thaobh airgid de. Dúirt mé ag an am go ndéanfainn iarracht breis airgid a fháil don údarás agus go mbeadh cinneadh le déanamh ag an údarás cén chaoi a chaitheann sé an t-airgead. Is é mo thuairim phearsanta, agus tá sé seo ráite agam leis an bpríomhfheidhmeannach, go gcaithfear an cuid is mó den airgead sin a chur isteach i mbuiséid na gcomharchumainn chun cabhrú leo na dúshláin atá acu a shárú.

Maidir le na ceisteanna eile ó thaobh pá de, sílim gur cheist é sin do bhord an údaráis.

An cloch is mó ar pháidrín an Aire Stáit ná an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Cé mhéad atá caite i mbliana ar an straitéis agus cé mhéad a bheidh á chaitheamh an bhliain seo chugainn? Cá sheasann na limistéir pleanála teanga? De na pleananna atá ullmhaithe, cé mhéad atá réitithe agus cé mhéad nach bhfuil tosaithe go fóill?

Cén fáth nár tháinig an tAire Stáit nó an tAire sinsearach os comhair Bhuan-choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán leis na ceisteanna seo a phlé agus an straitéis a chíoradh go mion? Tuigim go raibh iarratas faighte acu.

Maidir leis an gcoiste Rialtais atá ag plé le cur chun cinn na straitéise, tá sé cloiste agam nár tháinig siad le chéile ach uair amháin i mbliana faoi scáth an Taoisigh. Cén chaoi gur féidir an straitéis a chur i bhfeidhm go héifeachtach muna bhfuil an coiste sin ag teacht le chéile go rialta? Cén fáth nach bhfuil sé ag teacht le chéile go rialta?

Sílim go mbeimid réidh le hocht bplean a cheadú do 2017. Sílim go bhfuil-----

Sin pleananna a bheidh críochnaithe, an ea?

Is ea, pleananna a bheidh críochnaithe. Tá 22 nó 23 próiséis ann. Tá an chuid is mó dóibh ag dul ar aghaidh. Tá cuid acu ag iarraidh breis ama agus tá sé sin ceadaithe agam. Maidir leis an straitéis, tá €1 milliún caite i mbliana. Beidh €1.25 milliún ar fáil i 2017.

Céard ar a bhfuil sé sin caite? An bhfuil sé caite ar na pleananna?

Tá an chuid is mó caite ar na pleananna teanga, chomh maith le tograí digiteach freisin.

Ocht bplean a bheidh ullmhaithe. An bhfuil gach ceantar tosaithe ar na pleananna anois, nó an bhfuil ceantracha nach bhfuil tosaithe?

Sílim go bhfuil trí cinn nach bhfuil tosaithe go fóill.

Cén fáth nach bhfuil siad sin tosaithe?

Táimid ag dul trí phróiseas. Caithfimid dul amach agus é a fhógairt agus rudaí mar sin. Uaireanta, ní bheidh eagraíocht amháin in ann freastal ar áiteanna scaipthe.

Agus cad é an scéal maidir leis an mbuan-choiste Gaeilge agus an coiste Rialtais?

Tháinig muid le chéile uair amháin. Ag an am sin-----

-----cheap mé go mbeadh cruinniú eile againn um Nollaig. Tá a fhios ag an Seanadóir go bhfuil an Taoiseach an-ghnóthach. Braitheann sé ar dhialann an Taoisigh. Bhí cruinniú maith againn ag an am sin chun an plean oideachais Gaeltachta a phlé. Tá a fhios agam gur phléigh an coiste seo nó an coiste Gaeilge eile an chéad phlean oideachais Gaeltachta riamh le déanaí. Bhí cruinniú maith againn ar an lá sin agus tá a lán rudaí le plé ag an gcéad chruinniú eile, a bheidh i mí Eanáir, tá mé dóchasach.

Maidir le Buan-choiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, fuaireamar cuireadh amháin go dtí an coiste sin. Fuair mo rúnaí príobháideach an cuireadh sin déanach Dé hAoine le teacht os comhair an choiste Dé Máirt. Bhí an tAire, an Teachta Humphreys, ag cruinniú de bhord an Rialtais agus bhí mo dhialann lán ag an am sin. Is é sin an t-aon chuireadh a bhfuair mé. Is é seo an tríú uair dom os comhair an choiste seo agus níl fadhb agamsa dul os comhair an choiste Gaeilge agus Gaeltachta. Mar a dúirt mé, ní bhfuair mé ach cuireadh amháin ar an Aoine le teacht os comhair an choiste Dé Máirt. Ní raibh a ndóthain ama agam.

Tá mé cinnte go mbeidh an tAire Stáit ag fáil cuireadh eile, muna bhfuil sé faighte cheana féin. Munar tháinig an comhchoiste Rialtais, mar átáimid ag cloisteáil, le chéile ó mí Eanáir, ní léiríonn sé tiomantas an Rialtais don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá fadhbanna ann. Tá a fhios agam go bhfuil cuireadh tugtha ag an gcomhchoiste eile sin don Aire, an Teachta Paschal Donohoe, agus Airí eile, le hearcaíocht sa státseirbhís ach go háirid a phlé. Ní léir go bhfuil mórán suime i ndáiríre ag na hAirí eile sa straitéis, i gcur i bhfeidhm na straitéise nó sna ceisteanna tromchúiseacha a bhaineann leis a phlé.

Tá na rudaí seo pléite agam leis an stiúrthóir nua. Chas mé leis Dé Máirt san oifig. Phléigh muid an próiseas earcaíochta. Caithfimid é sin a phlé. Tá sé sin ráite agam leis an Taoiseach freisin go príobháideach taobh amuigh den choiste sin agus sa choiste féin, caithfidh mé a rá. Phléigh muid na fadhbanna agus deacrachtaí atá ann. Tá a fhios aige go gcaithfimid rud éigin a dhéanamh faoi mar nach bhfuil an próiseas mar atá ag obair. Níl a ndóthain daoine le Gaeilge ag teacht tríd an bpróiseas earcaíochta. Tá sé sin déanta. Casaim leis an Taoiseach agus le na hAirí eile taobh amuigh de choistí foirmiúla cosúil le sin. Mar shampla, an lá díreach i ndiaidh an bhuiséid, phléigh mé na fadhbanna le Foras na Gaeilge leis an Aire, Teachta Paschal Donohoe, agus mhínigh mé gur theastaigh breis airgid san athbhreithniú. Tá sé sin faighte againn anois. Bíonn cruinnithe againn i gcónaí. Bhí an tAire, Teachta Bruton, agus an Taoiseach sásta athrú a dhéanamh ar an bpolasaí oideachais do scoileanna oileáin. Tháinig an t-athrú sin mar gheall ar an obair atá chuile dhuine ag déanamh agus toisc an brú atá coistí mar seo, muintir na n-oileán agus muintir na Gaeltachta ag cur orainn.

Tá cúpla ceist agamsa. Tá go leor pléite ag an Seanadóir Ó Clochartaigh a bhfuil suim agam ann. Leis an bhfírinne a rá, tá mearbhall ar dhaoine faoin bpróiseas airgeadais atá ag an Rialtas seo agus conas a bhaineann sé leis an nGaeilge. I ngach Roinn eile, bíonn sé i bhfad níos éasca a oibriú amach caidé an méid airgid atá ag teacht isteach agus á bhaint amach. Mothaíonn daoine go bhfuil an Rialtas ag iarraidh cleas trí chárta a imirt leis an airgead. Is cosúil go bhfuil cleasaíocht i gceist nuair a deirtear go bhfuil airgead nua anseo ach is airgead sealadach atá i gceist toisc go raibh airgead sa bhuiséad caipitil an bhliain seo caite agus baineadh amach as sin é mar nach airgead fadtéarmach nó nach maoiniú leanúnach atá i gceist. Tá an caint chasta sin ann.

Mar a dúirt an Seanadóir, de ghnáth, bíonn buiséad ann. Éiríonn nó íslíonn an buiséad ó bhliain go bliain. Ní hé seo atá i gceist. Fáiltím an t-airgead atá tar éis teacht isteach inniu go huile is go hiomlán, ach ní raibh an tAire Stáit in ann a rá linn go mbeidh úrlár againn don bhliain seo chugainn leis an airgead sin tógtha san áireamh. Mar sin, airgead sealadach atá i gceist arís. Cuireann sé díomá ormsa nuair a bhreathnaíonn mé ar an bpictiúir mór. Sa phictiúir mór, tá ísliú de 50% tar éis teacht ar an mbuiséad ag Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ó 2008. Tá a fhios ag cách go raibh titim i mbeagnach gach cearn den Rialtas ag an am sin. Ach, le trí bliana anuas, tá na buiséid eile tar éis dreapadh suas arís. Níl sé sin ag tarlú go fóill do Údarás na Gaeltachta nó do Fhoras na Gaeilge.

Caithfimid a bheith ionraic agus réalaíoch faoin méid airgid atá ag teacht isteach san earnáil seo. Tá sé fós thíos agus thíos i bhfad níos mó ná na Ranna eile. Tá impleachtaí ann dá bharr. Tá ar Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge leanúint ar aghaidh ag gearradh siar ar na projects agus tograí atá acu ó bhliain go bliain. Lagaíonn sé sin an Ghaeilge timpeall na tíre. Ba cheart go mbeimid ag caint faoi rudaí cosúil leis an gCultúrlann atá i mBéal Feirste. Ba cheart go mbeadh gach baile réigiúnach, cosúil leis an Uaimh, Dún Dealgan agus Port Laoise, ag súil le tograí cosúil le sin.

Agus mé ag breathnú ar an earnáil seo, na ceithre rud is tábhachtaí nó na ceithre pillars atá ann dar liom ná an Ghaeltacht í féin, deiseanna a bheith ag daoine Gaeilge a húsáid, an Ghaeilge a chur ó ghlúin go glúin agus an córas oideachas. Má táimid in ann na ceithre rudaí sin a threisiú, d'fhéadfaimis an Ghaeilge a threisiú thar timpeall na tíre, ach níl an béim chuí orthu fós. An mbeidh ar Fhoras na Gaeilge agus ar Údarás na Gaeltachta gearradh siar a dhéanamh ar tograí, projects agus araile an bhliain seo chugainn? An mbeidh go leor airgid ag Údarás na Gaeltachta? An eolas atá agamsa ón údarás ná go bhfuil 7,000 post ag brath ar obair an údaráis. An mbeidh an t-údarás in ann cur leis sin? Cad iad an sprioc atá ag an Roinn? An bhfuil an Roinn ag iarraidh go mbeidh Údarás na Gaeltachta in ann cur leis an bhfigiúir sin?

An bhfuil an Roinn ag smaoineamh ar Brexit ar chor ar bith agus an tionchar a bheidh aige ar an gcomhmhaoiniú Thuaidh-Theas? An bhfuil aon saghas díospóireacht nó plé ar siúl le comhghleacaithe na nAirí i dTuaisceart na hÉireann?

Rinne mé dearmad a rá go bhfuil an plean oideachais don Ghaeltacht lárnach sa straitéis 20 bliain agus céim mhór é sin ó thaobh na straitéise. Tá a fhios agam go dteastaíonn airgead ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun é a chur i bhfeidhm. Teastaíonn €7 milliún nó €8 milliún don dhá bhliain as seo amach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus tá €1 milliún curtha ar fáil do 2017 chun tús a chur leis.

Ó thaobh acmhainní, níl aon Roinn, eagraíocht Stáit nó grúpa a chas mé leo riamh nach raibh ag iarraidh níos mó airgid. Tá chuile dhuine in ann cás maith a dhéanamh agus aontaím an chuid is mó den ann le cásanna ó thaobh bhreis airgid agus acmhainní d'eagraíochtaí Gaeilge, spóirt agus chuile eile dream a bhíonn á iarraidh.

Níl aon earnáil thíos leis agus atá an earnáil seo.

Níl sé sin féaráilte. Bhí laghdú ag chuile Roinn mar gheall ar an drochstádas eacnamaíocha sa tír. An fáth go bhfuilimid in ann ardú a thabhairt do chuile Roinn ná go bhfuil feabhas déanta ag an Rialtas agus an Rialtas roimhe seo chun an tír a chur ar ais le chéile. Bhí orainn cinntí deacra a dhéanamh ach, mar gheall air sin, tá breis airgid againn agus beidh breis airgid againn do 2018 freisin. Beimid ag cur cáis láidir os comhair an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun ardú a dhéanamh ar na figiúirí don bhliain seo. Bíonn chuile Aire ag iarraidh breis airgid agus bíonn roghanna le déanamh. Táimid i gcomórtas leis an Roinn Sláinte agus an Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá ardú substaintiúil, mar shampla, ar an daonra sa tír ó thaobh daoine óga agus seandaoine. Bíonn costaisí ag chuile Roinn. Déanaimid cás láidir chun breis airgid a fháil agus tá sé le fáil. Le linn an téarma seo, chas mé le hÚdarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge agus tá airgead faighte againn don Foras Teanga agus don údarás ó thaobh an buiséid caipitil agus an buiséid reatha. Tá breis airgid faighte freisin ó thaobh na hoibre tábhachtaigh atá na comharchumainn trasna na tíre ag déanamh. Tá breis airgid faighte don straitéis 20 bliain. Tá dul chun cinn mór déanta. B'fhearr liom go mbeadh níos mó déanta. Bheinn an-sásta le níos mó airgid. Bheadh chuile Aire sásta le níos mó airgid. Bheadh an tAire, an Teachta Humphreys, sásta le níos mó airgead agus bímid ag troid i gcónaí chun é a fháil.

Pléadh Brexit leis an rúnaí cúnta. Tá dualgas aige ó thaobh an ábhair seo. Freisin, tá coiste idirrannach faoi stiúir an Taoisigh ann maidir le Brexit.

Ní hionann an gearradh siar airgid don Roinn seo agus an gearradh siar do Ranna eile. An féidir leis an Aire Stáit Roinn eile a ainmniú atá an gearradh siar níos measa ann?

Bhí gearradh siar i ngach Roinn.

An féidir leis an Aire Stáit ceann a ainmniú a raibh an gearradh siar níos measa ann?

Ó thaobh na figiúirí in 2017?

Ó 2008 go dtí an lá inniu, an féidir leis an Aire Stáit Roinn a ainmniú a raibh an gearradh siar níos measa ann?

Níl na figiúirí sin agam. Tá a fhios agam, mar is atá ag gach uile dhuine, ó thaobh bhuiséad caipitil an údaráis, go raibh laghdú airgid ann ach anois tá ardú ann i mbliana don údarás. Bhí laghdú ann do chuile Roinn.

Tá a fhios agam, ach an fhadhb atá ann ná go gcuireann an tAire Stáit an locht ar an easpa airgid atá ann. Dá mbeadh sé sin fíor, bheadh an easpa airgid sin scaipthe thart timpeall gach Roinn evenly. Ní tharla sé sin. An fhadhb atá ann ná go bhfuil easpa béim agus easpa polasaí láidir ag an Rialtas i gceist. Trí bliana ó shin, chonaiceamar go raibh airgead ag teacht isteach go dtí na Ranna eile. Bhí ardú buiséid ann, ach ní raibh ardú buiséad ar fáil don Ghaeilge ag an am. Dhá bhliain ó shin, bhí an t-ardú sin ag dul ar aghaidh sna Ranna eile ach ní raibh ardú ann sa Roinn seo. Tá a fhios ag cách go bhfuil easpa béime i gceist. Nílim ag rá go bhfuil na hAirí lag. Is é atá á rá againn ná go bhfuil an páirtí ag teacht chuig an ábhar seo gan an béim chuí a bheith ann.

San earnáil oideachais, tá caighdeán na múinteoirí ag titim gach bliain. Deir múinteoirí atá ag teacht amach as an gcóras tríú leibhéal nach bhfuil an caighdeán céanna ann. Dúirt an tAire, an Teachta Coveney, cúpla mí ó shin nach mbeidh riachtanas Gaeilge ag baint le poist leabharlannaithe sa tír seo as seo amach. Bíonn céim sa treo mícheart ann gach bliain ó thaobh riachtanas, béim agus iarrachtaí agus ní de bharr airgid ach de bharr pholasaithe an Rialtais.

Ta cúpla ceist eile agam mar tá an t-am beagnach druidte anois. Caitheann an Rialtas €20,000 gach bliain ar thacaíocht do dhaoine taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Is airgead uafásach beag é sin. An bhfuil aon dul chun cinn déanta ag an Rialtas sa bhuiséad maidir leis sin?

Ceapaim gur íocann an Roinn as pinsin eagraíochtaí a bhaineann leis an Roinn ach amháin Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge a íocann as a bpinsin féin as a mbuiséid féin. An mbeidh an Rialtas in ann dul chun cinn a dhéanamh faoi sin? Cad iad na heagraíochtaí taobh amuigh d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeltachta a íocann as a bpinsin fein?

Ó thaobh an airgid sa bhuiséad, tá sé leagtha síos go bhfuil ardú ann ó thaobh an buiséid reatha d'Údarás na Gaeltachta. Tá airgead breise ann a chuirfear ar fáil lastigh de mo Roinn don obair a dhéanann an t-údarás. Tá airgead ag teacht ó Fhoras na Gaeilge freisin don Ghaeilge a chur chun cinn timpeall na tíre. Thug mé cead do €150,000 d'ionad Gaeilge i dTamhlacht i mBaile Átha Cliath seachtain ó shin. Sílim go gcuireann an Cathaoirleach fáilte roimhe sin.

Is rud maith é.

Ní haontaím leis an gCathaoirleach nach bhfuil an bhéim i gceart ag an Roinn.

Is Roinn nua é an Roinn seo ó thaobh an ról forbartha i dtaobh gnóthaí réigiúnacha agus tuaithe. Tá an Roinn níos láidre anois. Tá an Cathaoirleach ceart go dteastaíonn níos mó airgid. Nílimid ag rá nach dteastaíonn. Beimid in ann aon airgead breise a chaitheamh i gceart chun feabhas a dhéanamh ar sheirbhísí agus ar an gcaighdeán Gaeilge.

Ó thaobh an pholasaí oideachais, tá an ceart ag an gCathaoirleach go bhfuil laghdú tagtha ar an gcaighdeán atá ag cuid de na múinteoirí. Sin an fáth go bhfuil sé sin lárnach sa pholasaí don oideachas Gaeltachta. Tá plé idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir leis.

Tá an obair ag dul ar aghaidh. Tá an ceart ag an gCathaoirleach go dteastaíonn níos mó airgid. Níl aon duine ag rá nach dteastaíonn. Déanaimid an-iarracht breis airgid a fháil i gcónaí. Ag ullmhú don bhuiséad in 2018, beidh orainn cás a chur ó thaobh na pleananna teanga agus an breis airgid a theastaíonn chun iad a chur i bhfeidhm. Beidh orainn é sin a phlé ag an gcruinniú idirrannach, é a chur ar an gclár agus é a phlé leis an Aire, an Teachta Donohoe. Táimid agus beimid ag obair ar na rudaí sin.

Cad faoi na pinsin? Íocann Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge as a bpinsin féin as a mbuiséid féin ach ní sin an gnáthchleachtadh. Faigheann na heagraíochtaí eile airgead dá gcuid pinsean ón Roinn.

Sin an próiseas. Beidh an t-airgead ag teacht ón Roinn.

An fhadhb atá ann ná go gcuireann sé dallamullóg ar dhaoine. Nuair a breathnaímid ar an méid airgid a fhaigheann Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge agus an méid airgid a fhaigheann eagraíochtaí eile, sa chomhréir airgid atá á fháil ag Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge tá airgead ann do na pinsin. Ní do tograí nua an t-airgead sin. An fhadhb atá ann ná go bhfuil an comhréir ag fás. Tá na pinsin ag alpadh siar níos mó airgid agus tá an comhréir ag ardú gach bliain.

Sin an próiseas atá ann agus sin an próiseas céanna atá ann in áiteanna eile ar nós Waterways Ireland agus cuid de na heagraíochtaí eile. Níl liosta agam de na heagraíochtaí go léir. B'fhéidir go mbeimid in ann é sin a fháil ó áit éigin, ach sin an próiseas.

Beidh mise sciobtha mar tá sé ag éirí déanach. Scríobhann an tAire litir, a réitíonn an stiúrthóir dó, chuig Údarás na Gaeltachta a leagan amach cé ar a chaithfear an t-airgead an bhliain dar gcionn agus bíonn treoracha áirid ag baint leis. An bhfuil i gceist treoir a thabhairt sa litir sin go gcaithfear an €250,000 breise a chuirfear ar fáil le haghaidh na gcomharchumann Gaeltachta ar na comharchumainn Ghaeltachta agus eagraíochtaí pobalbhunaithe atá ann faoi láthair le nach ndéanann an t-údarás aon rud eile leis an airgead seachas an rud a fréamhú é? Fuair an tAire Stáit an t-airgead ar chúis áirid. An bhfuil sé i gceist aige a chinntiú sa litir a chuirfear ar fáil don údarás go gcaithfeadh an t-údarás an t-airgead ar an rud a bhí i gceist ag an Aire Stáit nuair a bhfuair sé an t-airgead?

Molaim go scríobhfadh an coiste seo chuig an Aire, an Teachta Zappone, maidir leis na hionaid tacaíochta teaghlaigh agus an fhadhb faoi leith atá acu a d'ardaigh an Seanadóir Ó Clochartaigh maidir le breis ama le go mbeidh siad in ann foireann oilte a bheith acu san ionad tacaíochta teaghlaigh le cáilíochtaí FETAC leibhéal 5 acu. Tá na daoine atá ag obair ann ar an gcúrsa FETAC leibhéal 5 ach ní bheidh an cúrsa críochnaithe an 1 Eanáir an bhliain seo chugainn. Sílim go dtógfaidh sé sé mhí breise. Molaim go scríobhfadh an coiste seo chuig an Aire, an Teachta Zappone, ag iarraidh sé mhí breise sula gcuirfí an coinníoll sin i bhfeidhm de bharr nach féidir leo dul amach ar an margadh oscailte agus daoine a earcú mar caithfidh Gaeilge a bheith ag na daoine chomh maith le cáilíocht i gcúram leanaí.

Ar an gcéad dul síos, molaim an tAire Stáit go hard. Bhí mé ag moladh é seo nuair a chas muid le chéile i mí an Mheithimh. Dúirt mé go mbeadh easpa caiteachais i gcodanna den Roinn. Mhol mé ag an am go ndéanfaí iomrascáil leis an airgead agus go gcaithfí an oiread den airgead sin agus a bhféadfaí roimh deireadh na bliana ar thograí a bhí aibí. B'fhéidir go gcuireann sé mearbhall ar chuid de na hionadaithe poiblí anseo ach ní chuireann sé aon mhearbhall ormsa. Bhí dhá rogha ag an Aire Stáit: é a chur ar ais chuig an Státciste nó é a chaitheamh. Má tá an tAire Stáit in ann bronntanas a thabhairt d'aon eagraíocht a bhfuil, mar a déarfá, dliteanais aibí acu, deirim leis, "Coinnigh ort agus déan é." Tá mé cinnte go raibh Údarás na Gaeltachta thar a bheith buíoch don €2 mhilliún a bhfuair sé roimh an Nollaig. Bíonn rudaí eile a d'íoctaí amach. Mar shampla, d'íoc an tAire Stáit amach ar fhiacha ar ché Inis Meáin agus ar Inis Oírr agus mar sin de. Rinne mé amach anseo cheana féin nach gcaithfidh Leader an méid airgid atá leagtha amach dó an bhliain seo chugainn. Deirim leis an Aire Stáit a lámh a shín amach go sciobtha chuig an Aire in aice leis agus an oiread den airgead sin agus is féidir leis a fháil chun é a chaitheamh ar an nGaeltacht agus ar na hoileáin chomh luath agus is féidir leis.

É sin ráite, creidim go mba cheart go mbeadh ar a laghad buiséad €3 mhilliún nó €4 mhilliún in aghaidh na bliana d'infreastruchtúr ar na hoileáin. Tá a fhios ag an Aire Stáit é féin é, mar tá sé tar éis cuairt a thabhairt go go leor de na hoileáin agus casadh le go leor de na hoileánaigh, go mbeidh riachtanais caipitil i gcónaí ar oileáin maidir le céanna, bóithre agus rudaí mar sin. Chomh maith leis sin, má tá an tAire Stáit ag iarraidh go dtógfar rudaí ar nós ionad sláinte agus mar sin de, is iontach mar a oibríonn an chomhmhaoiniú. Tuigeann an stiúrthóir atá in aice leis an Aire Stáit é seo mar bhí sé ann nuair a tosaíodh ar an obair seo ar fad i bhfad siar nuair a thugadh na hoileáin isteach faoin Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, mar a bhí ag an am. Tuigeann sé go n-éiríonn linn go leor rudaí a chur chun cinn le heagraíochtaí eile - mar shampla, an HSE - ar na hoileáin trí chomhmhaoiniú a chur ar fáil. Déarfaidís otherwise nach raibh an daonra ann agus nárbh fhiú an caiteachas caiptil an tairbhe agus mar sin de.

Bheadh mise ag moladh go dteastódh €1.4 mhilliún do thograí caipitil Gaeilge agus Gaeltachta. Theastódh dáiríre go leanúnach €5 mhilliún in aghaidh na bliana ar a laghad le clár ceart a chur i bhfeidhm. Theastódh €4 mhilliún ar oileáin ar a laghad do chéanna, bóithre, tograí beaga agus mar sin de agus go mbeadh clár tograí beaga ann chuile bliain. Tá gá leis sin freisin fós. Bheadh mise ag rá gur chóir go mbeadh €8 milliún, €9 milliún nó €10 milliún ann do caipitil don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin. An bhliain seo, ta bealach ag na hAirí le teacht anair aduaidh air. Níl sé sa Revised Estimates ach beidh an tAire Stáit in ann an t-airgead a fháil ó Leader mar ní chaithfidh Leader an t-airgead atá leagtha amach dó an bhliain seo chugainn. Creid uaimse é go mbeidh mé ag caint faoi seo in Aibreán agus i Meitheamh ach caithfidh sé tosú luath sa bhliain mar ní féidir, mar a deirim, an t-airgead a chaitheamh mura bhfuil na tograí réidh.

Bhíomar ag caint faoi bhuaine agus bhí an Seanadóir Ó Clochartaigh ag caint faoi bhuaine don airgead don Fhoras Teanga. An rud dar liomsa a dhéanfadh buan é ná dá mbeadh comhmhaoiniú ar fáil ón bhFeidhmeannas ó Thuaidh. Tá sé i bhfad níos deacra don Rialtas ó Dheas a tharraingt as mar d'fhéadfadh an tAire Stáit dul chuig an Aire Airgeadais agus chuig an Aire Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe ag rá go bhfuil comhmhaoiniú i gceist anseo agus má tharraingíonn muide siar an t-airgead, tharraingeodh an Feidhmeannas siar an t-airgead. Creidim féin gurb é eochair na ceiste seo ná é a chur ina luí ar na húdaráis ó Thuaidh an comhmhaoiniú a chur ar fáil.

Molaim go scríobhfadh muid chuig an cathaoirleach ar an gcoiste cultúir, ealaíon agus fóillíochta sa bhFeidhmeannas ó Thuaidh agus chuig an Aire airgeadais ó Thuaidh. Fear atá ina Ghaeilgeoir dílis agus fear a bhfuil an-mheas agam air. Molaim go scríobhfadh muid chuig an bheirt acu sin ag rá go bhfuilimid an-sásta go bhfuil an Rialtas seo ag cur airgid breise ar fáil ach go mba iontach an rud é dá bhfeicfaidís siúd bealach le comhmhaoiniú a chur ar fáil le buaine a thabhairt don airgead seo. Ní bheadh sé buan más rud é gur thug an Rialtas ó Dheas é gan an Rialtas ó Thuaidh á thabhairt. Is é bunús an tsocraithe buan a rinneadh nuair a bunaíodh an Foras Teanga ná go mbeadh comhmhaoiniú ann. Bhí trí in aghaidh a haon ó Thuaidh ó thaobh an Gníomhaireacht Ultaise agus vice versa, trí in aghaidh a haon, ó thaobh an Rialtais ó Dheas. Tá eochair na ceiste sin i lámh an Aire Stáit ar bhealach. Creidim go mba cheart dúinn litir an-laidir a scríobh ag tacú go mór go mbeadh an comhmhaoiniú ar fáil.

Má éiríonn linn é sin a bhaint amach, beidh sé i bhfad níos éasca don Aire Stáit dul chuig an Aire, an Teachta Donohoe, nó pé duine eile a bheidh ann mar Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an bhliain seo chugainn, agus a rá go bhfuil comh-mhaoiniú i gceist anseo. Tá na Tuaisceartaigh in ann a gcuid siúd a chur ar fáil agus fág ann é. Tá mé cinnte dearfach sa chomhthéacs sin go n-éireoidh leis an Aire Stáit.

An bhfuil an moladh sin aontaithe?

Céard faoin moladh scríobh chuig an Aire, an Teachta Zappone?

An bhfuil sé sin aontaithe?

Tacaím leis ach sílim gur cheart é a fhágáil leis na naíolanna Gaeltachta ar fad, mar d'fhéadfadh sé go bhfuil cuid eile sa Ghaeltacht atá-----

Aon áit atá ag feidhmiú trí Ghaeilge, do deimhin féin-----

Má tá naíonraí nó naíolanna sa Ghalltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge, ba cheart go mbeadh sé mhí breise-----

An féidir leis an Teachta an fhoclaíocht a sheoladh chuig cléireach an choiste?

B'fhéidir go bhfreagróidh an tAire Stáit an cúpla ceist a chuir an Teachta Ó Cuív mar fhocal scoir.

Bhéinn an-sásta breis airgid a fháil ó Leader. Coimeádfaidh mé súil ar sin agus déanfaidh mé iarracht an t-airgead sin a fháil más rud é go bhfuil sé soiléir nach bhfuil sé caite. Luaigh an Teachta na fadhbanna leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. De réir an eolais atá agam, tá an t-ábhar seo á phlé idir an Roinn agus an bainisteoir san ionad cúram leanaí i gConamara. Bhí siad le labhairt le chéile faoi na fadhbanna áirithe seo, ach níl a fhios agam ar tharla sé sin go fóill. Tá sé ráite, ach ní raibh a fhios agam go mbéinn ag scríobh litir ceadacháin d'Údarás na Gaeltachta faoin airgead breise seo. Tá mé sásta breathnú ar an ábhar seo. Mar a dúirt mé, chas mé leis na comharchumainn. Tá a fhios agam go bhfuil an-obair á dhéanamh acu trasna na tíre agus ar na hoileáin. Tá an t-airgead atá ar fáil do na hoileáin taobh amuigh den Ghaeltacht fágtha ag an leibhéal céanna, seachas i gcás Inis Arcáin. Ceadaíodh ardú suntasach i gcás an oileán sin ós rud é go raibh an t-airgead a bhí ar fáil an-íseal. Is léir dom ó mo chuid cainteanna le príomhfheidhmeannach an údaráis go bhfuil a fhios aige go dteastaíonn breis arigid ó na comharchumainn.

Beidh caipitil de €10 milliún ar fáil an bhliain seo chugainn le haghaidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

Iarraim ar gach Teachta agus gach Seanadóir a chuir ceisteanna os comhair an Aire Stáit, ach nach raibh sé in ann iad a fhreagairt inniu, na ceisteanna sin a sheol chuig cléireach an choiste. I gcás ceist nó dhó, dúirt an tAire Stáit go raibh air an t-eolas a fháil amach. Iarraim ar bhaill an choiste na ceisteanna sin a sheoladh chugainn faoin lá amárach ionas go mbeidh an t-eolas ar ais chucu roimh Dé Céadaoin seo chugainn. Gabhaim míle buíochas roimh gach duine a bhí i láthair inniu. Tá a fhios agam go bhfuil siad an-ghnóthach. Chaith siad a lán ama anseo inniu. Guím sonas agus síocháin orthu i rith an Nollag.

The joint committee adjourned at 5.45 p.m. until 9.30 a.m. on Wednesday, 18 January 2017.
Top
Share