Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta (32ú Dáil)

Cuireann an Coiste Oireachtais um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le forbairt réigiúnach chothromaithe agus le breisiú eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha cheantair tuaithe na hÉireann agus na Gaeltachta. Cuireann sé na healaíona chun cinn freisin. Tá dúspéis aige i gceapadh agus feidhmiú beartais mar a bhaineann sé lenár n-oidhreacht náisiúnta agus chultúrtha, le forbairt réigiúnach agus le hinbhuanaitheacht na bpobal tuaithe agus na bpobal Gaeltachta.

Athraíodh ainm an choiste ón gComhchoiste um Fhorbairt Réigiúnach, Gnóthaí Tuaithe, Ealaíona agus Gaeltacht Déardaoin an 29 Meán Fómhair 2016.

 

Barr
Roinn