Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

An Coiste um Nós Imeachta (Dáil Éireann) (32ú Dáil)

Stop obair an Choiste seo nuair a lánscor an 32ú Dáil ar an 14 Eanáir 2020.

Buanchoiste is ea Coiste na Dála um Nós Imeachta agus tá a théarmaí tagartha i mBuanordú 107. Athraíodh ainm an choiste ón gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí an 28 Meitheamh 2016.

Buanordú 61 – Pribhléid: aithrisí de chineál clúmhillteach

Má mheasann tú gur tagraíodh duit i Seomra na Dála ar bhealach clúmhillteach, féadfaidh tú aighneacht a dhéanamh chuig Coiste na Dála um Nós Imeachta faoi Bhuanordú 61. Caithfear d’aighneacht a dhéanamh tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis an aithris a dhéanamh, nó tráth lánscor na Dála, pé acu is túisce a tharlaíonn, agus caithfidh sé a bheith de réir an Bhuanordaithe.

Barr
Roinn