Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ár ról

Roghchoiste Speisialta an tSeanaid maidir le Tarraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (25ú Seanad)

Stop obair an Choiste tar éis dó an tuarascáil deiridh seo ar dhul chun cinn a fhoilsiú.

Ar an 4 Iúil 2018, bunaíodh Roghchoiste Speisialta an tSeanaid maidir le Tarraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach chun breithniú a dhéanamh ar na caibidlíochtaí maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach agus ar chur i bhfeidhm na moltaí a rinne an coiste roimhe sin, a bunaíodh an 23 Feabhra 2017 agus a d’fhoilsigh a thuarascáil dar teideal Brexit: Implications and Potential Solutions i mí an Mheithimh 2017.

Dhírigh Roghchoiste Speisialta an tSeanaid a bhí ann roimhe sin go háirithe ar na himpleachtaí a bheadh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe don gheilleagar, don chaidreamh idir an Stát agus Tuaisceart Éireann, do chearta saoránachta agus do ghluaiseacht earraí, seirbhísí agus daoine thar an teorainn. Dhírigh sé freisin ar na himpleachtaí don talmhaíocht, don iascach, don iompar, don fhuinneamh, don chumarsáid, don leas, don tsláinte agus don oideachas.

Barr
Roinn