Bunaíodh Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid mar chuid de nósanna imeachta nua chun rochtain ar Sheanad Éireann agus a chuid oibre a leathnú. Iarrann sé aighneachtaí faoi shaincheisteanna sonracha ón bpobal agus ó ghrúpaí sainleasa agus reáchtálann sé éisteachtaí poiblí i Seomra an tSeanaid. Eisíonn an coiste tuarascáil ina dhiaidh sin.
- Léigh an rún ón Seanad chun an coiste a bhunú.