Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coimisiún Thithe an Oireachtais

TCÉ

Féach isteach

Is é príomhfheidhm Choimisiún Thithe an Oireachtais socrú a dhéanamh chun Tithe an Oireachtais a reáchtáil. Is é an comhlacht rialaithe é a dhéanann maoirseacht ar sholáthar na seirbhísí do Thithe an Oireachtais, dá gcomhaltaí agus don phobal ag Seirbhís Thithe an Oireachtais.

Bunaíodh an Coimisiún in 2004 mar chomhlacht corpraithe. Tá sé neamhspleách i gcomhlíonadh a fheidhmeanna, agus níl aon ról aige i ndáil le gnó ná nós imeachta parlaiminteach.

Tá freagracht shonrach ar an gCoimisiún as na nithe seo a leanas:

  • Cléireach na Dála agus Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais a cheapadh
  • Maoirseacht a dhéanamh ar chaiteachas na dTithe, na tuarastail agus na caiteachais uile a íoc le comhaltaí agus leis an bhfoireann, agus cuntais bhliantúla a choimeád agus a fhoilsiú
  • Státseirbhísigh a fhostú ar mhaithe le foireann a fháil don tSeirbhís agus feidhmeanna a fheidhmiú i ndáil le ceapacháin, feidhmíocht agus araíonacht foirne, tríd an Ard-Rúnaí
  • Pleananna straitéiseacha tríbhliantúla, tuarascálacha bliantúla, meastacháin bhliantúla agus eolas eile a chur ar fáil
  • Na saoráidí rúnaíochta a sholáthrófar do Chomhaltaí agus do pháirtithe parlaiminte a chinneadh
  • Feidhmeanna áirithe dlí a fheidhmiú, lena n-áirítear rannpháirtíocht in imeachtaí más gá agus socrú a dhéanamh maidir le comhairle dlí
  • Treoirlínte a ullmhú do Chomhaltaí maidir le seirbhísí agus saoráidí a mhaoinítear go poiblí a úsáid tar éis lánscor Dháil Éireann
  • Seirbhísí aistriúcháin a chur ar fáil ó theanga oifigiúil amháin go dtí an teanga oifigiúil eile i leith Achtanna an Oireachtais.

TUARASCÁIL BHLIANTÚIL

Tuarascáil Bhliantúil 2022

Tugtar faisnéis sa Tuarascáil Bhliantúil ar mhaoirseacht Choimisiún Thithe an Oireachtais ar acmhainní poiblí. Leagtar béim ar obair Chomhaltaí den Oireachtas agus Sheirbhís Thithe an Oireachtais.

Plean Straitéiseach

Plean Straitéiseach 2022-2024

Tá cuntas sa Phlean Straitéiseach ar conas a thabharfaidh Seirbhís Thithe an Oireachtais comhairle agus seirbhísí tacaíochta do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann agus dá gCoistí agus do Chomhaltaí an dá Theach as seo go ceann trí bliana.

Plean Gníomhaíochta

Plean Gníomhaíochta 2023

Is é Plean Gníomhaíochta 2023 seo do Sheirbhís Thithe an Oireachtais an dara phlean de thrí cinn atá deartha chun an fhís a leagtar amach i bPlean Straitéiseach 2022-2024 a chur i gcrích.

Comhaltas

Tá 11 chomhalta ar Choimisiún Thithe an Oireachtais. Ceaptar iad de réir na nAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais.

Doiciméid do na cruinnithe

Aoine, 3 Samh 2023

Houses of the Oireachtas Commission minutes, 10 July 2023

Houses of the Oireachtas Commission minutes, 10 July 2023 ()

Aoine, 3 Samh 2023

Houses of the Oireachtas Commission minutes, 19 June 2023

Houses of the Oireachtas Commission minutes, 19 June 2023 ()

Aoine, 3 Samh 2023

Houses of the Oireachtas Commission minutes, 8 May 2023

Houses of the Oireachtas Commission minutes, 8 May 2023 ()

Ionstraimí reachtúla ábhartha

Féach ar na hionstraimí reachtúla ábhartha i gcás Choimisiún Thithe an Oireachtais.

Foilseacháin

Cuireann Coimisiún Thithe an Oireachtais doiciméid éagsúla i gcló lena n-áirítear a thuarascáil bliantúil, a phlean straitéiseach, agus clár oibre agus miontuairiscí a chuid cruinnithe.

An coiste iniúchta

Déanann an coiste iniúchta athbhreithniú ar obair an aonaid iniúchta inmheánaigh i gCoimisiún an Oireachtais. Tá sonraí iomlána faoi chomhaltacht an choiste iniúchta agus téarmaí tagartha chomh maith le miontuairiscí a chruinnithe ar fáil.

An tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais

Tháinig Coimisiún Thithe an Oireachtais ar an bhfód in 2004 faoin Acht um Choimisiún Thithe an Oireachtais, 2003. Foráiltear san Acht go ndéanfaí an t-údarás agus an fhreagracht as soláthar seirbhísí do Thithe an Oireachtais agus dá gcoistí a aistriú ón Aire Airgeadais chuig an gCoimisiún. Féadfaidh tú an tAcht um Choimisiún Thithe an Oireachtais bunaidh agus na hAchtanna leasaithe ina dhiaidh sin a léamh, nó tagairt a dhéanamh don leagan comhdhlúite neamhoifigiúil seo de na hAchtanna.

Sonraí teagmhála

Oifig an Choimisiúin agus an Ard-Rúnaí
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
commission.secretariat@oireachtas.ie

Barr
Roinn