Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhís Thithe an Oireachtais

TCÉ

Féach isteach

Is í Seirbhís Thithe an Oireachtais an riarachán parlaiminteach a chuireann seirbhísí comhairle agus tacaíochta ar fáil dóibh seo a leanas:

  • Coimisiún Thithe an Oireachtais
  • Tithe an Oireachtais (an Dáil agus an Seanad) agus a gCoistí
  • Comhaltaí (Teachtaí agus Seanadóirí) de Thithe an Oireachtais.

Tá thart ar 570 státseirbhíseach i gcoibhéis lánaimseartha – státseirbhísigh ghinearálta, ghairmiúla agus theicniúla – ar fhoireann na Seirbhíse. Gníomhaíonn Coimisiún Thithe an Oireachtais mar chomhlacht rialaithe na Seirbhíse.

Cairt Eagraíochtúil Sheirbhís Thithe an Oireachtais

Léirítear sa chairt seo na príomhfheidhmeanna agus rannóga i Seirbhís Thithe an Oireachtais.

Cléireach Dháil Éireann

PETER FINNEGAN

Cléireach Dháil Éireann

Cuireann Cléireach Dháil Éireann comhairle ar fáil maidir le nósanna imeachta agus cleachtais parlaiminte don Cheann Comhairle agus do gach comhalta de Dháil Éireann.

 

Is é Cléireach na Dála Ard-Rúnaí Sheirbhís Thithe an Oireachtais agus príomhfheidhmeannach Choimisiún Thithe an Oireachtais.

Tá siad seo a leanas i measc na bhfreagrachtaí atá ar Chléireach Dháil Éireann:

  • seirbhís Thithe an Oireachtais a bhainistiú
  • na beartais de chuid Choimisiún Thithe an Oireachtais a bhaineann leis an tSeirbhís a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh orthu
  • torthaí a bhaint amach de réir mar a chinneann Coimisiún Thithe an Oireachtais.

Cuidíonn an Leas-Ard-Rúnaí, Michael Errity, agus roinnt Rúnaithe Cúnta le Cléireach na Dála chuige sin.

Oifig an tSeanaid

Is é príomhról Oifig an tSeanaid tacú le suíonna agus le gnó an tSeanaid. Cabhraíonn Oifig an tSeanaid le Cléireach an tSeanaid a chuid dualgas a chomhlíonadh faoi Bhuan-Orduithe agus sa dlí. Is í an Rúnaíocht í le haghaidh roinnt coistí den Seanad freisin, lena n-áirítear an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí agus Coiste Comhairliúcháin Phoiblí an tSeanaid.

Cléireach Sheanad Éireann

MARTIN GROVES

Cléireach Sheanad Éireann

Cuireann Cléireach an tSeanaid comhairle ar fáil maidir le nósanna imeachta agus cleachtais parlaiminte don Chathaoirleach agus do gach comhalta de Sheanad Éireann. Tacaíonn an Cléireach Cúnta agus Oifig an tSeanaid leis an gCléireach sa ról seo. Is é Cléireach an tSeanaid an Ceann Comhairimh do thoghcháin Seanaid agus tá sé ina chomhalta chomh maith de roinnt coimisiúin reachtúla.

Comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú

CÉC

Comhionannas, éagsúlacht agus cuimsiú

Foghlaim faoin méid atá ar siúl againn chun cultúr éagsúlachta, comhionannais agus cuimsithe a chur chun cinn agus chun é a chur i gcroílár Sheirbhís Thithe an Oireachtais.

An grúpa oibre maidir le pribhléid pharlaiminteach agus cearta saoránach

Bunaíodh grúpa oibre d’oifigigh pharlaiminteacha chun athbhreithniú a dhéanamh ar nósanna imeachta Thithe an Oireachtais agus chun a chinntiú go ndéantar cearta saoránach a urramú ar feadh an phróisis pharlaimintigh ar fad.

Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte

Is í Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte (OPLA) an fhoireann dlí intí atá ag Tithe an Oireachtais. Cuireann sí comhairle dlí speisialtóra, neamhchlaonta ar fáil don Pharlaimint, dá Comhaltaí agus don fhoireann.

Rannóg an Aistriúcháin

Soláthraíonn Rannóg an Aistriúcháin seirbhísí aistriúcháin do Thithe an Oireachtais.

An Oifig Buiséid Pharlaiminteach

Cuireann Oifig Buiséid Pharlaiminteach Thithe an Oireachtais faisnéis, anailís agus comhairle neamhspleách agus neamhchlaonta ar fáil do Thithe an Oireachtais.

An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde

SLaT

An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde

Tugann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde (SLaT) seirbhísí faisnéise agus taighde do Chomhaltaí den Oireachtas. Bainistíonn SLaT an bailiúchán doiciméad arna leagan go foirmiúil roimh Thithe an Oireachtais.

Gairmeacha

Gairmeacha

Gairmeacha

Ar mhaith leat oibriú do Thithe an Oireachtais? Foghlaim faoi phoist agus earcaíocht.

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil

Forordaítear roinnt státseirbhíseach arna bhfostú ag Tithe an Oireachtais mar oifigigh phoiblí ainmnithe chun críocha alt 6(1)(f) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

An Caighdeán Oifigiúil

Is é An Caighdeán Oifigiúil caighdeán oifigiúil Sheirbhís an Oireachtais le haghaidh ag scríobh na Gaeilge. Is treoir áisiúil é d’aon duine atá ag scríobh i nGaeilge, bíodh sé le haghaidh fhoilseacháin oifigiúla an Stáit nó le haghaidh réimsí eile.

Féach orainn ar an teilifís

CAINÉAL TEILIFÍSE

Féach orainn ar an teilifís

Craolann ár gcainéal teilifíse 24 uair an chloig sa lá chuig tithe na hÉireann trí Saorview, Sky, Virgin Media, eir Vision agus Vodafone

Barr
Roinn