Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil

Dearadh an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 chun faisnéis a sholáthar don phobal i dtaobh cé atá ag déanamh brústocaireachta, cé orthu a bhfuil siad ag déanamh brústocaireachta agus céard faoi a bhfuil siad ag déanamh brústocaireachta. Tá Clár Brústocaireachta ar líne bunaithe ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Ceanglaítear le halt 6(4) den Acht go bhfoilseoidh gach comhlacht poiblí liosta d'oifigigh phoiblí ainmnithe de chuid an chomhlachta.

Is é cuspóir an liosta:

  • Ligean don phobal na daoine sin arb oifigigh phoiblí ainmnithe iad a aithint; agus
  • A bheith ina acmhainn do bhrústocairí atá ag taisceadh tuairisceáin don Chlár agus a mbeidh orthu sonraí oifigigh phoiblí ainmnithe a aimsiú.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an reachtaíocht agus treoir bhreise i dtaobh an Achta ar fáil ar shuíomh gréasáin an Chláir Bhrústocaireachta ar www.lobbying.ie. Féadfar eolas a fháil freisin ach teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí ar info@lobbying.ie nó ar 01-6395722.

Oifigigh phoiblí ainmnithe

Forordaítear na státseirbhísigh seo a leanas, arna bhfostú ag Seirbhís Thithe an Oireachtais, mar oifigigh phoiblí ainmnithe chun críocha alt 6(1)(f) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Ainm           

Eagraíocht

Grád

Ról

Peter Finnegan Seirbhís Thithe an Oireachtais Cléireach na Dála agus
Ard-Rúnaí 

Tá dhá ghné ag baint leis an ról:

  • Na róil riaracháin a chuimsíonn an post mar Ard-Rúnaí na Seirbhíse, Oifigeach Cuntasaíochta, agus Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Choimisiúin.
  • An ról nós imeachta a chuimsíonn an post mar Chléireach Dháil Éireann, lena n-áirítear feidhmeanna reachtúla ex officio.
Michael Errity Seirbhís Thithe an Oireachtais Leas-Ard-Rúnaí

Priomh-Oifigeach Oibriochtai

Annette Connolly Seirbhís Thithe an Oireachtais Rúnaí Cúnta  Stiúrthóir na hOifige Buiséid Pharlaiminteach agus Ceannasaí Faisnéise Parlaimintí agus Seirbhísí Taighde
Elaine Gunn  Seirbhís Thithe an Oireachtais Rúnaí Cúnta 

Ceannasaí Seirbhísí Parlaiminte agus Leas-Chléireach Dháil Éireann’

Mellissa English Seirbhís Thithe an Oireachtais Rúnaí Cúnta 

Príomhchomhairleoir Dlí Parlaiminte

Comhaltaí Dháil Éireann agus Sheanad Éireann

Ainmnítear roinnt comhaltaí Dála agus Seanaid mar oifigigh phoiblí ainmnithe chun críocha alt 6(1)(b) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

Nuashonraithe go deireanach: 27 Deireadh Fómhair 2020

Barr
Roinn