Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Leas-Chathaoirleach

Toghadh an Leas-Chathaoirligh

Toghadh an Seanadóir Mark Daly ina Leas-Chathaoirleach ar Sheanad Éireann an 16 Nollaig 2020.

Ról an Leas-Chathaoirligh

Díreach tar éis an Cathaoirleach a thoghadh, socraíonn an Seanad dáta chun an Leas-Chathaoirleach a thoghadh. Is é téarma an Leas-Chathaoirligh téarma an tSeanaid a bheidh ann tráth a thofa nó a tofa. Féadfaidh an Seanad, áfach, tráth ar bith, le rún ar tugadh fógra tairisceana seacht lá ghlana ina thaobh, an Leas-Chathaoirleach a chur as oifig.

Le linn don Chathaoirleach a bheith as láthair de dheasca breoiteachta nó ar aon chúis eile, comhlíonfaidh an Leas-Chathaoirleach na dualgais a chuirtear ar an gCathaoirleach, agus feidhmeoidh sé nó sí an t-údarás a thugtar don Chathaoirleach le Buan-Orduithe Sheanad Éireann. Fad a bheidh an Leas-Chathaoirleach i gCeannas, comhlíonfaidh sé nó sí na dualgais a chuirtear ar an gCathaoirleach, agus feidhmeoidh sé nó sí an t-údarás a thugtar don Chathaoirleach leis na Buan-Orduithe.

Bíonn an Leas-Chathaoirleach mar Chathaoirleach ex officio ar an gCoiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí (Seanad Éireann), a bhreithníonn nithe a bhaineann le nós imeachta i gcoitinne agus a mholann aon bhreisiú nó leasú ar na Buan-Orduithe. Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste breithniú a dhéanamh ar phribhléidí na gComhaltaí agus tuairisc a thabhairt don Teach ina leith.

Barr
Roinn