Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Leas-Cheann Comhairle

Catherine Connolly

Catherine Connolly

Dáilcheantar

Galway West

Páirtí

Independent

Teach

33rd Dáil (2020 - )

Róil oifigiúla

Leas-Cheann Comhairle

Sonraí teagmhála

Leinster House, Kildare Street, Dublin 2

Catherine Connolly

Toghadh an Leas-Chinn Comhairle

Is í Catherine Connolly an chéad bhean le bheith ina Ceann Comhairle nó Leas-Cheann Comhairle i nDáil Éireann. Toghadh mar Leas-Cheann Comhairle don 33ú Dáil í ar an 23 Iúil 2020.

Ról an Leas-Chinn Comhairle

Bíonn an Leas-Cheann Comhairle in oifig mar Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann faoi Airteagal 15.9.1° de Bhunreacht na hÉireann. Sainmhínítear an nath cainte “An Leas-Cheann Comhairle” le Buan-Ordú 5 mar an Comhalta a thogh Dáil Éireann le bheith mar Leas-Chathaoirleach ar Dháil Éireann. In éagmais an Chinn Comhairle déanann an Leas-Cheann Comhairle ionadaíocht agus comhlíonann sé na dualgais agus cuireann sé údarás an Chinn Comhairle i gcrích in imeachtaí na Dála mar seo a leanas:

  • Ag cinntiú go gcomhlíontar na Buan-Orduithe; ag rialú maidir lena léirmhíniú i gcás ina dtagann díospóid chun cinn; ag cinntiú go seastar leo agus, mura seastar, ag déileáil le comhaltaí atá mí-ordúil.
  • I gceannas ar dhíospóireachtaí agus ag cinntiú go mbaineann óráidí na gcomhaltaí leis an ábhar atá á phlé;
  • Ag cinntiú go seoltar an gnó ar bhealach ordúil agus neamhchlaonta; agus
  • Ag déileáil le smacht.

Sa ról seo tá sé mar phribhléid ag an Leas-Cheann Comhairle agus mar dhualgas air cosaint a thabhairt, thar ceann an Tí, do cheart a Chomhaltaí aonair agus a chinntiú go leantar de ghnó na Parlaiminte ar bhealach ordúil agus ómósach atá oiriúnach don Teach sa ról atá aige, mar phríomhchuid den reachtas agus mar an Tionól atá tofa go díreach agus dá bhfuil an rialtas freagrach ó thaobh an bhunreachta de. Nuair atá sé sa chathaoir, mar chomhalta neamhchlaonta i gceannas, ní féidir leis an Leas-Cheann Comhairle aon taobh faoi leith a ghlacadh thar thaobh eile.

In éagmais oifigiúil an Chinn Comhairle, déanann an Leas-Cheann Comhairle ionadaíocht agus gníomhaíonn sé mar seo a leanas:

  • Mar chomhalta ex-officio de choimisiún na huachtaránachta a ghníomhaíonn in éagmais an Uachtaráin
  • Mar Chathaoirleach ex-officio ar an gCoiste um Nósanna Imeachta agus Maoirseacht
  • Mar chathaoirleach ar fheidhmeannas an Aontais Idirpharlaimintigh a choinníonn agus a chothaíonn teagmháil idir Parlaimintí ar fud an domhain mhóir.
  • Mar chathaoirleach/chomhalta ex-officio de chomhlachtaí reachtúla
  • Mar chomhalta den bhord achomharc i dtaca le clárú páirtithe polaitíochta (an tAcht Toghcháin, 1997) agus mar chomhalta den bhord achomharc chun éisteacht le hachomhairc i dtaca le comhlachtaí ainmniúcháin a chlárú le haghaidh thoghchán an tSeanaid – Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947
  • Mar chomhalta ex-officio d’Uachtaráin (Cainteoirí) Parlaiminte an Aontais Eorpaigh

Roghnú an Leas-Chinn Comhairle

Ar an 30 Meitheamh 2016, d’fhaomh an 32ú Dáil leasú ar Bhuan-Ordú 11 maidir leis an Leas-Cheann Comhairle a thoghadh. Faoi na hathruithe, roghnófar an t-iarrthóir le ballóid rúnda agus ansin déanfar an duine a roghnófar a thoghadh go foirmiúil mar an Leas-Cheann Comhairle trí vóta oscailte sa Dáil.

Roghnú Leas-Cheann Comhairle an 33ú Dáil

Ainmniúcháin, an 22 Iúil 2020

Fuair Cléireach Dháil Éireann, Peter Finnegan, dhá ainmniúchán bhailí, agus measadh iad dá bhrí sin mar iarrthóirí le haghaidh phost an Leas-Chinn Comhairle.

  1. Catherine Connolly, Gaillimh Thiar
  2. Fergus O'Dowd, Lú

Ballóid rúnda, an 23 Iúil 2020

Roghnaíodh an Teachta Catherine Connolly ar an gcéad chomhaireamh agus toghadh go foirmiúil í ansin mar an Leas-Cheann Comhairle trí vóta oscailte sa Dáil.

 An chéad chomhaireamh

  • Iarrthóirí          2
  • Vótaí iomlána bailí   151
  • Cuóta                   76
Ainm Líon na vótaí

Catherine Connolly | Neamhspleách

77

Fergus O'Dowd | Fine Gael

74

Roghnú an Leas-Chinn Comhairle den 32ú Dáil

Fuair Cléireach Dháil Éireann, Peter Finnegan, ceithre ainmniúchán bhailí, agus measadh iad dá bhrí sin mar iarrthóirí le haghaidh phost an Leas-Chinn Comhairle.

  1. Seán Crowe, Baile Átha Cliath Thiar Theas
  2. Bernard J. Durkan, Cill Dara Thuaidh
  3. Pat the Cope Gallagher, Dún na nGall
  4. Mattie McGrath, Tiobraid Árann

Roghnaíodh an Teachta Pat the Cope Gallagher ar an gceathrú comhaireamh agus toghadh go foirmiúil é ansin mar an Leas-Cheann Comhairle trí vóta oscailte sa Dáil.

Barr
Roinn