Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Taisce, An Chomhairle Oidhreachta agus Oideas Gael le teacht os comhair an Choiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

4 Iúil 2017, 10:07

Ag cruinniú le An Taisce, leis an gComhairle Oidhreachta agus le Oideas Gael amárach, Dé Céadaoin, an 5 Iúil 2017, beidh an Coiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ag díriú ar chaomhnú oidhreacht nádúrtha na hÉireann, idir fauna, flora agus ghnáthóga uathúla.



Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Rud atá tuillte go maith ag Éirinn is ea an cháil atá uirthi ar fud an domhain as tuath neamh-mhillte a bheith aici chomh maith le tírdhreacha agus limistéir áilleachta nádúrtha ina bhfaightear réimse leathan fiadhúlra agus an iliomad flora agus fauna.  Tá sé tábhachtach go ndéanfaimis ár n-oidhreacht nádúrtha a chaomhnú agus a chosaint le haghaidh an ama i láthair agus ar mhaithe leis na glúine atá le teacht.  Beidh cruinniú againn amárach le hionadaithe ó An Taisce, carthanas arb aidhm dó oidhreacht nádúrtha agus oidhreacht thógtha na hÉireann a chaomhnú agus a chosaint; ón gComhairle Oidhreachta, comhlacht a úsáideann teagmháil, oideachas agus tacaíocht chun forbairt a dhéanamh ar thuiscint is leithne ar an gcion tairbhe a dhéanann ár n-oidhreacht dár bhfolláine shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíochta; agus ó Oideas Gael, eagraíocht atá lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall agus a reáchtálann roinnt gníomhaíochtaí atá bunaithe ar an dúlra trí mheán na Gaeilge, chun plé a dhéanamh ar an ról atá acu maidir le nádúr agus bithéagsúlacht ár dtíre a chaomhnú.”

Tosóidh an cruinniú ar 2.15pm, amárach, Dé Céadaoin, an 5 Iúil 2017, i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.  Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

CRÍOCH/

Barr
Roinn