Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Stádas speisialta don Tuaisceart tar éis an Bhreatimeachta á iarraidh ag an gCoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta

6 Iúil 2017, 16:28

Ba chóir stádas speisialta a thabhairt do Thuaisceart na hÉireann tar éis an Bhreatimeachta chun gur féidir leis an dá dhlínse in Éirinn feidhmiú faoi na rialacha céanna de chuid an Aontais Eorpaigh, de réir tuarascáil ón gCoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.



Tá an tuarascáil á foilsiú tar éis do thoscaireacht ón gCoiste cuairt a thabhairt ar Bhaile Átha Buí, Co. na Mí agus ar Choill an Chollaigh, Co. an Chabháin mar chuid d’éisteachtaí an Choiste ar a dhá thionscadal, ‘An fhorbairt phobail, shóisialta agus eacnamaíoch agus an comhar i gcontaetha na teorann sa todhchaí’ agus ‘A bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe inmharthana a chothú’.

D’aontaigh comhaltaí an Chomhchoiste go gcuirfidís toscaireacht chuig cruinniú le hionadaithe ó Bhaile Átha Buí, Contae na Mí agus ó Bhaile na gCros, Contae na hIarmhí i mBaile Átha Buí agus chuig cruinniú eile le hionadaithe ó Choill an Chollaigh, Contae an Chabháin agus ó Charraig Mhachaire Rois, Contae Mhuineacháin i gCoill an Chollaigh.

Ag an gcruinniú a tionóladh i gCoill an Chollaigh, moladh, i measc rudaí eile, maidir le forbairt phobail, shóisialta agus eacnamaíoch agus comhar i gcontaetha na teorann sa todhchaí:
•    an rochtain atá againn ar mhargaí a choinneáil ar fud na hÉireann
•    cosaintí áirithe a fháil do phobail ar an dá thaobh den teorainn ar theorainn chrua a fhorchur i lár na bpobal sin
•    stádas speisialta a fháil do Thuaisceart na hÉireann chun gur féidir leis an dá dhlínse in Éirinn feidhmiú faoi na rialacha céanna de chuid an Aontais Eorpaigh
•    a bheith réamhghníomhach ó thaobh leas a bhaint as aon deiseanna a d’fhéadfadh éirí as an mBreatain d’fhágáil an Aontais Eorpaigh
•    comhar traschontae a spreagadh, acmhainní a roinnt agus speisialú a chur chun cinn ar bhonn réigiúnach
•    táirge turasóireachta trasteorann a fhorbairt.

Aithníodh, i measc rudaí eile, ag na cruinnithe a tionóladh i mBaile Átha Buí agus i gCoill an Chollaigh, na riachtanais seo a leanas a bhaineann go háirithe le bailte beaga agus ceantair thuaithe agus theorann:
•    dul i ngleic le treochtaí leanúnacha dídhaonraithe
•    infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar iompair, é a dhéanamh níos éasca dul isteach sna pobail sin agus teacht amach astu agus soghluaisteacht laistigh de na pobail a fheabhsú
•    feabhas a chur ar an gcaighdeán leathanbhanda agus ar chaighdeán na seirbhíse gutháin shoghluaiste atá ar fáil
•    cosaint a thabhairt do leasanna tionscal áitiúil amhail feirmeoireacht, próiseáil bia agus turasóireacht agus a chinntiú nach ndéanfaidh tionscail eile dochar dóibh
•    daoine óga a dhreasú le páirt a ghlacadh i bhfeirmeoireacht agus i dtionscail tuaithe eile, lena n-áirítear straitéisí pleanála comharbais a sholáthar
•    gnóthaí tuaithe a spreagadh le siopaí ar líne a bhunú agus daoine a bhfuil siopadóireacht déanta acu ar líne a spreagadh le tacú leis na gnóthaí tuaithe áitiúla sin
•    cláir for-rochtana a fhorbairt agus naisc a chruthú idir ceantair thuaithe agus forais tríú leibhéal
•    dul i ngleic leis na costais iomarcacha atá le híoc ag grúpaí deonacha áitiúla – mar shampla, costais árachais
•    comhairliúchán is fearr a spreagadh idir Ranna agus gníomhaireachtaí Rialtais agus pobail tuaithe
•    gach foirgneamh folamh agus tréigthe atá faoi úinéireacht an Stáit a úsáid chun tairbhe do phobail áitiúla
•    nósanna imeachta riaracháin a shimpliú agus an maorlathas a laghdú sna próisis iarratais do na scéimeanna éagsúla
•    iniúchadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar theorainneacha riaracháin atá as feidhm agus nach bhfuil ábhartha a thuilleadh
•    seirbhísí leordhóthanacha a sholáthar do pháistí agus d’aosaigh a bhfuil riachtanais speisialta acu
•    a chinntiú go n-éascófar do dhaoine a chónaíonn i gceantair thuaithe rochtain a fháil ar sheirbhísí nach soláthraítear go díreach i gceantair thuaithe
•    aghaidh a thabhairt ar cheist na dumpála mídhleathaí agus freaschur a dhéanamh ar an toirmeasc a cuireadh ar údaráis áitiúla daoine a ciontaíodh i ndumpáil mhídhleathach a ainmniú.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “D’aontaigh an Comhchoiste, mar chuid dá éisteachtaí ar a dhá thionscadal, ‘A bhfuil ag teastáil chun pobal tuaithe inmharthana a chothú’ agus ‘An fhorbairt phobail, shóisialta agus eacnamaíoch agus an comhar i gcontaetha na teorann sa todhchaí’, go gcuirfí toscaireacht chuig cruinnithe le grúpaí ionadaíocha agus le daoine aonair i gceithre cheantar a bheadh ionadaíoch do cheantair thuaithe ar fud na tíre agus i réigiún na teorann.

“Táimid an-sásta an deis a bheith againn labhairt le pobail áitiúla agus teorann i gContaetha Mhuineacháin, an Chabháin, na Mí agus na hIarmhí, ó thaobh a bhfuil ag tarlú sna pobail féin agus mar phobail atá ionadaíoch do phobail tuaithe agus teorann ar fud na hÉireann.

“Chuir na cruinnithe gné phraiticiúil lenár dhá dtionscadal agus, mar thoradh orthu, tá fianaise againn ó pháirtithe leasmhara.  Bhraith an toscaireacht gur chabhraigh an plé oscailte macánta go mór linn ár gcuid smaointe a chur le chéile agus an fhaisnéis a fuarthas a thabhairt ar ais go dtí an Comhchoiste agus beidh an méid seo ar fad lárnach agus muid ag déanamh ár dtuarascálacha deiridh.”

Tá an tuarascáil le fáil anseo:

 

Barr
Roinn