Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cruinniú ag an gCoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le Cathaoirligh Ainmnithe na Comhairle Oidhreachta agus an Choimisiúin Lámhscríbhinní

19 MFómh 2017, 11:16

Beidh cruinniú ag an gCoiste um Ealaíona, Oidhreacht, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta le Michael Parsons, Cathaoirleach Ainmnithe, an Chomhairle Oidhreachta, agus leis an Ollamh John McCafferty, Cathaoirleach Ainmnithe, Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann, amárach, Dé Céadaoin, an 20 Meán Fómhair 2017.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Peadar Tóibín: “Táimid ag tnúth le plé a dhéanamh amárach le Michael Parsons, Cathaoirleach Ainmnithe na Comhairle Oidhreachta agus leis an Ollamh John McCafferty, Cathaoirleach Ainmnithe Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann.

“Tá de cheangal anois ar dhaoine a mholtar lena gceapadh mar chathaoirligh ar bhoird Stáit iad féin a chur ar fáil don Choiste Oireachtais cuí.  Beidh deis againn amárach, den chéad uair, plé a dhéanamh leis an Uas. Parsons agus leis an Ollamh McCafferty ar na nithe a measann siad gur tosaíochtaí agus dúshláin iad don Chomhairle Oidhreachta agus do Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann faoi seach.  Beidh deis freisin ag comhaltaí an Choiste aon cheist a bheidh acu maidir leis an dá eagraíocht a tharraingt anuas.

“Níl ról coiscthe ag an gCoiste i ndáil leis na ceapacháin seo, agus tar éis an phlé amárach, déanfaidh an tAire nó an Rialtas, de réir mar is cuí, breitheanna a thabhairt an tUas. Parsons a dhaingniú ina chathaoirleach ar an gComhairle Oidhreachta agus an tOllamh McCafferty a dhaingniú ina chathaoirleach ar Choimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann.”

Tosóidh an cruinniú ar 1.30 p.m. amárach, Dé Céadaoin, an 20 Meán Fómhair 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean.  Is féidir féachaint ar imeachtaí beo an Choiste anseo:
www.oireachtas.ie/parliament/watchlisten/watchlive/committeeroom4/

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil le linn duit a bheith ag taisteal chomh maith trí fheidhmchlár fóin chliste Thithe an Oireachtais atá ar fáil ar ghairis Apple agus Android.

Barr
Roinn