Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coiste na Gaeilge le Straitéis Óige don Ghaeltacht a phlé

9 DFómh 2017, 14:16

Pléifidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán 'Straitéis Óige don Ghaeltacht’ le hionadaithe ó Mhuintearas ag a chruinniú amárach, Dé Máirt, an 10 Deireadh Fómhair 2017.

Caitríona Ní Chonghaile, Cathaoirleach an Chomhchoiste: “Amárach, pléifidh Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán 'Straitéis Óige don Ghaeltacht’ le hionadaithe ó Mhuintearas. I measc a chuid freagrachtaí eile, tá Muintearas freagrach as gníomhaíochtaí a phleanáil agus a chur i bhfeidhm do dhaoine óga sna ceantair Ghaeltachta. Áirítear orthu seo Campaí Samhraidh a eagrú thar ceann na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta. D’ullmhaigh Muintearas an Straitéis Óige don Ghaeltacht tar éis comhairliúchán fairsing le daoine aonair agus le grúpaí ar fud na Gaeltachta.

Fáiltíonn an Coiste roimh fhoilsiú na Straitéise agus tá sé ag súil le plé le Muintearas conas is fearr í a chur i bhfeidhm agus conas is fearr úsáid a bhaint aisti chun soláthar a dhéanamh d’óige na Gaeltachta agus a éascú dóibh fanacht ina gceantair áitiúla mar chainteoirí dúchasacha.”

Tosóidh an cruinniú ar 5pm, amárach, Dé Máirt, an 10 Deireadh Fómhair 2017 i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí beo an Choiste a fheiceáil anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhain

Barr
Roinn