Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Ba chóir liúntais múinteoirí a thabhairt ar ais agus buiséid scoileanna a mhéadú le haghaidh scoileanna oileán - tuarascáil ón gCoiste Oideachais

27 Feabh 2018, 14:19

Ba chóir an liúntas le haghaidh múinteoirí i scoileanna oileán a thabhairt ar ais chun aitheantas a thabhairt do bhrúnna agus srianta breise an róil agus ba chóir buiséid na scoileanna a mhéadú €20,000 ar a laghad le haghaidh gach meánscoil iar-bhunoideachais ar oileán amach ón gcósta, chun costais reatha iarbhír na scoile sin a léiriú, de réir tuarascáil nua maidir le scoileanna oileán ó Choiste an Oireachtais um Oideachas agus Scileanna.

I measc moltaí eile tá na moltaí seo a leanas:

•    Go leasófar an fhoirmle maidir le leithdháileadh múinteoirí ar scoileanna oileán agus go méadófar líon na múinteoirí chun na riachtanais uathúla atá ag scoileanna oileán a léiriú

•    Go ndéanfaidh an tAire imscrúdú maidir lenar féidir an scéim scoláireachtaí le haghaidh scoileanna oileán a leathnú agus an t-eisiamh a bhaineann le daltaí Gaeltachta a bhaint de na critéir incháilitheachta, lena n-áirítear dul i gcomhairle le comhghleacaithe comh  aireachta más gá chun gur féidir é sin a dhéanamh

•    Go ndeonófar stádas scoile neamhspleáiche ar Choláiste Naomh Eoin, Inis Meáin

•    Go ndéanfar stádas DEIS a dhámhachtain ar na cúig scoil iar-bhunoideachais oileáin

•    Go ndéanfar beartas sonrach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais scoileanna oileán a dhréachtú agus a chur i ngníomh

•    Go ndéanfar córas ‘oileándhíonta’ a chur i ngníomh maidir le reachtaíocht, beartais agus tionscnaimh a thiocfaidh ón Roinn Oideachais agus Scileanna amach anseo

Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh, rapóirtéir na tuarascála: “Tá ról uathúil agus ríthábhachtach ag scoileanna oileán ag caomhnú dhlúth agus inneach a bpobal.  Tá sé riachtanach pobail scoile bríomhara le hacmhainní cuí a choimeád ar bun chun inbhuanaitheacht na n-oileán amach ón gcósta trí chéile a chaomhnú. Is cuid fhíorthábhachtach dár n-oidhreacht shaibhir agus dár gcultúr saibhir na hoileáin seo agus cuirtear iad chun cinn mar is ceart mar shócmhainn thábhachtach dúinn mar náisiún.

Cuideoidh moltaí na Tuarascála seo, moltaí a bhfuilimid ag éileamh ar an Aire Oideachais agus scileanna iad a chur i ngníomh, chun inmharthanacht na scoileanna seo a chinntiú. Is moltaí iad a bhaineann le scoileanna oileán go sonrach. Ní bheidís ina gcaiteachas substaintiúil don roinn i gcomhthéacs a leithroinnte buiséid trí chéile. Níl i gcuid de na moltaí ach mionathruithe beartais atá beag i gcomhthéacs nithe i gcoitinne, ach chinnteoidís mórfheabhsuithe ar inbhuanaitheacht na scoileanna seo.”

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Fíona Ní Lochlainn, TD: “Tá tacar áirithe dúshlán agus deacrachtaí ag scoileanna oileán mar gheall ar a suíomh tíreolaíoch iargúlta. Thoiligh an Comhchoiste um Oideachas agus Scileanna an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh a cheapadh mar rapóirtéir maidir leis an ábhar seo agus ghlac an Comhchoiste an Tuarascáil seo a bhfuil d’aidhm aige aghaidh a thabhairt ar ábhair imní scoileanna oileán agus iad a mhaolú agus a chinntiú go mbeidh an t  oideachas a chuirtear ar fáil do dhaltaí ar chaighdeán chomh hard leis an gcaighdeán atá ar fáil in aon scoil eile ar an mórthír. Níor chóir go mbeadh daltaí ná foireann scoileanna oileán faoi mhíbhuntáiste ach oiread mar gheall gur i scoil oileáin atá siad lonnaithe.”

Léigh an tuarascáil anseo.



Barr
Roinn