Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Éisteoidh Coiste na Gaeilge leis an gCoimisinéir Teanga 20 Márta 2018

20 Márta 2018, 01:21

Éisteoidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán leis an gCoimisinéir Teanga inniu, Dé Máirt an 20 Márta 2018 mar chuid dá éisteachtaí ar Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017.

Éisteoidh Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán leis an gCoimisinéir Teanga inniu, Dé Máirt an 20 Márta 2018 mar chuid dá éisteachtaí ar Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017. Dúirt

Cathaoirleach an Choiste, Caitríona Ní Chonghaile, TD: “Beidh cruinniú ag an gCoiste leis an gCoimisinéir Teanga chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2017 atá le teacht, a phlé. Tá roinnt aighneachtaí faighte againn cheana agus táimid tar éis bualadh le roinnt finnéithe mar chuid dár ngrinnscrúdú réamhreachtach leanúnach ar an mBille. Bhí ar áireamh sna haighneachtaí a fuarthas agus sna fhianaise a chualathas ó fhinnéithe moltaí gur chóir feidhmeanna agus cumhachtaí breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga, agus ba mhaith leis an gCoiste na moltaí seo a phlé leis. Tá an-spéis ag na Comhaltaí tuairimí an Choimisinéara Teanga ar an reachtaíocht bheartaithe a chloisteáil ós rud é gur dóigh leis an gCoiste go bhfuil a ionchur riachtanach chun go ndéanfaidh an Coiste breithniú ar an ábhar seo.” Beidh an cruinniú seo ar siúl ar 4 p.m i Seomra Coiste 4, Teach Laighean. Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil beo anseo.

Is féidir imeachtaí an Choiste a fheiceáil freisin le linn duit a bheith ag taisteal trí úsáid a bhaint as Feidhmchlár Fóin Chliste Thithe an Oireachtais a bhíonn ar fáil ar fheistí Apple agus Android.

Barr
Roinn