Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Doiciméid stairiúla

Tá bailiúchán de dhoiciméid stairiúla ón 16ú haois ag Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais. Sna taispeántais seo, dírímid aird ar chuid de na míreanna fíorspéisiúla inár mbailiúchán. Cuardaigh ár gcatalóg má tá rud éigin ar leith á lorg agat, nó más maith leat féachaint ar an mbailiúchán iomlán.

Bailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Taispeántas digiteach

Bailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Rinne Leabharlann an Oireachtais comóradh céad bliain ar aistriú Chaisleán Bhaile Átha Cliath le taispeántas de chuid de na seoda ó Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Sa chás taispeántais

Gach mí, taispeánann an tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde seoid roghnaithe ó bhailiúchán an Oireachtais i gcás taispeántais i dTeach Laighean. Féach ar ar roghnaíodh don mhí seo agus sna míonna roimhe seo.

 

Ag tabhairt na milliún duine scartha le chéile:

Taispeántas digiteach

Ag tabhairt na milliún duine scartha le chéile:

Léigh faoi Jeremiah O’Donovan Rossa agus an nuachtán The United Irishman, nuachtán a chuir Jeremiah O’Donovan Rossa in eagar agus é ar deoraíocht i Nua-Eabhrac ag deireadh an 19ú haois. I Leabharlann an Oireachtais tá níos mó ná 450 eagrán de The United Irishman, mar chuid de Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Taiscí Leabharlann an Oireachtais

Taispeántas digiteach

Taiscí Leabharlann an Oireachtais

Thugamar cuireadh d’aoichoimeádaithe féachaint ar na seoda sa bhailiúchán sin againne agus na cinn is fearr leo a roghnú, chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh céad bliain bhunú na Chéad Dála. Brabhsáil ár ngailearaithe íomhánna, físeán agus téacs chun tuilleadh a fhoghlaim faoinár mBailiúcháin Speisialta agus cuardaigh catalóg ár leabharlainne go bhfeice tú a bhfuil ann!

Catalóg ar líne

Cuardaigh na bailiúcháin iomlána de dhoiciméid stairiúla agus de dhoiciméid arna Leagan roimh Thithe an Oireachtais.

Páipéir na Dála luaithe

Cartlanna

Páipéir na Dála luaithe

Tá doiciméid na Dála i rith a tréimhse réabhlóidí (1918-1923) ar fáil ar líne anois. Tugann siad léargas iontach ar obair laethúil na Dála luaithe agus a hoifigí. Rinne an Chartlann Náisiúnta digitiú ar an mbailiúchán, ina bhfuil níos mó lá 66,000 leathanach, i gcomhpháirt le Tithe an Oireachtais mar chuid den chomóradh céad bliain ar an gCéad Dáil.

Éire síos trí na blianta

Taispeántas digiteach

Éire síos trí na blianta

Léirítear sa taispeántas doiciméid arna leagan roimh an Oireachtas gach deich mbliana ó 1920. Tugann sé léargas ar roinnt de na himeachtaí suntasacha i sochaí na hÉireann le 90 bliain anuas.

Cuir chuige i leith meabhairshláinte

Taispeántas digiteach

Cuir chuige i leith meabhairshláinte

Rianaítear sa taispeántas an t-athrú mór ar an soláthar cúraim a tugadh do dhaoine a raibh meabhairghalar ag dul dóibh agus a bhí beo bocht ón 19ú haois go dtí tús an 20ú haois.

Barr
Roinn