Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cuairt ar an Oireachtas

TCÉ

Féach isteach

Bíonn Teach Laighean oscailte ó Luan go hAoine. Féadfaidh an pobal cuairt a thabhairt air ar ghnó oifigiúil.

Eolas do chuairteoirí

Ní mór do gach cuairteoir teacht isteach trí bhealach isteach na gcuairteoirí ar Shráid Chill Dara in aice le hArd-Mhúsaem na hÉireann - Seandálaíocht.

Más é do thoil é:

  • Tabhair leat aitheantas ar a bhfuil grianghraf, cosúil le pas nó ceadúnas tiomána
  • Bí ag geata Shráid Chill Dara 15 nóiméad roimh do choinne nó roimh an turas
  • Ná tabhair málaí móra leat
  • Cuir in iúl dúinn má tá aon riachtanas speisialta agat cosúil le rochtain mhíchumais
Turais

Turais

Faoi láthair, tá turais ar Theach Laighean teoranta dóibh siúd atá urraithe ag TD nó Seanadóir.

Téigh i dteagmháil le do TD nó Seanadóir áitiúil chun tuilleadh a fhoghlaim. Níl turais phoiblí agus siúlóide isteach ar fáil faoi láthair.

Turas fíorúil

Is é Teach Laighean suíomh Pharlaimint na hÉireann agus tá sé ar maos sa stair.

Caith súil ar an tseoid seo d’ailtireacht an 18ú haois déag lenár dturas fíorúil.

Socruithe inrochtana do thurais ar Theach Laighean

Má tá cúnamh uait chun rochtain a fháil ar Thithe an Oireachtais, téigh i dteagmháil leis an oifigeach rochtana, Michael O’Brien, michael.obrien@oireachtas.ie nó +353 (0) 1 618 4556. Tá an t-oifigeach rochtana ar fáil de réir alt 26(2) den Acht um Míchumas, 2005.

Tá Tithe an Oireachtais, Coimpléacs Theach Laighean, creidiúnaithe ag AsIAm mar áit a thacaíonn le daoine a bhfuil uathachas orthu. Faigh tuilleadh eolais maidir lenár leathanach tiomnaithe faisnéise agus acmhainní do chuairteoirí a bhfuil uathachas orthu.

Má tá ateangaireacht i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann de dhíth ort do thurais ar Theach Laighean, déan teagmháil leis an bhFoireann TCÉ, isl@oireachtas.ie.

Aimsigh muid

Tá Teach Laighean suite ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath 2, idir an Leabharlann Náisiúnta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht.

Ní mór do gach cuairteoir teacht isteach tríd an mbealach isteach ar Shráid Chill Dara.

Caith súil ar ár gcuid faisnéise maidir le taisteal níos cliste maidir leis an mbealach is fearr lenár gcampas parlaiminteach a bhaint amach.

Taisteal níos cliste chuig Teach Laighean

Iompar poiblí

Tá seirbhísí maithe iompair phoiblí ag freastal Theach Laighean agus is féidir eolas breise ar thuras a phleanáil ar shuíomh gréasáin Transport for Ireland.

Tabhair do d’aire nach bhfuil aon saoráid pháirceála do charranna ann ag campas Theach Laighean.

Luas

Is é an stad tram Luas is cóngaraí stad Dawson ar Shráid Dawson.

(siúlóid 4 nóiméad)

Iarnród

Is é an stáisiún Dart is cóngaraí Stáisiún an Phiarsaigh ar Shráid an Phiarsaigh.

(siúlóid 9 nóiméad chuig bealach isteach na gcuairteoirí)

Bus

Cuireann Bus Átha Cliath seirbhísí maithe bus ar fáil chuig Sráid Chill Dara, Sráid Nassau agus Faiche Stiabhna.

Rothaíocht chuig Teach Laighean

Sábháilteacht cuairteoirí agus slándáil

Léigh ár mbeartas maidir le coinníollacha iontrála chuig coimpléasc Theach Laighean.

Barr
Roinn