Tairgim:—
Go ndeontar suim ná raghaidh thar £3,789 chun slánuithe na suime is gá chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1945, chun Tuarastail agus Costaisí i dtaobh Seirbhísí na Gaeltachta, ar a n-áirmhítear Deontaisí um Thógáil Tithe agus Bréidíní Baile do cheannach agus do dhíol.
That a sum, not exceeding £3,789, be granted to complete the sum necessary to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending the 31st day of March, 1945, for Salaries and Expenses in connection with Gaeltacht Services, including Housing Grants and the purchase and sale of Homespuns.
Is lugha de £11,200 an glan-mhéid a hiarrtar fén meastachán so ná mar a hiarradh fé dhá mheastachán na bliana seo caithte. Is mó de £59,285, áfach, mór-mhéid an mheastacháin, ach is mó de £70,485 na Leithreasaí-i-gCabhair a meastar a gheobhfar i rith na bliana so. Mar sin, is léir gur mó an lámhadas a meastar don bhliain seo cé gur lugha an méid airgid atá á iarraidh ar an Stát-Chiste. Tá méadú £773 glan ar an soláthar i gcóir an Cheann-Ionaid; méadú £57,110 a gcóir na dTionnscal Tuaithe; agus méadú £4,212 i gcóir na dTionnscal Mara. Tá laghdú £241 glan ar an soláthar i gcóir Taisc-Ionaid Láir na Margaíochta: laghdú £10 i gcóir Seirbhísí Ilghnéitheacha; agus laghdú £2,559 i gcóir Teach-Soláthair na Gaeltachta.
Sé fé ndear an méadú beag ar na mírchinn a bhaineas leis an gCeann-Ionad ná breis bónuis bheith le n-íoc agus gnáth-bhreisithe ar thuarastail, laghduithe tré chaolú i líon na fóirne dá soláthruítear. Ní miste a thabhairt fé ndeara go mbaineann £4,090 den mhéid a soláthruítear i gcóir tuarastal le hoifigigh atá ar iasacht ag Ranna eile Rialtais.
Maidir le Mírcheann D (1) a bhaineas le Tuarastail Saoistí, Bainistreásaí, etc., na dTionnscal Tuaithe, sé fé ndear an mhéaduithe de £657 ná méadú ar líon na fóirne dá soláthruítear, gnáth-bhreisithe ar thuarastail agus breis ar an mbónus a bheas le n-íoc. Sé fé ndear na méaduithe ar na Mhírchinn D (2) agus D (3) ná soláthair don bhónus aimsir éigeandála a bheas le n-íoc leis na Teagascóirí atá i gceist. Is beag iad na méaduithe atá ar na Mírchinn D (4) agus D (5).
Maidir leis na mírchinn D 6, D 8 (1) agus D 9 (b) a bhaineas le habhair do chur ar fáil do na Tionnscail Tuaithe, sé an mór-mhéid dá soláthruítear ná £133,100 i gcompráid leis an £91,580 glan, a bhí sa tsoláthar i gcóir na bliana seo caithte tar éis an mheastacháin fhoirlíontaigh a tugadh di. Is féidir na beimíd in ann abhair fháil den mhéid dar soláthruíodh ach déanfar gach iarracht chun an méid is mó is féidir fháil. Bhí súil againn le tuille fháil an bhliain seo caithte, ach níor éirigh linn.
Is mó de £500 an soláthar fé D. 7 agus baineann sin nach mór ar fad le soláthar bhreise d'Abhair Pacála a ceaptar a bheidh le fáil do na Tionnscail Fighteacháin. Tá méadú de £590 ar an soláthar fé D. 8 (2) go dtí (6). Is le hIolchostais an Tionnscail Bhréagán a bhaineann sin agus sé is mó fé ndear é ná soláthar breise bheith déanta do Chostais Iompair agus d'Abhair Pacála.
Maidir leis an Mírcheann D. 9, a bhaineas leis an Tionnscal Sníomhacháin tabharfar fé ndeara go bhfuil sé ina dhá chuid: cuid (a) agus cuid (b). Baineann cuid (a) le soláthar £10, mar chomhartha, a cuireadh isteach i dtaobh an Mhuilinn Shníomhacháin atá le bunú i gCill Chártha, Co. Dhún na nGall. Níl aon athrú ar an scéal toisc nach bhfuil maisínreadh le fáil ón m Breatain Mhóir i gcóir an Mhuilinn sin fé láthair agus sin é an fáth ná fuil sa tsoláthar ach comhartha. Baineann cuid (b) le Muileann Sníomhacháin i Rinn na Scríne, Co. Choreaighe, a thógamar ar léas d'fhonn abhras do chur ar fáil don Tionnscal Figheadóireachta a oibrímíd i gCill Chártha, Co. Dhún na nGall.
Baineann Mírcheann D.10 le Ceannach Bréidín Bhaile. Is mó de £13,585 an soláthar atá á dhéanamh ina chóir ná mar a soláthruíodh sa bhliain seo caithte. Is féidir ná beidh an soláthar mór go leor do réir na meastachán is déanaighe atá againn don obair seo ach ní miste a thuigsint go n-iarrfar tuille soláthair más gá é. Is amhlaidh a thosnuíomar ar an obair seo ar an Aire Soláthairtí dá rá nárbh fhéidir faoiseamh ina ndeacrachtaí do thabhairt do lucht déanta bréidín baile muna ndéanfaí eagracht margaíochta láir do bhunú dá cheannach agus dá dhíol. Fén socrú so, deinimíd an bréidín do cheannach ar an bpraghas is mó is féidir ag féachaint don mhargadh a bhíonn ann don cháileacht ar leith a bhíonn i gceist; deinimíd é chur dá shnasáil ansin; agus iar sin tá orainn margadh do lorg dó.
Ní foláir a thuigsint, maidir leis sin de, nach sinne an t-aon eagracht amháin a dhíolann bréidín baile leosin dá dtugtar cead chun é cheannach. Tá táirgtheoirí ceadúnuithe ann gur cead dóibh an bréidín do dhíol díreach mar a dhíolaimíd é, agus tá de bhuntáiste aca gur bréidín do réir a n-orduithe féin a bhíonn aca, áit ná bíonn againn ach a ndeineann an lucht déanta ar a dtoil féin. Chó fada agus is féidir é, deinimíd comhairle do thabhairt don lucht déanta i dtaobh conus ab fhéidir a gcuid gréasán d'fheabhsú; agus le tamall anuas tá á bhreithniú againn cad eile nár mhiste a dhéanamh chun cabhruithe leis an déantús. Fé láthair, níl de dhualgas orainn ach bheith in ár n-eagracht margaíochta, agus ní féidir a rá go fóill cad eile ar a socrófar.
Fé E 1, tá soláthar do Chongantóir do Mhaoirseoir na dTorthaí Mara. Is amhlaidh ná féadfaí féachaint i ndiaidh na hoibre ceilpe, feamainne agus cairrgín gan an congnamh sin. Is mó, toisc na cúise céanna, an soláthar atá déanta do Chostaisí Taistil fé E 2.
Is mó de £5,890 an soláthar fé E (3) don Tionscal Ceilpe is Feamainne ach is costais iompair, is mó fé ndear an méadú sin. Is deacair meastachán ceart do dhéanamh ar a mbeidh le n-íoc ar chostais iompair ach beidh pé méid a híocfar ionbhailithe ó lucht ceannuithe na dTorthaí Mara agus tá soláthar ina thaobh sin ina meastar do Leithreasaí-í-gCabhair. Fuaireamar beagnach 900 tonna ceilpe i rith na bliana seo caithte, tuairim is 1,600 tonna slata mara agus feamainne brotha agus tuairim is 1,200 tonna feamainne gearrtha. In aghaidh na feamainne laminaria a díoladh tar lear, fuarthas don tír seo a chó-mheas d'abhar eile leasacháin. Táthar ag leanúint den rialra a cuireadh i bhfeidhm maidir lé ceannach na ceilpe, ós mar sin a soláthrófar an cheilp is fearr is féidir mar abhar leasacháin. Beidh £10 an tonna mar bharr-phraghas ar an gceilp arís, ach tá an scála féna bhun sin athruithe ionnus gur fearr an praghas a bheas le n-íoc i mbliana as ceilp a déanfar gan slata mara. Beifear ag ceannach na slata mara mar rud ar leith agus tabharfar praghas maith orra.
Tá laghdú £2,265 ar an soláthar fé E. 4 don Tionnscal Cairrgín. Ní bhaineann an soláthar ach leis an gcairrgín a pioctar agus a pacáltar ag an Roinn chun é chur ar an margadh i gcóir bídh. Is amhlaidh a tháinig laghdú ar an nglaoch ar an gcairrgín sin le linn na bliana seo caithte agus sin fé ndear gan an tsuim chéanna do sholáthar i mbliana. Ní chuirfidh sésin teora lena geaithfear, áfach, má thárluíonn go mbeidh glaoch uirri. Is thar lear a díoltar an chuid is mó den bharr chairrgín gach bliain agus táthar ag leanúint den rialra a cuireadh i bhfeidhm ar cheannach agus dhíol i dtosach na bliana airgeadais seo caithte. Is féidir a rá go dtáinig feabhas mór ar cháileacht an chairrgín de bhárr an rialra sin agus nach baol, má leantar de, ná go mbeidh margadh ann don chairrgín fós tar éis deire an chogaidh seo. Cuireann Rialtas na Breataine teora leis an bpraghas ar a gceannuítear cairrgín thall ach deinimíd gach iarracht is féidir ionnus go bhfaighidh lucht a bainte agus a sábhálta sa tír seo praghas réasúnta maith.
Tá méadú £389 ar an soláthar fé F (1) do Thuarastail an Taisc-Ionaid. 'Siad an bónus aimsir éigeandála agus an méadú ar an bhfuirinn is mó fé ndear an bhreis. Tá ar an bhfuirinn anois bréidín baile do chur ar an margadh chó maith le hearraí na dTionnscal Tuaithe atá ar siúl ag an Roinn féin. Is beag an difríocht atá sa tsoláthar fé F (2) d'Fhógránacht. Is lugha an soláthar fé F (3) d'Iolchostais toisc gur fé mhírcheann eile a soláthruítear d'abhair Phacála áirithe dá soláthruítí anso cheana; ach is mó a soláthruítear do Chostais Iompair toisc Bréidín Baile bheith dá láimhseáil anois.
Níl isna soláthair fé G do Sheirbhísí Ilghnéitheacha ach comharthaí taobh amuigh den tsoláthar, fe mhionroinn (5), do Sheirbhísí Báid. Níl ach aon tSeirbhís amháin den tsórt sin i gceist, sin, an tSeirbhís idir Dún na Séad agus Oileán Cléire i gContae Chorcaighe.
Tá laghdú £759 ar an soláthar fé H 1 do Thuarastail na fóirne Teach-Soláthar, toisc gur lugha anois líon na fóirne teicniúla is gá bheith ina bhun ag féachaint do na deacrachtaí a bhaineas le cúrsaí soláthairtí. Tá laghdú freisin ar a soláthruítear fé H 2 do Chostais Taistil agus fé G 3 do Dheontais fé na hAchtanna. Tá soláthar fé H 4 do chostais cothabhála agus deisithe na dtithe comhnaithe atá ar chíos uainne ag Múinteoirí sa bhFíor-Ghaeltacht. Ní bhaineann an soláthar ach leis na costais sin.
Meastar, ag féachaint don méid a soláthruíodh i leith caithteachaisí, gur féidir gur mó de £70,485 na Leithreasaí-i-gCabhair a bheas le fáil i mbliana. Baineann £25,960 le fáiltí glan na dTionnscal Tuaithe agus £38,860 le fáiltí glan ó dhíol an Bhréidin Baile. Meastar gur £63,825 a híocfar amach mar phágh oibre i mbliana i gcompráid leis an £58,100 a measadh do bhliain seo caithte. Teasbánann na figiúirí seo leanas conus mar bhí maidir le págh oibre, ó 1935-36 amach:—
1935-36, £9,802; 1936-37, £12,768;
1937-38, £14,680; 1938-39, £18,766;
1939-40, £26,391; 1940-41, £38,517;
1941-42, £43,544; 1942-43, £46,365;
1943-44, £52,500.
Bé méid na ndíolachán:—1935-36, £34,432; 1938-39, £46,183; 1941-42, £177,513; 1942-43, £196,484; 1943-44, £206,000.
Brathann stáid na dTionnscal Tuaithe ar na habhair atá ar fáil dóibh. D'éirigh go maith linn maidir le teacht ar abhair go dtí seo agus déanfaimíd ár ndícheall san aimsir le teacht—ach ní foláir a thuigsint go bhfuil sé ag éirghe níos deacra abhair do choimeád leis na tionnscail.
Meastar go bhfaghfar ar a laghad £57,560 glan ó fháiltí as Bréidín Baile do dhíol. Do réir an eolais is déanaighe dá bhfuil againn is féidir gur mó i bhfad ná sin a gheobhfar toisc gur féidir gur mó a ceannófar den Bhréidin sin ná ar soláthruíodh dó fe mhírcheann D 10.
Tá méadú mór ar a meastar d'fháiltí as Ceilp agus Feamainn do dhíol ach, fé mar adubhart agus mé ag trácht ar mhírcheann E 3, is le costais iompair is mó a bhaineas an méadú sin.
Tá laghdú ar a meastar d'fháiltí as Cairrgín Bidh do dhíol. Sé fé ndear sin ná an glaoch uirri gan bheith chó maith agus a bhí. Ní háirmhítear aon rud sna fáiltí seo do chairrgín cheárdais ós rud é gur fé dhaoine príobháideacha a deintear an chuid sin de thionnscal an chairrgín.
Is beag an méid airgid atá dá iarraidh fén Vóta so, ach chífear ó na mór-fhigiúirí go gceiltear fén mbeagmhéid sin obair atá mór go maith agus ana-thábhachtach do mhuintir na Gaeltachta.