Gabhaim buíochas leis na hoifigigh as ucht an cur i láthair. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil maidir leis an aonad Gaeltachta. Cén uair a bhunófar é? An mbeidh lucht labhartha na Gaeilge ann? Tá a fhios agam go bhfuil cuid de na ceisteanna seo freagartha. An mbeidh ar an Roinn foireann nua le Gaeilge a earcú leis an bpolasaí seo a chur i bhfeidhm? Cá mbeidh an t-aonad seo lonnaithe?
Ba mhaith liom moladh a dhéanamh sa chomhthéacs seo. Faoi láthair, tá go leor spáis in oifig na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta sna Forbacha nach bhfuil in úsáid. Ar ndóigh, tá an oifig sin sa Ghaeltacht. Cuireadh síneadh leis an oifig cúpla bliain ó shin. Tá laghdú mór tagtha ar an bhfoireann san fhoirgneamh ó shin. Mar is eol do na hoifigigh, tá píosa den Roinn sa Tulach Mhór agus píosa eile i mBaile Átha Luain. Tá foireann na Roinne scaipthe. An smaoineodh an Roinn ar an aonad seo a lonnú sa Ghaeltacht le polasaithe Gaeltachta a chur i bhfeidhm? Ós rud é go bhfuil deiseanna maithe cumarsáide ann anois, ní gá do dhaoine bheith ag cónaí nó ag obair taobh dorais anois. An smaoineodh an Roinn ar na daoine seo ar fad a lonnú sa phobal ina mbeidh siad ag feidhmiú?
De réir mar a thuigim, faoi láthair níl aon dualgas ar aon mhúinteoir atá ag múineadh i mbunscoil sa tír seo Gaeilge a bheith acu. Bíonn orthu freastal ar chúrsa Gaeilge, ach dúradh linn ag cruinniú den choiste seo le gairid nach bhfuil aon dualgas orthu aon scrúdú a phasáil ag an deireadh. Tuigim nach bhfuil painéal ann do na scoileanna Gaeltacha nó fiú do na scoileanna lán-Gaelacha. An bhfuil sé i gceist painéal Gaeltachta nó Gaeilge a bhunú leis an bplean seo a chur i bhfeidhm? Muna bhfuil a leithéid ann, d'fhéadfadh múinteoirí gan Ghaeilge a bheith sna scoileanna Gaeltachta.
Caithfidh go bhfuil na finnéithe misniúil - b'fhéidir go bhfuil siad ag iarraidh an Tríú Cogadh Domhanda a thosú - má tá sé i gceist acu boird bainistíochta na bunscoileanna Gaeltachta a chónascadh. Muna bhfuil iarratais chun na críche sin ag teacht ó na scoileanna Gaelachta, ní thuigim cén fáth go mbeadh éinne á bhrú. Creidim go mór sa phrionsabal a chuireann an CLG i bhfeidhm, sé sin go ndéanfaidh na foirne go leor oibre agus traenála má tá chuile pharóiste i gcoimhlint lena chéile agus beidh siad dhá oiread níos foirfe dá bharr sin. Is dóigh liom go mbaineann an prionsabal céanna leis na boird bainistíochta sna scoileanna beaga. Is léir go bhfeidhmíonn siad thar cionn. Níl aon fhadhb daoine a fháil le dul orthu.
Baineann an pointe atá á dhéanamh agam leis na grúpaí a chuireann an scéim CLÁR i bhfeidhm agus a bhíonn ag plé le rudaí eile sna ceantracha seo. Is minic go mbíonn boird bainistíochta na scoileanna beaga sásta níos mó obair dheonach a dhéanamh ná mar a bhíonn boird ar scoileanna níos mó. Bíonn siad sásta tabhairt faoi airgead a bhailiú le deiseanna a chur ar fáil. Is minic a dúirt mé dá laghad é an pobal, is mó é an cumas atá iontu airgead a chur ar fáil.
Caithfimid smaoineamh go bhfuil ocht gcinn de na scoileanna seo ar oileáin Gaeltachta. Ní mórán céille a bheadh ann cónascadh a dhéanamh idir bhoird scoile Inis Oírr agus Inis Meáin. Má tá obair theicniúil i gceist, ar nós na cuntais a dhéanamh nó múinteoirí a cheapadh, is dóigh liom gur cheart go mbeadh tacaíocht ar fáil. Ní chreidim go bhfuil aon fáth nach dtarlódh a leithéid, ach ba mhaith liom an fhírinne a rá sa chomhthéacs sin mar dhuine atá i mo chónaí i gceantar beag tuaithe le fada. Tá mo bhean ar bhord bainistíochta scoile. Ní chreidim go raibh aon easpa saineolais ar na boird bainistíochta le hais aon bhord eile.
Ba mhaith liom labhairt faoin díolúine ón Ghaeilge sa scoil agus faoi na daoine nach bhfuil ag iarraidh a gcuid gasúir a chur chuig scoileanna atá ag múineadh trí mheán na Gaeilge. Tá mé ag troid leis an Roinn Oideachais agus Scileanna le fada mar go gcreidim nach bhfuil móran céille lena polasaí ó thaobh na ceiste seo. Má theastaíonn ó duine atá ina chónaí taobh amuigh den Ghaeltacht oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil, is féidir leis a ghasúir a chur chuig an scoil Ghaeilge is gaire dó agus cuirfear na deiseanna taistil - an remote area grant nó rud éigin eile, ag brath ar uimhreacha - ar fáil dó. Bhí mise i gcónaí den tuairim gur cheart deis a thabhairt do dhaoine a chónaigh i gceantracha Gaeltachta nár theastaigh uathu a bpáistí a chur chuig scoileanna lán-Gaelacha dul chuig an scoil Bhéarla is gaire dóibh. Clúdódh sé sin daoine a bhfuil díolúine faighte acu.
Ba mhaith liom pointe a dhéanamh sa chomhthéacs seo maidir le imeall na Gaeltachta. Is féidir é a fheiceáil sna fíor-scoileanna Gaeltachta go bhfuil daoine ó taobh amuigh den Ghaeltacht ag dul go dtí na scoileanna Gaeltachta anois, mar a théann siad go dtí Gaelscoileanna i gceantracha eile, ós rud é go bhfuil oideachas lán-Ghaelach ar fáil.
Ní hamháin gur cheart iad seo a aithint mar scoileanna Gaeltachta, ach ba cheart iad a aithint freisin mar scoileanna lán-Ghaelacha. Tógfaimís ceantar an tSeanadóra Uí Dhomhnaill, in imeall iar-thuaisceart na Gaeltachta ar an bhFál Carrach, mar shampla. Ní gá go mbeadh ar dhaoine sa cheantar sin atá ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht, agus a theastaíonn uathu oideachas trí mheán na Gaeilge, taisteal chomh fada le Leitir Ceanainn. Bheadh sé i bhfad níos ciallmhaire go dtiocfaidís go dtí an scoil lán-Ghaelach ar an bhFál Carrach. Má tá daoine as an bhFál Carrach ag iarraidh oideachas trí Bhéarla, ba cheart go mbeidís in ann taistil go dtí scoil Bhéarla. Tá daoine i mo cheantar féin ag cur gasúir chuig scoileanna áirithe mar go bhfuil siad ag feidhmiú trí Ghaeilge, fiú nach bhfuil siad ina gcónaí in abhantrach na scoile sin.
Is dóigh liom go gcaithfimid aghaidh a thabhairt ar seo. Is fiú cuimhneamh go bhfuil Béarla ag chuile ghasúir. Má labhraítear an Ghaeilge chuile lá le gasúir ón lá a chaitear ar an sop é nó í, fós féin beidh Béarla aige nó aici ón dtimpeallacht nuair a thiocfaidh sé nó sí ar scoil. Tá sé sin fíor fiú i gceartlár na Gaeltachta. Ní bhíonn Gaeilge ag chuile ghasúir. Mar sin, tá fadhb ann láithreach má tá gasúir sa scoil nach bhfuil ag iarraidh iompú ar an nGaeilge, ós rud é go mbíonn Béarla níos fearr ag na gasúir Ghaeilge ná mar a bhíonn Gaeilge ag na gasúir Bhéarla. Is ceist í sin don pholasaí teanga, dar liom. Sílim go mbeadh sé thar a bheith tábhachtach breathnú ar nósanna gasúir eatarthu féin, ach is dúshlán é sin.
I gcásanna na scoileanna Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, is féidir leis an múinteoir polasaithe na scoile a lua. Glacaim leis nach dtugtar díolúine ón Ghaeilge d'aon ghasúir i scoil lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Cé gurb í an Ghaeltacht tobar na Gaeilge, is féidir díolúine a thabhairt i scoil Gaeltachta. Glacaim leis nach mbíonn díolúine á thabhairt i scoil lán-Ghaeilge i gceartlár Bhaile Átha Cliath, i gCorcaigh nó in aon áit eile. Glactar leis go múinfear na gasúir sin ar fad trí Ghaeilge agus, chomh maith leis sin, go mbeidh na múinteoirí in ann a rá le haon ghasúir nach bhfuil ag iarraidh cloí leis an éiteas sin gur féidir leis nó léi dul chuig scoil eile síos an bóthar. Níl na Gaeltachtaí chomh mór agus nach gheofaí scoil Bhéarla gar go maith dóibh.
Glacaim leis go bhfuil scoileanna ar imeall na Gaeltachta atá go hainmniúil sa Ghaeltacht. Tá Tír Oileáin i gceartlár na Gaeltachta is líonmhaire pobail, ach ní scoil Ghaeltachta í an scoil áitiúil ar aon bhealach. Is féidir an pointe céanna a dhéanamh faoi Bhaile Chláir. Is gá a aithint nach ionann an Ghaeltacht mar atá sí ar na léarscáileanna agus an áit ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh. Má fhéachann na hoifigigh ar na scoileanna atá ag iarraidh an Ghaeilge a mhúineadh, nó go bhfuil seans go rachaidh siad i dtreo a leithéid d'iarracht, gheobhaidh siad amach nach bhfuil móran daoine atá níos faide ó scoil Bhéarla ná mar atá formhór na ndaoine sa tír seo ó scoil Ghaeilge. Mar sin, ceapaim go bhfuil sé fíor-thábhachtach go mbeadh an Ghaeilge mar "default language" sa Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh deis ag gasúir sa Ghaeltacht dul chuig scoil Bhéarla más mian lena dtuismitheoirí, agus vice versa i gcás gasúir taobh amuigh den Ghaeltacht. Níl aon vice versa i bhfeidhm i láthair na huaire.
Ós rud é go bhfuil ceist na díolúine sna meánscoileanna ardaithe agam anseo inniu, b'fhéidir go mbeimid in ann plé níos faide a bheith againn ar an ábhar sin ag cruinniú den choiste seo lá éigin eile. De réir mar a thuigim, tá roinnt scoileanna ag tabhairt uchtaigh do thuismitheoirí díolúine a lorg. Bíonn an-fonn ar na scoileanna é sin a eagrú. Is é an rud is measa faoi, go mórmhór i gceantracha faoi mhíbhuntáiste, ná go bhfuil an easpa Gaeilge go fadtéarmach ag cur tuilleadh míbhuntáiste ar ghasúir. Tá sé ag baint cáilíocht dóibh a d'fhéadfadh a bheith thar a bheith úsáideach amach anseo. Ní chreidim go bhfuil sé chun leasa na bpáistí, go minic, gan an dara teanga a thabhairt leo.