den Aire Oideachais an bhfuil a fhios aige go bhfuil mío-shásamh mór ar Ghaedhil Uladh mar gheall ar an ábhar léightheoireachta i nGaedhilic atá údaruithe ag Roinn an Oideachais fá choinne na scoltach; an dtig leis a rá cá mhéad leabhar i nGaedhilic Chúige Uladh ar tugadh údarás na Roinne dhóibh i mbliana agus cá mhéad leabhar i nGaedhilic Chonnacht agus i nGaedhilic na Mumhan a fuair údarás na Roinne mar an gcéanna; agus ar siocair gurb í Gaedhealtacht Uladh an Ghaedhealtacht is mó in Éirinn an dtabharfaidh an tAire gealltanas go bhfuighidh leabhra i nGaedhilic Chúige Uladh an cothrom céanna leis na leabhra sna canamhain eile as so amach.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Mio-shásamh ar Ghaedhil Uladh.
Níl aon ghadh domhsa gealltanas do'n tsaghas atá luaidhte ag an Teachta do thabhairt. Tugtar an chothrom chéadna do leabhartha i gcanamhaint Uladh agus a tugtar do leabhartha i gcanamhaintí eile. Ultaigh a b'eadh furmhór an Choiste do shocruigh liosta oifigeamhail na leabhar le h-aghaidh na bliadhna so.
Sé an uireasba leabhar feileamhnach i gcanamhaint Chúige Uladh is cionntsiorcair le n-a luighead leabhar i gcanamhaint Uladh atá ar an liosta. Is ceist í do na Foilisightheóirí agus do na h-ughbair leabartha feileamhnacha do chur ar fagháil.
Cidhfear ó'n liosta an chanamhaint 'na bhfuil gach leabhar ann scríobhtha. Cuirfidh mé, amhthach, táibhle chuig an Teachta a theasbáinfidh uimhir na leabhar ar an liosta oifigeamhail d'réir na gcanamhaint.