den Taoiseach an luafaidh sé, maidir le gach Roinn a bhfuil Rúnaí Parlaiminte ceaptha dhi, cad iad na gnóthaí atá de chúram ar an Rúnaí sín.
Written Answers to Questions. - Gnóthaí Rúnaí Phairlaiminte.
Ina fheadhmannas mar Rúnaí Parlaiminte don Taoiseach tá de chúram ar Liam Mac Cosgair, T.D., clár Parlaiminteach gnótha an Rialtais a shocrú agus gníomhú mar liaison idir an Rialtas agus an Freasúra i nDáil Éireann. Ina fheadhmannas mar Rúnaí Parlaiminte don Aire Tionscail agus Tráchtála tá de chúram ar Liam Mac Cosgair, T.D., cúrsaí a bhaineas le Dlí na gCuideachtan; Árachas; Mianaigh agus Mianraí; an tSuirbhéaracht Gheolaíochta; Cumainn Charadais, Foirgníochta, Tionscail agus Daon-Charadais; Rialú Gáis; Meáchain agus Tomhais; Tasachta Trádála; Marcanna Marsantais; Meisiúnacht agus Halla-Mharcail; Clárú Maoine Tionscail agus Tráchtála; Rialú ar Fhoirgníocht; agus Ciondáil Tae, Siúcra, Ime, Margairín, Gallúnaí agus Táirgí Petroleum.
Ina fheadhmannas mar Rúnaí Parlaiminte don Aire Rialtais Áitiúil tá de chúram ar Bhreandán Mac Feorais, T.D., cúrsaí a bhaineas le hIniúchóireacht; Comh-Cheannach; Pleanáil Bailte Móra; agus Bóithre. Ina fheadhmannas mar Rúnaí Párlaiminte don Aire Cosanta gníomhaíonn Breandán Mac Fheorais, T.D., mar chomhalta síbhialta den Chomhairle Cosanta.
Tá an Rúnaí Parlaiminte don Aire Airgeadais, Micheál Ó Domhnalláin, T.D., i gceannas Oifige na nOibreacha Poiblí.