Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 9 Dec 1948

Vol. 113 No. 9

Written Answers. - Cúnamh Dífhostaíochta i nGaillimh.

D'fhiafraí

den Aire Leasa Shóisialaigh an abróidh sé (a) cé mhéad daoine a bhí ag fáil cúnaimh dífhostaíochta i mí na Samhna, 1947, trí na hoifigí sa gClochán, in Uachtar Ard, agus i nGaillimh; agus (b) an t-iomlán a híocadh leo sa mí sin; agus an dtiúrfaidh sé an tuairisc chéanna do mhí na Samhna, 1948.

Níl an t-eolas le fáil go díreach mar iarras an Teachta é, ach b'fhéidir go mbeadh na sonraí seo leanas sásúil dó.

I mí na Samhna, 1947, agus i mí na Samhna, 1948, bhí teideal a íocaíochta do Chúnamh Dífhostaíochta ag na huimhreacha seo leanas de dhaoine a bhí cláraithe in Oifigí Áitiúla na Roinne Leasa Shóisialaigh ar an gClochán, in Uachtar Ard agus i nGaillimh:—

An tSeachtáin dar chríoch an Satharn

An Clochán

Uachtar Ard

Gaillimh

1947

8ú Samhain

307

118

1,399

15ú,,

440

150

1,993

22ú,,

568

164

2,059

29ú,,

533

172

2,386

1948

6ú Samhain

246

139

1,087

13ú,,

419

162

1,515

20ú,,

516

223

2,104

27ú,,

532

236

2,362

Is iad seo leanas na suimeanna de chúnamh Dífhostaíochta a bhí iníoctha alos na gceithre seachtainí i ngach ceann den dá bhliain mar luaitear thuas:—

An Clochán

Uachtar Ard

Gaillimh

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

1947

1,001

4

8

333

16

8

4,654

9

11

1948

951

16

5

522

5

7

5,374

9

10

Top
Share