den Aire Tionscail agus Tráchtála an abróidh sé ar thug sé aon ráthaíocht uaidh i leith airgid arna thógaint ar iasacht ag Comhlucht Loingis Chuan na Gaillimhe; agus má thug, an inseoidh sé méid na hiasachta sin agus an t-urrús atá aige le haghaidh a haisíoctha.
Written Answer. - Iasacht do Chomhlucht Loingis.
D'fhiafraigh
Domhnall Ó Muirgheasa
Níor tugadh aon rathaíocht stáit i leith aon iasachta den tsórt sin. Sa mbliain 1912 rinneadh Bord na gCeanntar Cúng £7,500 d'airleacan le Comhlucht Loingis Chuan na Gaillimhe Teóranta le go bhféadfaidís an "Dún Aenghus" a cheannacht. Rinneadh an t-airgead sin d'urrú trí morgáiste ar an loing. Rinneadh £3,694 a bhí fágtha gan íoc i ndeireadh 1932 a mhaitheamh ach tá ar an gComhlucht an long a thabhairt suas má scoireann siad de bheith ag oibriú na seirbhíse.