Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 14 Mar 1974

Vol. 271 No. 3

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Dochar Stoirme.

24. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé sásta deontais a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta lena gcuid gabháltas a thabhairt chun míne tar éis an dochair a rinneadh le stoirm agus ionraidheacha arda le déanaí.

Níl aon scéim agam do chásanna mar sin ach mholfainn do na feirmeoirí dul i gcomhairle le hionadaithe na Roinne Talmhaíochta agus Iascaigh.

An eol don Aire nach bhfuil aon airgead ag an comhairle chontae ná ag an Roinn Talmhaíochta chun cuidiú leis na daoine seo? Ó thárla go ndearnadh go leor dochar ins na Gaeltachtaí, an bhféachfadh an tAire chuige airgead a chur ar fáil ins na Meastacháin?

Tá an freagra céanna agam don cheist seo. Deireann mo Roinn-se nach léir doibh go bhfuil aon ghá le scéim mar sin, ach os rud é go gceapann an Teachta go bhfuil gá leis, iarrfaidh mé ar mo Roinn scrúdú a dhéanamh ar an cheist.

Questions Nos. 25 and 26 postponed.

Top
Share