d'Aire na Gaeltachta cén dualgas atá ar chomhlacht a fhaigheann deontas ó Údarás na Gaeltachta i leith oibrithe ón nGaeltacht a fhostú agus an bhféachtar chuige go gcomhlíontar an dualgas sin.
Written Answers. - Fostaíocht sa Ghaeltacht.
547. D'fhiafraigh
Tá dualgas ar Údarás na Gaeltachta faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus tuigim ón Údarás
— go dtugtar aird chuí, feadh a gcumais, ar an dualgas sin nuair a bhíonn daoine á bhfostú i gcomhlachtaí a fhaigheann cabhair uathu ach oibrithe Gaeltachta leis na scileanna cuí a bheith ar fáil,
— go bhfuil córas ann chun monatóireacht á dhéanamh ar na socruithe a dhéantar chun na críche sin, agus
— go gcuireann siad seirbhís earcaíochta ar fáil chun cabhrú le comhlachtaí oibrithe ón nGaeltacht a earcú.