asked the Minister for the Gaeltacht if he will allocate a grant for the Cloughvoola Road near Waterville so that it can be repaired, improved and resurfaced-dressed during 1985.
Written Answers. - Kerry Road Grant.
549.
D'íoc mo Roinnse breis agus £12,000 le Comhairle Chontae Chiarraí ó 1973 i leith chun feabhas a chur ar an mbóthar sin. Nuair a ceadaíodh an deontas is déanaí, 10 Samhain 1981, ba ar an gcoinníoll é go nglacfadh an Chomhairle Chontae cúram cothabhála an bhóthair uirthi féin.
Níl airgead ag mo Roinnse i mbliana le caitheamh ar an mbóthar sin ach b'fhéidir go bhféadfadh an Chomhairle Chontae é a dheisiú.