Faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, féadfaidh an Rialtas ó am go ham le hordú a chinneadh gur limistéir Ghaeltachta limistéir shonraithe, is limistéir ar Ghaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus limistéir ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad a áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhnú agus a leathadh mar ghnáth-urlabhra. Rinneadh ceithre ordú den chineál sin, i.e., Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956, 1967, 1974 agus 1982.
Aithnítear go coitianta nach bhfuil labhairt na Gaeilge, mar ghnáth-urlabhra nó mar ghnáthmheán chumarsáide, chomh folláin nó chomh forleathan agus ba mhaith linn í a bheith sa Ghaeltacht ina hiomláine. Tá sí beo bríomhar mar theanga pobail i go leor ceantar, áfach, agus níor chóir bheith éadóchasach faoina todhchaí. Caithfear bheith ag brath cuid mhaith ar na pobail éagsúla chun an teanga a shlánú. Ar ndóigh ní mór tacaíocht chuí a bheith ar fáil ón Stát chomh maith leis an nGaeltacht a chaomhnú mar thobar ár dteanga agus ár n-oidhreachta agus is chuige sin a chuireann mo Roinn-se cúnamh ar fáil, trí scéimeanna éagsúla, agus trí Údarás na Gaeltachta, chun gach gné de shaol na Gaeltachta a fheabhsú ionas go mbeidh deiseanna leormhaithe ag a muintir chun fostaíocht shocrach a fháil agus caighdeáin réasúnta mhaireachtála a bheith acu.
Nuair a sonraíodh na limistéir oifigiúla i 1956 samhlaíodh go bhféadfaí an Ghaeilge a. chaomhnú sna ceantair ina raibh sí láidir ag an am sin agus í a thabhairt chun cinn de réir a chéile sna ceantair eile ina raibh sí lag mar ghnáth-urlabhra. Is cinnte go bhfuil cumas Gaeilge ag daoine sna ceantair laga agus leanfar le hiarrachtaí chun í a láidriú iontu. Ní dóigh liom go mbeadh sé praiticiúil nó tairbheach ag an bpointe seo, áfach, na limistéir a ath-tharraingt go hiomlán le freagairt go geografach amháin ar an staid reatha a mheastar atá ag an nGaeilge mar ghnáth-urlabhra sa Ghaeltacht nó lasmuigh di. B'fhearr i bhfad, dar liom, go leanfaí leis an obair spreagúil atá ar siúl ag mo Roinn-se agus ag Údarás na Gaeltachta laistigh den Ghaeltacht agus ag Bord na Gaeilge lasmuigh di, agus ag na heagrais dheonacha go léir a bhfuil obair thábhachtach ar siúl acu ag spreagadh agus ag gríosú pobal i dtreo polasaithe forbartha teanga.