Beidh aithint á thabhairt don Ghaeilge sa Choláiste Reigiúnach nua i dTamhlacht. Tá sé ar intinn go mbeidh sé de chúram reachtúil ar na coláistí réigiúnacha aird a thabhairt i gcónaí ar an aidhm náisiúnta i leith athbheochan na Gaeilge, faoi, réir reachtaíocht úr a bheidh á cur faoi bhraid an Oireachtais agam go luath. Tá an cúram reachtúil seo cheana féin ar Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais (NCEA).
Is iad bainistíocht an choláiste agus Chomhairle Náisiúnta na gCáiliíochtaí Oideachais (NCEA) a bheidh freagrach ar an gcéad dul síos as béim a leagan ar an nGaeilge agus ar a húsáid i gcúrsaí léinn agus i ngnáth imeachtaí an choláiste.
Caithfidh iarrthóirí ar phostanna múinteoireachta sa gcoláiste, an Ceard Teastas Gaeilge a bheith acu nó pas a fháil i scrúdú béil speisialta.