Caithfidh mé a rá i dtosach nach bhfuil aon bhaint ag mo Roinnse le reachtáil an chomórtais le haghaidh iontrála sna coláiste oideachais do bhunmhúinteoirí; is iad na coláistí féin a chuireann i bhfeidhm an fhoráil speisialta d'iarrthóirí ón nGaeltacht atá leagtha síos ag an Roinn Oideachais.
Tuigim gur iarr na coláistí ar iarrthóirí a rá an raibh siad ag cur isteach ar na háiteanna a bhí curtha i leataobh le haghaidh iarrthóirí ón nGaeltacht. Cuireadh sonraí na n-iarrthóirí sin chuig an Roinn Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta ansin, agus dheimhnigh an Roinn sin cé acu ar chomhlíon na hiarrthóirí i gceist na coinníollacha cuí, i.e. (i) an bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht a aithnitear go hoifigiúil agus (ii) an an Ghaeilge a ngnáth-theanga bhaile.