Dinny McGinley
Question:234 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais an bhfuil iarratas faighte ina Roinn maidir le hobair dheisiúcháin agus córas nua teasa do Scoil Náisiúnta Chaiseal na gCórr (Gort a Choirce) i nDún na nGall, cén dáta ar fritheadh an t-iarratas; an bhfuil sé á mheas faoi láthair; cad iad na hoibreacha atá i gceist agus an gceadófar deontais don obair phráinneach seo gan mhoill.