Tuigim go rí-mhaith na fadhbanna atá ag daoine óga sa Ghaeltacht maidir le tithe a thógáil dóibh féin. Tuigim chomh maith go bhfuil na fadhbanna céanna ann maidir le cúrsaí tithíochta ar fud na tíre.
Faoi mar is eol don Teachta, cheana féin tá deontas £4,000 ar fáil ó mo Roinnse faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) diarratasóirí cáilithe ón nGaeltacht mar chabhair chun teach cónaithe a thógáil dóibh féin. Sin £1,000 sa bhreis ar an ngnáthdheontas atá ar fáil sa chuid eile den tír. Ar ndóigh, tá deontas £12,000 ar fáil sna hoileáin Ghaeltachta.
Tá Bille leasaithe á ullmhú ag mo Roinnse faoi láthair gurb é ceann dá chuid aidhmeanna na solúbthacht a thabhairt do mo Roinnse chun freastal ar na riachtanais dhifriúla tithíochta sa Ghaeltacht de réir mar a éiríonn siad de dheasca cúinsí soisialta agus eacnamúla.
Is féidir liom deimhniú freisin go bhfuil an cheist seo pléite agam le hÚdarás na Gaeltachta agus tuigtear dom go bhfuil siad i dteagmháil le roinnt eagraíochtaí pobail Gaeltachta faoi.