Tá céibh Heilbhic aitheanta ag mo Roinnse mar cheann de na céibheanna stráitéiseacha atá beartaithe a fhorbairt le linn tréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006.
Cheadaigh mo Roinn-se deontas £66,000 do Chomhairle Contae Phort Láirge anuraidh le cur ar a gcumas comhairleóirí a fhostú chun staidéir féidearthachta a dhéanamh ar an gcéibh. A luaithe agus a bheidh toradh an staidéir féidearthachta seo ar fáil déanfar an cás a mheas tuilleadh.
Ní miste dom a rá go bhfuil deontais de £28,425 san iomlán íoctha ag mo Roinn le Comhairle Contae Phort Láirge idir 1998 agus 2000 chun oibreacha áirithe feabhsúcháin a chur i gcrích ag an gcéibh seo. Anuas ar na deontais sin, ceadaíodh deontas £1,050 don chomhairle contae i mbliana chun dhá dhreimire a chur ag an tonnchosc ar an gcéibh.