Is é tá ar aigne agamsa ná go bhfaghaimís eolas, sar a gcríochnaímid leis na trí hailt seo, an bhfuil sé beartaithe in aigne an Aire nó ag an Aireacht go mbeidh na hainmneacha Gaeilge i gceist á bhfeimiú ina dhlí. B'fhéidir na fuil in aigne an Aire go mbeidh an scéal mar sin agus muna bhfuil, scaoil-fidh mé leis. Ba mhaith liom deimh-niú d'fháil cé acu mar seo nó mar siud atá.
Maidir leis na hainmneacha Gaeilge, is deacar faoi láthair an dlí a aimsiú cad é an t-údarás atá ann chun ainm Gaeilge, nach raibh go dtí seo ina hainm oifigiúil, a chur i bhfeidhm mar ainm oifigiúil nó a tharaingt in úsáid oifigiúil. Tá, ámhach, réamhnós ann cheana liost ainmneacha na mbailte bpoist ag Aireacht an Phoist d'úsáid go hoifigiúil. Sa tslí chéanna, tá liost, do réir mar thuigim, ag an Roinn Dlí agus Cirt—liost ainmneacha bailte fearann, bailte cúirte agus a leithéid eile. Ní léir dom cad é an t-údarás atá leo sin.
Má tá an t-údarás chun iad sin d'úsáid go hoifigiúil ann fós, is dócha go bhféadfadh an Rialtas anois féin feidhm do bhaint as an údarás san chun dul ar aghaidh le húsáid na n-áit-ainm Gaeilge in gnóthaí eile, go mór mór in gnóthaí agus i bhfeidhmiú an Rialtais áitiúil. Ach, mar adúrt, ní heol dom go bhfuil cinnteacht an údaráis sin againn, agus ní léir go dtuigeann an Aireacht Rialtais Áitiúil go bhfuil sin ann. Caithfidh mé féin a admháil nach ró léir a thuigim an bhfuil an t-údarás ann fé láthair, nó, má tá, cad as a dtagann sé.
Ní hionann an saghas ainmneacha atá i gceist fé Altana 74 agus 75, ar thaobh—bailte fearann, sráidbhailte catharacha agus a leithéid—agus na hainmneacha atá i gceist fé Alt 76— sráideanna istigh i mbailte móra, —ar an dtaobh eile. I gcás bailte fearainn agus seanranna tíre, tá ainmneacha orthu sin le céata agus le mílte blian, gur féidir 95 fén gcéad acu d'aimsiú agus a dheimhniú le cinnteacht fós. Is iad sin fíor-ainmneacha cearta na n-áite-anna san, agus is iad sin ba chóir a bheith ina ainmneacha oifigiúla i ngnóthaí agus i bhfeidhmiú dlí agus rialú Stáit. Ní minic a bhíonn athrú ar aon ainm acu san i gceist; agus ní minic a bheidh iarracht dhá thabhairt chun aon ainm nua do chur in ionad aon chinn acu. Is siad na bailte agus na fearanna san go bhfuil na hainmneacha cinnte cearta ó shinsearacht orthu atá uaimse ná measfaí iad mar ainmneacha nua nó athrú ar ainmneacha i bhfeidh-miú an dá Alt seo 74 agus 75.
Má meastar mar sin iad—má meastar gur ainmneacha nua Portláirge, Corca Dhuibhne, Baile Átha Cliath nó Dubhlinn, mar ba chóir a bheith ar an gcathair seo, nó Muigheo nó An Uaimh—is breallach, amadántúil an gnó atá ghá bheartú againn fén dlí nua seo. Ní dóigh liom gur ceart dlí a dhéanamh chun gnó amadáin den tsaghas san a chur ar bun; agus i mo thuairimse is gnó breallach gan chiall a bheith ag achtú go gcaithfear dul ag lorg vótaí an 4/7ú de lucht díolta rátaí ins an gceanntar sin, chun ainm ceart stairiúil na gceanntair do chur in úsáid go hoifigiúil arís.
Tá súil agam go dtiocfaidh an lá go mbeidh sé de mhisneach ag an Oireach-tas a ordú gurb iad na hainmneacha Gaeilge san—na hainmneacha cearta ar na háiteanna uile ar fud na tíre—a chur ar aithint do réir dlí agus ná beimíd lagfáiseach, lagbheartach agus táimid faoi láthair i dtaobh an ghnótha san. Ba mhaith liom go seachnaimis go gcaithfí dul tríd na casáin trioblóid-eacha seo, agus 4/7 plus duine d'fháil chun ainm do cheartú i ngach ceann den cheithre fichid míle bailte fearainn atá in Éirinn. Ba mhaith liom go bhfuighfí tuairim an Aire ar na nithe sin, agus ná beiminne ag ceapadh dlí chun an obair a dhéanamh níos deacra —rud atáimíd a dhéanamh anois.
Sompla ba mhaith liom a luadh de rud a tharlódh mara dtugtar aithint dlí do áit-ainmneacha Gaeilge. Má cheapann Comhairle Contae Chiar-raighe gur cóir dóibh feidhmiú a gcuid gnótha a dhéanamh trí Ghaeilge agus i bhfeidhmiú an ghnó sin go gcuirfidís éileamh ar rátaí go Baile an Teampuill. Dún Chaoin, Corca Dhuibhne, bhfuil aon deimhniú anois ann, nó an mbeidh faoin Acht seo, go bhféadfadh duine b'fhéidir a phlé i gcoinne na Comhairle Contae nár sheirbhís cheart ar éileamh na rátaí é sin toisc na hainmneacha bheith i Gaeilge. An dtarlóchadh san?
Ba cheart go mbeadh sé níos cirte ar fad na hainmneacha Gaeilge d'úsáid ná na hainmneacha a tháinig isteach le Cromaill agus Éilís agus tiarnaí talún Gallda. Ba cheart an doras a choimeád ar oscailt in ionad a bheith á dhúnadh, agus an chuspóir sin ceartú ar gcuid log-ainmneach a bheith glan in ár n-aigne nuair a thiocfas os ár gcomhair aon Bhille a bhfuil baint aici le hainmneacha áiteanna.
It would appear from our examination of this matter so far that what is most in the minds of the people as being involved is the Irish language form of place-names as distinct from the English official, bowdlerised form of place names all over the country. I am not concerned about street names. In referring to this, my purpose is to get information and to find out from An tAire whether it is contemplated that the Irish language form of place names, which place names and which form are in 95 or 98 cases out of 100 the correct historical, topographical, philological form of the names, is involved in this question of getting the sanction of four-sevenths, plus one, of the people to agree that they should be used. That is the matter on which I should like to get information from the Minister so that our discussion might be clearer. What I want to avoid is there being any new legislation which would put a difficulty in the way of bringing these place names into official use, a thing which should have been done 25 years ago, if we had the courage or the foresight to tackle the matter then. It is time that we did it and we should not involve ourselves in legislation which will put difficulties in the way.