Skip to main content
Normal View

Clár na dToghthóirí.

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 April 2007

Tuesday, 24 April 2007

Questions (51)

Aengus Ó Snodaigh

Question:

72 D’fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar chóir go mbeadh sráidaimneacha agus logaimneacha eile dátheangach ar a laghad i gClár na dToghthóirí agus an raibh aon teagmháil idir é féin, oifigigh a Roinne agus an tAire Comhshaoil nó oifigigh ón Roinn úd maidir leis an cheist seo. [14963/07]

View answer

Written answers

Cé go mbíonn teagmháil rialta agam le mo chomhghleacaithe Rialtais, tuigfidh an Teachta nach bhfuil aon fhreagracht ormsa mar Aire i ndáil le Clár na dToghthóirí. Is gnó é seo a bhaineann leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.

Top
Share