Skip to main content
Normal View

Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste Íocaíochtaí

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 December 2014

Tuesday, 2 December 2014

Questions (258)

Éamon Ó Cuív

Question:

258. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste do 2009, 2010 agus 2011 agus faoin Scéim Íocaíochta Aonair do 2009, 2010, 2011, 2012, 2013 agus 2014 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo), cén fáth a bhfuil moill ar na híocaíochtaí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [45829/14]

View answer

Written answers

Fuair mo Roinn Probháid an duine éagtha le déanaí agus eiseofar aon íocaíochtaí amuigh chomh luath agus is féidir. Eisíodh íocaíocht dlite faoi Scéim na hAoníocaíochta agus faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2009 chuig an duine éagtha. Tá íocaíocht dlite d’eastát an duine éagtha maidir le 2010 agus 2011 agus chuig na daoine ainmnithe maidir leis na blianta ina dhiaidh sin.

Top
Share