Skip to main content
Normal View

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 10 February 2015

Tuesday, 10 February 2015

Questions (152)

Éamon Ó Cuív

Question:

152. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén treoir atá tugtha aici maidir le leibhéal na haerseirbhíse chuig Oileáin Árann sa chonradh nua atá le teacht i bhfeidhm an fómhar seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [5457/15]

View answer

Written answers

Níl cinneadh críochnúil tógtha go fóill maidir leis an gconradh úr don tseirbhís aeir d'Oileáin Árann. Mar is eol don Teachta, d’fhostaigh mo Roinn na comhairleoirí EY chun athbhreithniú a dhéanamh ar an tseirbhís aeir agus foilsíodh tuarascáil chuimsitheach anuraidh ina raibh moltaí éagsúla ann. Tógfar moltaí na tuarascála san áireamh agus leibhéal na haerseirbhíse á shainiú sna doiciméid tairisceana.

Top
Share