Cé nach mbeidh an scrúdú béil roghnach sa Ghaeilge ar fáil a thuilleadh agus nach bhfuil sé i gceist an cinneadh seo a athrú. Tá sé den tábhacht a rá gur cuid dhílis den eispéireas foghlama teanga iomlán é measúnacht scileanna teanga ó bhéal agus déanfar i roinnt slite éagsúla í i sonrúcháin nua na Sraithe Sóisearaí. De bhreis ar réimse tascanna a chríochnú ina bhfuil ar na daltaí úsáid a bhaint as a gcuid scileanna teanga ó bhéal agus iad a thaispeáint chun na torthaí foghlama sonraithe a bhaint amach, déanfar measúnacht fhoirmiúil ar scileanna teanga ó bhéal i Measúnacht Seomra-ranga-bhunaithe (CBA) 2 sa tríú bliain. Nascfar an tasc seo le malartuithe sa seomra ranga a bhíonn ar siúl go leanúnach. Dá bhrí sin beidh sé ina léiriú níos údaraí ar shuimeanna agus leibhéil chumais na ndaltaí. Lena chois sin is féidir leis na daltaí téacsanna a chur san áireamh a léiríonn a gcuid scileanna teanga ó bhéal chun críocha Measúnacht Seomra-ranga-bhunaithe (CBA) 1 - Portfóilió Foghlama. Sonraítear anseo go gcaithfidh mír amháin a bheith sa phortfóilió atá bunaithe ar fhuaim/físeán. D’fhéadfadh léiriú, óráid nó dán a bheith i gceist leis seo.