Molaim Ceisteanna Uimh. 298 agus 361 a fhreagairt le chéile.
Tá an próiseas ó thaobh Ard-Rúnaí nua a earcú á stiúradh ag an gCoiste um Cheapacháin Ardleibhéil. Tá an sainchuntas ar an bpost seo bunaithe ar chreat inniúlachta an Choiste um Cheapacháin Ardleibhéil chun Ard-Rúnaithe sa Státseirbhís a cheapadh.
Beidh an té a cheapfar mar Ard-Rúnaí freagrach as bainistiú agus ceannaireacht a dhéanamh ar mo Roinnse. Leagtar amach i gClár an Rialtais agus i Ráiteas Straitéise mo Roinne na gealltanais i ndáil leis an nGaeilge sa chóras oideachais agus beidh mé ag obair le pé duine a roghnófar mar Ard-Rúnaí d'fhonn an cúram seo a chur ar aghaidh agus chun tacú le Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge a chur i ngníomh.