I propose to take Questions Nos. 405, 407, 409 and 410 together.
Tá sé i gceist agam PQ 5951, 5953, 5955 & 5956 a thógáil le chéile.
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta, de réir mhír 7 de chiorclán 0052/2019 (Bunscoileanna) agus mír 8 de chiorclán 0053/2019 (Iar-bhunscoileanna), ina ndeirtear go ndéanfar “athbhreithniú tosaigh ar fhorfheidhmiú an Chiorcláin tar éis an chéad dá bhliain dá chur i bhfeidhm agus go tréimhsiúil ina dhiaidh sin ”, go bhfuil tús curtha ag an Roinn le hathbhreithniú dá leithéid agus go bhfuil an t-athbhreithniú seo ag céim luath.
Beidh an Teachta ar an eolas gur tháinig Ciorcláin 0052/2019 agus 0053/2019 in ionad ciorcláin roimhe sin a rialaíonn díolúine do scoláirí ó staidéar na Gaeilge agus a chuireann treoir ar fáil do scoileanna nuair a bhíonn iarratais ar dhíolúine á mbreithniú acu ó thús na bliana acadúla 2019. Bhí na ciorcláin bunaithe ar thaighde a rinne Cigireacht na Roinne Oideachais agus ar phróiseas comhairliúcháin poiblí ónar tháinig líon freagairtí nach bhfacthas a leithéid cheana, le 11,109 duine aonair ag roinnt a dtuairimí i suirbhé ar líne agus 24 eagraíocht agus 125 duine aonair ag soláthar aighneachtaí i scríbhinn.
In 2019, d’fhoilsigh Cigireacht na Roinne Oideachais Tuarascáil Taighde:
Athbhreithniú ar Bheartas agus Cleachtas maidir le Díolúintí ó Staidéar na Gaeilge www.gov.ie/pdf/30515/ in 2019 mar aon leis an Tuarascáil ar an gComhairliúchán Poiblí ar dhíolúintí ó bheith ag déanamh staidéir ar an nGaeilge www.gov.ie/pdf/47023/ and agus tá an da dhoiciméad ar fáil go fóill don phobal.
Bhí Ciorcláin 0052/2019 agus 0053/2019 bunaithe freisin ar pholasaí na Roinne ar riachtanais speisialta oideachais agus ar fhoghlaim teangacha. Tá athbhreithniú cuimsitheach déanta le blianta beaga anuas ar churaclaim Gaeilge na bunscoile agus na hiar-bhunscoile. Tar éis taighde fairsing agus próisis chomhairliúcháin láidre a dhéanamh, tugadh isteach, ó Mheán Fómhair 2019, Curaclam Teanga na Bunscoile/Primary Language Curriculum (CTB/PLC) nua do gach céim sa bhunscoil. Is curaclam teanga comhtháite é an CTB/PLC agus is do mhúinteoirí é a bhfuil leanaí de gach cumas i ngach comhthéacs scoile – scoileanna atá ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla, scoileanna Gaeltachta, scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna speisialta – faoina gcúram. Aithníonn agus tacaíonn an curaclam le rannpháirtíocht daltaí le Gaeilge agus Béarla ag céimeanna agus luasanna éagsúla le linn a dturas foghlama teanga. Soláthraíonn na Contanaim Dul Chun Cinn i gCuraclam Teanga na Bunscoile creat do mhúinteoirí chun céim forbartha teanga an dalta a aithint agus chun idirghabhálacha a phleanáil a thacaíonn le forbairt scileanna agus inniúlachtaí teanga Gaeilge agus Béarla ar bhealach comhtháite, ina gcruthaítear naisc trasna agus laistigh de na teangacha agus ina n-éascaítear aistriú scileanna idir teangacha. Don chéad uair, in 2017, tugadh isteach sonraíochtaí idirdhealaithe (T1 agus T2) don Ghaeilge sa tSraith Shóisearach. Cruthaíonn cur chuige na dtorthaí foghlama atá leagtha amach sa CTB agus i sonraíochtaí na sraithe sóisearaí an-solúbthacht ar fad chun tacú le cur chuige idirdhealaithe i leith forbairt scileanna Gaeilge gach dalta lena n-áirítear iad siúd a chláraíonn ó thar lear. Níl aon phleananna ag an am seo chun aon soláthar eile curaclaim a dhéanamh don Ghaeilge. In ainneoin sin, aithnítear sna Ciorcláin go mbíonn cúinsí eisceachtúla ann inar féidir díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú do scoláire. Tá na cúinsí eisceachtúla sin leagtha amach i Mír 2.2 den Chiorclán ábhartha.
Mar a tharlaíonn nuair a thugtar isteach aon athrú curaclaim, rinneadh cláir forbartha gairmiúla fairsinge agus leanúnacha a fhorbairt chun tacú le múinteoirí an CTB agus na sonraíochtaí nua do Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí a chur i bhfeidhm. Déanann seirbhísí tacaíochta múinteoirí na roinne aiseolas a éileamh ó mhúinteoirí ar bhonn leanúnach lena chinntiú go bhfreastalaítear ar na riachtanais forbartha gairmiúla atá acu.
Ar aon dul le polasaithe eile na roinne i réimse riachtanais speisialta oideachais, tá na ciorcláin ar dheonú díolúintí ó staidéar na Gaeilge tar éis bogadh ó shamhail dhiagnóiseach catagóiriúil chuig samhail riachtanais-bhunaithe. Mar shampla, ní gá anois tuairisc shíceolaíoch nó triail éirime a chur ar fáil agus ní hiad tuarascálacha seachtracha ná tástálacha an príomhdhoiciméad tacaíochta chun díolúine ó staidéar na Gaeilge a dheonú atá mar chúram don scoil.