Skip to main content
Normal View

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 12 October 2022

Wednesday, 12 October 2022

Questions (84)

Mairéad Farrell

Question:

84. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Oideachais cén uair a thabharfar cead do scoil (sonraí curtha ar fáil) chun conraitheoir a fhostú faoin Scéim um Chóiríocht Bhreise; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [50435/22]

View answer

Written answers

Rinneadh athbhreithniú ar an tuarascáil tairisceana don tionscadal seo sa Roinn. Bhí an t-athbhreithniú ar an tuarascáil seo casta mar gur iarr an scoil go gcuirfí isteach tairiscintí roinnt míonna sular údaraíodh an cead chun leanúint ar aghaidh.

Tá an Roinn ag breathnú ar na castachtaí sin a réiteach chomh tapa agus is féidir. I dtaca leis seo, rinneadh teagmháil leis an scoil agus tá dul chun cinn an tionscadail ag brath faoi láthair ar fhreagra ó údarás na scoile.

Top
Share